Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Do gheallamair, an mí seo ghaibh tharainn, beagán a rádh i dtaobh SEANMÓIRÍ MHUIGHE NUADHAT. Do léigheamair an leabhar ó shoin. Go deimhin tá cuid de ath-léighte agus seana-léighte againn. Tá sé lán de sheodaibh milse Gaedhilge agus de chainnt bhlasta chiallmhair. Le linn a léighte dhúinn ba mhinic sinn ghá rádh linn féin nach baoghal do sheanmóinteacht bhreagh uasail deigh-chéillidhe na Gaedhilge. Bhí réim seanmóinteachta i bhfeidhm san nGaedhilg. Sean- móinteacht fé leith do b'eadh í, mar bhí sí againn ó dhuthchas. D'fhás tríd an nGaedhilg. Bhí a préamhacha san nGaedhilg; agus d'fhan sí i bhfeidhm i n-ár measc an fhaid a bhí an Ghaedhilg fé réim. Níor bheag an congnamh í, i láthair Dé, chun croidhthe Gaedheal a neartughadh is do ghríosughadh i n-aimsir anró agus géirleanamhna. Níor bh'fhéidir í tabhairt amach i gcló Béarla, agus an fhaid a bhí caitheamh i ndiaidh an Bhéarla againn bhí sise ag dul i laighead go dtí, i ndeireadh na mbeart, go raibh sí i mbéal báis. Acht ní baoghal di le congnamh Dé. Ta an t-aoitheódh d'éis teacht agus ag dul i dtreise is i neart a bheidh sí feasta. Déanfaidh an leabhar so árd-mhaitheas di. Dá mbeadh slighe againn dó, badh mhaith linn giota beag nó dhó as an leabhar so a chur os comhair ár léightheóirí. Ní'l leigheas air, fóríor. Is í ár gcomh- airle do gach léightheóir, ámh, an leabhar d'fhagháil agus stuidéar a dhéanamh air. Ní chosnann acht leath- choróinn, agus tá os cionn dá chéad leathannach de ghlan-Ghaedhilg ann. Molaimíd an saothar so na mac léighinn i gConnradh Chuilm Naomhtha agus beam ag súil leis an darna leabhar gan ró-mhoill. 'Siad Muinntir Bhrúin agus Nualláin do chlóbhuail is do chuir amach, agus tá soin déanta ar fheabhus aca. Dá mbeadh Éire ar a bonnaibh agus cead a gcinn agá muinntir, bheadh Feargus Finnbhéil 'n-a shuidhe go seascair againn i gcathaoir ollmhantachta, agus é ag cur chun críche mar mhaithe le n-a thír dhúthchuis na tréithe is na cáilidheachta luachmhara do bhronn Rí na Glóire air. Ní mar sin atá fós. Is amhlaidh atá gach aon rud bunoscionn san oileán bhocht mí-ádhbharach so. Na fir go bhfuil sé d'intinn aca saothrughadh agus claoidhe fé dhúthracht le hobair ar son na hÉireann táid á gciapadh le healadhnta ná taithn- eann leó, nó ag tnúth le beartaibh nach fonn leó chun “an chorcáin a choimeád ar fiuchaidh.” Agus, mar bhárr ar an donus, fuar-Ghaedhil nó Gaill chríoch- nuighthe ná tuigeann cad do bhaineann le grádh tíre, nár hadhnadh 'n-a gcroidhthibh riamh an spréidh ba lugha dhen ngrádh soin, ná féadfadh é mhúineadh do dhaoinibh ná é mhúscailt nádúrtha i gcroidhe páiste, a leithéidí siúd ag ramhrac go móréiseach is go hárd fé ghradam
