Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ríoghacht na bhFear gCalma.
Title
Ríoghacht na bhFear gCalma.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÍOGHACHT NA bhFEAR gCALMA. “OISÍN MAC FHINN” do scríbh. Tráth de sna tráthannaibh, lá de sna laetheantaibh, uair de sna huaireantaibh, bhí Fionn Mac Cumhaill agus a mhór-shluaighte ag imirt báire i dTráigh Tharmain i n-aice le Doire Fhionáin i gCiaraighe na bhfear bhfial. Do chonncadar chúcha na trí gais- cidhigh ag teacht an fhairrge aniar, an tráigh rómpa agus an líonadh 'n-a ndiaidh. Stadadar den bháire agus dheineadar árd- iongnadh dhíobh. Dubhairt Fionn leis an bhFéinn: “Raghad-sa ag cainnt leó agus beidh fhios agam cad é an saghas iad.” Do bheannuigh sé dhóibh agus do bheannuigh- eadar don leanbh. D'fhiafruigh sé dhíobh ca raibh a dtriall. Dubhradar gur bh'é Fionn Mac Cumhaill ó Éirinn do bhí uatha, chum é bhreith go Ríoghacht na bhFear gCalma, chum go marbhóghadh sé piast do bhí chum inghine an Ríogh do shlugadh ar maidin lae Bheal- taine chúcha. “Comhairle mhaith do bheirim díbh gan aon bhaint do bheith agaibh leis siúd, mar ní'l aon ghnó agaibh 'n-a dhiaidh,” arsa Fionn leó. Dubhradar leis go raibh draoidheacht ortha féin agus nach marbhóghadh an Fhiann go léir iad. Tharraing Fionn amach a chlaidheamh. “Tabhair dham tréail, agus beidh fhios agam an ndéanfaidh sibh aon lámh de.” An chéad ghaiscidheach dubhairt sé nár bhain sé dhe acht uaisde. Dubhairt an tarna duine: “I mbasa, a leinbh, gur ghortuighis mé.” Scread an tríomhadh duine: “Mara mbeadh do lag- uigheacht, a leinbh, do bhainfinn díot, i mbriathar, an ceann ón gcolainn.” Annsin d'fhiafruigheadar de an raibh fhios aige cár lonnuigh Fionn Mac Cumhaill agus
Fianna Éireann. D'fhreagair Fionn go rabhadar i gCúige Uladh mí roimis sin go háirithe, agus “tabhairidh bhur lámh dheas leis an bhfairrge theas mór-thimcheall, agus ní fuláir nó go mbuailfidh siad libh.” Thug- adar a n-aighthe ó thuaidh, agus as leó. Annsoin do ghléas Fionn an Bhreac-chuach, .i. a árthach. D'fhág sé Oisín mar cheann- urradh ar an bhFéinn. Níor thug sé leis acht Bran amháin, & chuaidh sé [leis] fé dhéin Ríoghachta na bhFear gCalma. Lean sé rian na ngaiscidheac thar fairrge, mar bhí an cubhrán geal n-a ndiaidh, dheineadar an méid sin fuirse. Níor bh'fhada bhí sé ar fairrge gur bhuail sé port i n-áit nach raibh tonn dá bualadh, gaoth dá luascadh, ná grian dá grian-scolthadh. D'imthigh sé tríd an ríoghacht agus bhuail leis ceithearnach agus thóg seisean Fionn mar dhalta leinbh, agus cuir