Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ríoghacht na bhFear gCalma.

Title
Ríoghacht na bhFear gCalma.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

RÍOGHACHT NA bhFEAR gCALMA.



“OISÍN MAC FHINN” do scríbh.



Tráth de sna tráthannaibh, lá de sna
laetheantaibh, uair de sna huaireantaibh, bhí
Fionn Mac Cumhaill agus a mhór-shluaighte
ag imirt báire i dTráigh Tharmain i n-aice
le Doire Fhionáin i gCiaraighe na bhfear
bhfial. Do chonncadar chúcha na trí gais-
cidhigh ag teacht an fhairrge aniar, an
tráigh rómpa agus an líonadh 'n-a ndiaidh.
Stadadar den bháire agus dheineadar árd-
iongnadh dhíobh. Dubhairt Fionn leis an
bhFéinn: “Raghad-sa ag cainnt leó agus
beidh fhios agam cad é an saghas iad.”



Do bheannuigh sé dhóibh agus do bheannuigh-
eadar don leanbh. D'fhiafruigh sé dhíobh ca
raibh a dtriall. Dubhradar gur bh'é Fionn
Mac Cumhaill ó Éirinn do bhí uatha, chum é
bhreith go Ríoghacht na bhFear gCalma, chum
go marbhóghadh sé piast do bhí chum inghine
an Ríogh do shlugadh ar maidin lae Bheal-
taine chúcha.



“Comhairle mhaith do bheirim díbh gan aon
bhaint do bheith agaibh leis siúd, mar ní'l aon
ghnó agaibh 'n-a dhiaidh,” arsa Fionn leó.
Dubhradar leis go raibh draoidheacht ortha
féin agus nach marbhóghadh an Fhiann go léir
iad.



Tharraing Fionn amach a chlaidheamh.
“Tabhair dham tréail, agus beidh fhios agam
an ndéanfaidh sibh aon lámh de.” An chéad
ghaiscidheach dubhairt sé nár bhain sé dhe acht
uaisde. Dubhairt an tarna duine: “I mbasa,
a leinbh, gur ghortuighis mé.” Scread an
tríomhadh duine: “Mara mbeadh do lag-
uigheacht, a leinbh, do bhainfinn díot, i
mbriathar, an ceann ón gcolainn.”



Annsin d'fhiafruigheadar de an raibh fhios
aige cár lonnuigh Fionn Mac Cumhaill agus


L. 204


Fianna Éireann. D'fhreagair Fionn go
rabhadar i gCúige Uladh mí roimis sin go
háirithe, agus “tabhairidh bhur lámh dheas
leis an bhfairrge theas mór-thimcheall, agus
ní fuláir nó go mbuailfidh siad libh.” Thug-
adar a n-aighthe ó thuaidh, agus as leó.



Annsoin do ghléas Fionn an Bhreac-chuach,
.i. a árthach. D'fhág sé Oisín mar cheann-
urradh ar an bhFéinn. Níor thug sé leis
acht Bran amháin, & chuaidh sé [leis] fé dhéin
Ríoghachta na bhFear gCalma. Lean sé
rian na ngaiscidheac thar fairrge, mar bhí
an cubhrán geal n-a ndiaidh, dheineadar an
méid sin fuirse. Níor bh'fhada bhí sé ar
fairrge gur bhuail sé port i n-áit nach raibh
tonn dá bualadh, gaoth dá luascadh, ná
grian dá grian-scolthadh.



D'imthigh sé tríd an ríoghacht agus bhuail
leis ceithearnach agus thóg seisean Fionn
mar dhalta leinbh, agus cuir sé é ar scoil
ag foghluim léighinn. Gach lá nuair a bhíodh
sé ag teacht ó scoil do ghortuigheadh sé
agus do mhasluigheadh sé agus do chaitheadh
sé i bpoll móna ceann de sna scoláiríbh.
Gireánadh é le n-a athair, agus bhí eagla
air é leigint amach thar dorus ar feadh
tamaill mhaith 'n-a dhiaidh.



Tráthnóna mar seo bhí sé ag siubhal cois
abhann. Chonnaic sé an bhean ag gol go
bog. Dhruid sé fé n-a déin & d'fhiafruigh
dhí fáth a guil. “Is beag an mhaitheas dam
innsint duit, a leinbh.”