bréige. Tá bragha ghill againn anois san MAC- LÉIGHINN ar an obair a dhéanfadh Feargus dá mbheadh an chaothamhlacht aige. Tá an chéad chuid dá leabhar ar fagháil anois. Muinntir na leabhar Gaedhilge a chuir amach é, agus réal a fhiacha. Ní'l aon phioc dá mhearaidhe orainn ná go sáróghaidh an leabhar so ar gach earraidh dá bhfuaireamair go dtí so. Tá feabhus agus slacht air. Tá fuinneamh leis. Tá gontacht cainnte ann. Beidh sé 'n-a chongnamh dhon mhúinteóir agus '-na chomhairleach mhaith dhó. Don Mhacléighinn fearaim-sé seacht dteine fí ór- luis, Geal-réim teagaisc i dteangain na nGaoidheal bhfóghanta; 'S an macaomh calma Feargus finnbheólach A ghlan-chéim gradaim go mairidh gan mí-chóthrom. Tá an seachtmhadh cuid agus an t-ochtmhadh cuid d'AMHRÁIN DIADHA CHÚIGE CHONNACHT d'éis teacht amach. Cuireann soin deireadh le soláthar an Chraoibhín i leith na n-ámhrán ndiadha, agus ní beag an soláthar é. Isé an t-eagar céadna atá ar an dá leabhar so is do bhí ar na leabhraibh a tháinig rompa, Gaedhilg agus Bhéarla ar aghaidh a chéile. Tá roinnt nótaí i gcló ón ughdar i ndeireadh an ochtmhadh leabhair. Tá AN DARA LEABHAR i gló anois ag Connradh na Gaedhilge. Tá na leabhair seo á gcur amach i gcóir na scoileanna n-a bhfuil an Clár Dá Theangan ar siubhal ionnta. Tá Gaedhilg agus Béarla san leabhar so agus ní chosnann sé acht leath-thuistiún is leathphinginn. Is maith linn a fheicsint ná fuil BANBA clóidhte fós. Tháinig sí chughainn an lá fé dheireadh agus í ag féachaint go piocaithe snasta. Nídh nach iongnadh, bhí fáilte againn roimpi, cé gur dheacair a lán dá draoithadóireacht agus da hárd-dhraoithadóireacht a thuigsint. Is fiú tuistiún an taca so í go háirithe, mar gheibhmíd innti aistí ó Fhearghus Finnbhéil, ó Chonán Maol, ó Chonall Cearnach (Árd-dhraoi Druadh na hÉrend), ón mBuachaillín Buidhe, &rl. Níl baoghal ar “Leathnach an Uaignis” ná ar na leathanaigh 'n-a dhiaidh, agus táid na Marcónígramanna an-“uaigh- neach” is ana-rúnda ar fad. Tá an DEO GHREINE ag dul i bhfeabhus do réir mar do théidheann i n-aois. I n-uimhir an Mheithimh tá roinnt d'aistíbh fóghanta i nGaedhilg — nó i nGáidhilg badh chóra dhúinn a rádh. Tá a lán eoluis ann i dtaobh cúrsaí na Gaedhilge i nAlbain, agus an chuma 'n-a bhfuil ag éirighe leo annsúd. Uair sa mhí seadh thag- ann an “Deo-ghréine” amach. Molaimíd d'ár léigh- theóiríbh é. Uimhir ana-thaithneamhach ar fad is eadh an ceann i gcóir mhí an Iúil. Cuireadh ar triall orainn i bhfuirm leabhrín INDUSTRY IN RELATION TO NATIONAL PROSPERITY, aitheasc a léigh Mac Uí Ríordáin os comhair Chumainn na nEaladhan i gCorcaigh tamall ó shoin. Tá a lán eóluis san leabhrín seo i dtaobh déantúisí na tíre is ar na rudaíbh fé ndearr laigh- eadughadh ar thráchtáil na hÉireann le tíorthaibh eile. IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí oireamnach d'fhagháil ó sna daoinibh a léigheann an tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig- fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar scáit a chéile mhairidh na daoine. Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil ar leath-thuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh- ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a shon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services