sé é ar scoil ag foghluim léighinn. Gach lá nuair a bhíodh sé ag teacht ó scoil do ghortuigheadh sé agus do mhasluigheadh sé agus do chaitheadh sé i bpoll móna ceann de sna scoláiríbh. Gireánadh é le n-a athair, agus bhí eagla air é leigint amach thar dorus ar feadh tamaill mhaith 'n-a dhiaidh. Tráthnóna mar seo bhí sé ag siubhal cois abhann. Chonnaic sé an bhean ag gol go bog. Dhruid sé fé n-a déin & d'fhiafruigh dhí fáth a guil. “Is beag an mhaitheas dam innsint duit, a leinbh.” “N'fheadaraís ciaca sin, a bhean mhaith,” arsa Fionn léi. “Tá trí braonacha fola ins an léine seo agam dhá nighe agus ní'l aon nídh chun iad do bhaint amach acht an t-uisce leigint tré fháinne atá ar mhéir mheadháin láimhe Fhinn Mhic Chumhaill ó Éirinn; agus muna mbainfear amach iad roimh lá Beal- taine caillfead-sa an ceann.” D'fhiafruigh Fionn dí an raibh aon dul aici ar ghreim do bhreith ar Fhionn. Dubhairt sí go raibh a triúr dearbhráithreach féin imthighthe fé n-a dhéin. “Má fhaghain-se uait fios cá bhfuil brait draoidheachta an trír do chuaidh go hÉire fé dhéin Fhinn Mhic Chumhaill, bainfead- sa amach dhuit na braonacha.” “Más, a leinbh, ní tusa Fionn Mac Cumhaill?” Leis sin do bhain sé amach an fáinne dá mhéir, do leig an t-uisce tríd, & do bhain amach aon bhraon amháin. Dubhairt sí annsoin leis go rabhadar fé chúinne soir-ó-dheas na cúirte, agus a n-ainm is a sloinne ortha, acht nach raibh dul ar iad d'fhagháilt gan chead na péiste gránna. Nuair a gheobhadh sé iad a n-ainm agus a sloinne do léigheadh amach, agus ná beadh neart ionnta acht ar nós fear an chnuic. Bhain sé amach an dhá bhraoin eile dhí, agus do shábháil sé a ceann. Bhí maidin lae Bealtaine ag déanamh air, agus inghean an ríogh 'ge san (=ag an) bpéist le slugadh. D'iarr sé cead ar a athair an raghadh sé ag féachaint ar an bpéist. Thug an t-athair dó cead, acht amháin go gcaithfeadh sé fanamhaint taobh thiar den chruinniughadh ar eagla go n-aithneóghadh éinne aca é. “Óir a leinbh,” ar seisean, “tá fhios agat gur chuiris go ríoghacht an bháis mórán de leanbhaíbh Ríoghachta na bhFear gCalma.” D'imthigh sé go dtí an Bhreac-chuach ar dtúis, agus chuir sé air a chulaith airm is éide, agus d'innis sé an scéal ó thúis go deire do Bhran, agus rug leis í. Nuair d'aimsigh sé an tráigh bhí inghean an ríogh ceangailte ar pholla chum an phiast dá slugadh. Is gearr gur thóg an phiast i n-áirde a ceann & dubhairt: “Is beag an mhaitheas duit bheith annso, a Fhinn Mhic Chumhaill ó Éirinn.” “N'fheadaraís ciaca soin, a ablaigh ghránna péiste,” arsa Fionn.