“N'fheadaraís ciaca sin, a bhean mhaith,”
arsa Fionn léi. “Tá trí braonacha fola
ins an léine seo agam dhá nighe agus ní'l aon
nídh chun iad do bhaint amach acht an t-uisce
leigint tré fháinne atá ar mhéir mheadháin
láimhe Fhinn Mhic Chumhaill ó Éirinn; agus
muna mbainfear amach iad roimh lá Beal-
taine caillfead-sa an ceann.” D'fhiafruigh
Fionn dí an raibh aon dul aici ar ghreim do
bhreith ar Fhionn. Dubhairt sí go raibh a
triúr dearbhráithreach féin imthighthe fé n-a
dhéin. “Má fhaghain-se uait fios cá bhfuil
brait draoidheachta an trír do chuaidh go
hÉire fé dhéin Fhinn Mhic Chumhaill, bainfead-
sa amach dhuit na braonacha.” “Más, a
leinbh, ní tusa Fionn Mac Cumhaill?” Leis
sin do bhain sé amach an fáinne dá mhéir, do
leig an t-uisce tríd, & do bhain amach aon
bhraon amháin. Dubhairt sí annsoin leis go
rabhadar fé chúinne soir-ó-dheas na cúirte,
agus a n-ainm is a sloinne ortha, acht nach
raibh dul ar iad d'fhagháilt gan chead na
péiste gránna. Nuair a gheobhadh sé iad a
n-ainm agus a sloinne do léigheadh amach,
agus ná beadh neart ionnta acht ar nós
fear an chnuic. Bhain sé amach an dhá
bhraoin eile dhí, agus do shábháil sé a ceann.
Bhí maidin lae Bealtaine ag déanamh air,
agus inghean an ríogh 'ge san (=ag an)
bpéist le slugadh.



D'iarr sé cead ar a athair an raghadh sé
ag féachaint ar an bpéist. Thug an t-athair
dó cead, acht amháin go gcaithfeadh sé
fanamhaint taobh thiar den chruinniughadh ar
eagla go n-aithneóghadh éinne aca é.



“Óir a leinbh,” ar seisean, “tá fhios
agat gur chuiris go ríoghacht an bháis mórán
de leanbhaíbh Ríoghachta na bhFear gCalma.”



D'imthigh sé go dtí an Bhreac-chuach ar
dtúis, agus chuir sé air a chulaith airm is
éide, agus d'innis sé an scéal ó thúis go
deire do Bhran, agus rug leis í.



Nuair d'aimsigh sé an tráigh bhí inghean an
ríogh ceangailte ar pholla chum an phiast dá
slugadh.



Is gearr gur thóg an phiast i n-áirde a
ceann & dubhairt: “Is beag an mhaitheas
duit bheith annso, a Fhinn Mhic Chumhaill ó
Éirinn.” “N'fheadaraís ciaca soin, a
ablaigh ghránna péiste,” arsa Fionn.


L. 205


Annsoin do dhruid [sé] amach & thóg léi
cath agus tháinig Bran le n-a hearball. Bhí
an cath ag dul go dian ar Fhionn ar dtúis,
acht b'é deireadh thiar thall den scéal go
ndeaghaidh an cath ar an bpéist & gur mhair-
bheadar araon í.



Nuair chuaidh an fhuil fén ngadhar, d'iom-
puigh sí ar na daoinibh, agus chrom ar a
marbhughadh. Dubharthas leis cosc do chur
leis an ngadhar. Dubhairt seisean ná
déanfadh go dtí go bhfaghadh sé na trí brait
draoidheachta do bhí ag an triúr úd do
chuaidh fé n-a dhéin go hÉire, & do ghríosuigh
sé an gadhar ní ba mhó. Annsoin thug an rí
dhó na brait, agus choisc sé an gadhar.



Nídh nach iongnadh, bheir inghean an ríogh
míle buidheachas le Fionn, agus mara
mbeadh go raibh sí ró-mhór thabharfadh Fionn
leis í go hÉire. D'fhágadar go léir slán
ag Fionn agus go deimhin ní raibh aon bhrón
ortha do bheith scartha le Fionn, óir bhíodar
ar crith-eagla roimis.