Annsoin do dhruid [sé] amach & thóg léi cath agus tháinig Bran le n-a hearball. Bhí an cath ag dul go dian ar Fhionn ar dtúis, acht b'é deireadh thiar thall den scéal go ndeaghaidh an cath ar an bpéist & gur mhair- bheadar araon í. Nuair chuaidh an fhuil fén ngadhar, d'iom- puigh sí ar na daoinibh, agus chrom ar a marbhughadh. Dubharthas leis cosc do chur leis an ngadhar. Dubhairt seisean ná déanfadh go dtí go bhfaghadh sé na trí brait draoidheachta do bhí ag an triúr úd do chuaidh fé n-a dhéin go hÉire, & do ghríosuigh sé an gadhar ní ba mhó. Annsoin thug an rí dhó na brait, agus choisc sé an gadhar. Nídh nach iongnadh, bheir inghean an ríogh míle buidheachas le Fionn, agus mara mbeadh go raibh sí ró-mhór thabharfadh Fionn leis í go hÉire. D'fhágadar go léir slán ag Fionn agus go deimhin ní raibh aon bhrón ortha do bheith scartha le Fionn, óir bhíodar ar crith-eagla roimis. Chuaidh sé féin is Bran fé dhéin na Breac- chuacha. Thógadar a seóla bogóideacha go barraibh na gcrann, & as leo go hÉire. Níor stad sé gur dhein sé amach Baile Chairbre, mar a raibh an Fhiann go léir ag imirt báire i gcoinne na dtrí gaiscidheach. Bhíodar is Conán Maol ag tabhairt droch- aighnis dá chéile, is Conán Maol taobh thiar d'Oscar. Nuair chonncadar Fionn rithea- dar 'n-a choinnibh; bheireadar air agus dheineadar é cheangailt; agus dubhradar go gcaithfeadh sé dul leó go Ríoghacht na bhFear gCalma. Líon an Fhiann n-a dtim- cheall. Shín Fionn amach na brait draoidh- eachta do Dhiarmaid Ó Duibhne is do Chaoilte Mac Rónáin. Léigheadar ainm is sloinne an trír, agus chailleadar a dtréan-neart, is ní raibh ionnta aon mhaitheas acht ar nós fear an chnuic. Choimeád sé iad 'n-a sclábhaidhthe i n-oileán na Scairbhe i n-a bhfuaradar bás, agus i n-a bhfuil a n-uaigh le feicsint go dtí an lá so. Gluais. Tráth do sna tráthannaibh, one of the times, In Munster the forms do sna, de sna, le sna, etc., are those in general use. Ag imirt báire, hurling. Tráigh Tharmain, is a little strand near Derrynane, in Kerry. It is never disturbed by waves, being pro- tected by a natural breakwater; hence its name, tarmon = peace. Doire Fhionáin, Derrynane. Chucha, coming towards them. An fhairrge aniar, along the sea from the west. Tráigh rompa, the ebb before them and the flow behind them. Cá raibh a dtriall, where were they bound for. Piast, monster. 'n-a dhiaidh, following him. Tréail, a trial. An ndéanfaidh sibh aon lámh de, whether you will succeed with him. Uaisde, shake (?) Do laguigheacht, weakness of frame. Lonnuigh, dwell. Ní fuláir nó go, you cannot escape meeting with them. As leó, away they went. Breac-chuach, speckled cuckoo; an expressive name for a ship. Árthach, -aigh, pl. -aighe, a vessel, ship. Ceann-urradh, chief, captain. Fuirse, strife, struggling. Ceithearnach, a “kerne,” soldier. Dalta leinbh, a foster-child. Do mhasluigheadh sé, he used to upbraid. Gireánadh é, gearánadh, he was complained about. N'fheadaraís ciaca sin, 'you do not know whether or which'; how do you know. Braonacha, pl. of braon, a drop. Méar mheadháin, the middle finger. An raibh aon dul aici ar, had she any way of getting at. Trír, gen. of triúr. Más, imás, indeed. Cúinne soir-ó-dheas, the south-east corner. Nuair gheobhadh sé iad, when he would find them .i. the gaiscidhigh. Fear an chnuic, man of the hill, hillsider. Go n-aithneóghadh, that anybody would recognise him.
A chulaith airm is éide, his armour and battle-suit. D'aimsigh sé, he made out, came to. Polla, a pole, stick. Ablach, carcase, carrion. Thóg léi cath, gave it battle. Piast is fem. Ag dul ar Fhionn, going against Fionn. B'é deireadh thiar thall, the end of the … An fhuil fén ngadhar, when the dog scented the blood. Dubhrathas leis, he was told; past auton. Do ghríosuigh sé, he incited. Choisc sé an gadhair, he checked the dog. Bheir, gave; the present used for the past. Scartha le Fionn, rid of Fionn. Ar crith-eagla, in dread. Dhein sé amach, he made out. Baile Chairbre, Ballycarbery, near Cahirciveen. Ag tabhairt droch-aighnis, giving uncivil talk. Dheineadar é cheangailt, they bound him. Líon, collected around them. Sclábhuidhthe, slaves. Oileán na Scairbre, Scariff Island, at the mouth of Derrynane Harbour. —
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services