Chuaidh sé féin is Bran fé dhéin na Breac-
chuacha. Thógadar a seóla bogóideacha go
barraibh na gcrann, & as leo go hÉire.
Níor stad sé gur dhein sé amach Baile
Chairbre, mar a raibh an Fhiann go léir ag
imirt báire i gcoinne na dtrí gaiscidheach.
Bhíodar is Conán Maol ag tabhairt droch-
aighnis dá chéile, is Conán Maol taobh thiar
d'Oscar. Nuair chonncadar Fionn rithea-
dar 'n-a choinnibh; bheireadar air agus
dheineadar é cheangailt; agus dubhradar
go gcaithfeadh sé dul leó go Ríoghacht na
bhFear gCalma. Líon an Fhiann n-a dtim-
cheall. Shín Fionn amach na brait draoidh-
eachta do Dhiarmaid Ó Duibhne is do Chaoilte
Mac Rónáin. Léigheadar ainm is sloinne
an trír, agus chailleadar a dtréan-neart,
is ní raibh ionnta aon mhaitheas acht ar nós
fear an chnuic.



Choimeád sé iad 'n-a sclábhaidhthe i
n-oileán na Scairbhe i n-a bhfuaradar bás,
agus i n-a bhfuil a n-uaigh le feicsint go
dtí an lá so.



Gluais.



Tráth do sna tráthannaibh, one of the times, In
Munster the forms do sna, de sna, le sna, etc., are
those in general use.



Ag imirt báire, hurling.



Tráigh Tharmain, is a little strand near Derrynane, in
Kerry. It is never disturbed by waves, being pro-
tected by a natural breakwater; hence its name,
tarmon = peace.



Doire Fhionáin, Derrynane.



Chucha, coming towards them.



An fhairrge aniar, along the sea from the west.



Tráigh rompa, the ebb before them and the flow
behind them.



Cá raibh a dtriall, where were they bound for.



Piast, monster.



'n-a dhiaidh, following him.



Tréail, a trial.



An ndéanfaidh sibh aon lámh de, whether you will
succeed with him.



Uaisde, shake (?)



Do laguigheacht, weakness of frame.



Lonnuigh, dwell.



Ní fuláir nó go, you cannot escape meeting with
them.



As leó, away they went.



Breac-chuach, speckled cuckoo; an expressive name
for a ship.



Árthach, -aigh, pl. -aighe, a vessel, ship.



Ceann-urradh, chief, captain.



Fuirse, strife, struggling.



Ceithearnach, a “kerne,” soldier.



Dalta leinbh, a foster-child.



Do mhasluigheadh sé, he used to upbraid.



Gireánadh é, gearánadh, he was complained about.



N'fheadaraís ciaca sin, 'you do not know whether
or which'; how do you know.



Braonacha, pl. of braon, a drop.



Méar mheadháin, the middle finger.



An raibh aon dul aici ar, had she any way of
getting at.



Trír, gen. of triúr.



Más, imás, indeed.



Cúinne soir-ó-dheas, the south-east corner.



Nuair gheobhadh sé iad, when he would find them .i.
the gaiscidhigh.



Fear an chnuic, man of the hill, hillsider.



Go n-aithneóghadh, that anybody would recognise
him.


L. 206


A chulaith airm is éide, his armour and battle-suit.



D'aimsigh sé, he made out, came to.



Polla, a pole, stick.



Ablach, carcase, carrion.



Thóg léi cath, gave it battle. Piast is fem.



Ag dul ar Fhionn, going against Fionn.



B'é deireadh thiar thall, the end of the …



An fhuil fén ngadhar, when the dog scented the
blood.



Dubhrathas leis, he was told; past auton.



Do ghríosuigh sé, he incited.



Choisc sé an gadhair, he checked the dog.



Bheir, gave; the present used for the past.



Scartha le Fionn, rid of Fionn.



Ar crith-eagla, in dread.



Dhein sé amach, he made out.



Baile Chairbre, Ballycarbery, near Cahirciveen.



Ag tabhairt droch-aighnis, giving uncivil talk.



Dheineadar é cheangailt, they bound him.



Líon, collected around them.



Sclábhuidhthe, slaves.



Oileán na Scairbre, Scariff Island, at the mouth of
Derrynane Harbour.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services