Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Do gheallamair, an mí seo ghaibh tharainn, beagán a
rádh i dtaobh SEANMÓIRÍ MHUIGHE NUADHAT. Do
léigheamair an leabhar ó shoin. Go deimhin tá cuid de
ath-léighte agus seana-léighte againn. Tá sé lán de
sheodaibh milse Gaedhilge agus de chainnt bhlasta
chiallmhair. Le linn a léighte dhúinn ba mhinic sinn
ghá rádh linn féin nach baoghal do sheanmóinteacht
bhreagh uasail deigh-chéillidhe na Gaedhilge. Bhí réim
seanmóinteachta i bhfeidhm san nGaedhilg. Sean-
móinteacht fé leith do b'eadh í, mar bhí sí againn ó
dhuthchas. D'fhás tríd an nGaedhilg. Bhí a préamhacha
san nGaedhilg; agus d'fhan sí i bhfeidhm i n-ár measc
an fhaid a bhí an Ghaedhilg fé réim. Níor bheag an
congnamh í, i láthair Dé, chun croidhthe Gaedheal a
neartughadh is do ghríosughadh i n-aimsir anró agus
géirleanamhna. Níor bh'fhéidir í tabhairt amach i gcló
Béarla, agus an fhaid a bhí caitheamh i ndiaidh an
Bhéarla againn bhí sise ag dul i laighead go dtí, i
ndeireadh na mbeart, go raibh sí i mbéal báis. Acht
ní baoghal di le congnamh Dé. Ta an t-aoitheódh d'éis
teacht agus ag dul i dtreise is i neart a bheidh sí
feasta. Déanfaidh an leabhar so árd-mhaitheas di.
Dá mbeadh slighe againn dó, badh mhaith linn giota
beag nó dhó as an leabhar so a chur os comhair ár
léightheóirí. Ní'l leigheas air, fóríor. Is í ár gcomh-
airle do gach léightheóir, ámh, an leabhar d'fhagháil
agus stuidéar a dhéanamh air. Ní chosnann acht leath-
choróinn, agus tá os cionn dá chéad leathannach de
ghlan-Ghaedhilg ann. Molaimíd an saothar so na mac
léighinn i gConnradh Chuilm Naomhtha agus beam ag
súil leis an darna leabhar gan ró-mhoill. 'Siad
Muinntir Bhrúin agus Nualláin do chlóbhuail is do
chuir amach, agus tá soin déanta ar fheabhus aca.



Dá mbeadh Éire ar a bonnaibh agus cead a gcinn
agá muinntir, bheadh Feargus Finnbhéil 'n-a shuidhe go
seascair againn i gcathaoir ollmhantachta, agus é ag
cur chun críche mar mhaithe le n-a thír dhúthchuis na
tréithe is na cáilidheachta luachmhara do bhronn Rí na
Glóire air. Ní mar sin atá fós. Is amhlaidh atá gach
aon rud bunoscionn san oileán bhocht mí-ádhbharach
so. Na fir go bhfuil sé d'intinn aca saothrughadh
agus claoidhe fé dhúthracht le hobair ar son na
hÉireann táid á gciapadh le healadhnta ná taithn-
eann leó, nó ag tnúth le beartaibh nach fonn leó chun
“an chorcáin a choimeád ar fiuchaidh.” Agus, mar
bhárr ar an donus, fuar-Ghaedhil nó Gaill chríoch-
nuighthe ná tuigeann cad do bhaineann le grádh tíre,
nár hadhnadh 'n-a gcroidhthibh riamh an spréidh ba lugha
dhen ngrádh soin, ná féadfadh é mhúineadh do dhaoinibh
ná é mhúscailt nádúrtha i gcroidhe páiste, a leithéidí
siúd ag ramhrac go móréiseach is go hárd fé ghradam


L. 176


bréige. Tá bragha ghill againn anois san MAC-
LÉIGHINN ar an obair a dhéanfadh Feargus dá mbheadh
an chaothamhlacht aige. Tá an chéad chuid dá leabhar
ar fagháil anois. Muinntir na leabhar Gaedhilge a
chuir amach é, agus réal a fhiacha. Ní'l aon phioc dá
mhearaidhe orainn ná go sáróghaidh an leabhar so ar
gach earraidh dá bhfuaireamair go dtí so. Tá feabhus
agus slacht air. Tá fuinneamh leis. Tá gontacht
cainnte ann. Beidh sé 'n-a chongnamh dhon mhúinteóir
agus '-na chomhairleach mhaith dhó.



Don Mhacléighinn fearaim-sé seacht dteine fí ór-
luis,
Geal-réim teagaisc i dteangain na nGaoidheal
bhfóghanta;
'S an macaomh calma Feargus finnbheólach
A ghlan-chéim gradaim go mairidh gan mí-chóthrom.



Tá an seachtmhadh cuid agus an t-ochtmhadh cuid
d'AMHRÁIN DIADHA CHÚIGE CHONNACHT d'éis teacht
amach. Cuireann soin deireadh le soláthar an
Chraoibhín i leith na n-ámhrán ndiadha, agus ní beag an
soláthar é. Isé an t-eagar céadna atá ar an dá
leabhar so is do bhí ar na leabhraibh a tháinig rompa,
Gaedhilg agus Bhéarla ar aghaidh a chéile. Tá roinnt
nótaí i gcló ón ughdar i ndeireadh an ochtmhadh
leabhair.



Tá AN DARA LEABHAR i gló anois ag Connradh
na Gaedhilge. Tá na leabhair seo á gcur amach i
gcóir na scoileanna n-a bhfuil an Clár Dá Theangan
ar siubhal ionnta. Tá Gaedhilg agus Béarla san
leabhar so agus ní chosnann sé acht leath-thuistiún is
leathphinginn.



Is maith linn a fheicsint ná fuil BANBA clóidhte
fós. Tháinig sí chughainn an lá fé dheireadh agus í ag
féachaint go piocaithe snasta. Nídh nach iongnadh, bhí
fáilte againn roimpi, cé gur dheacair a lán dá
draoithadóireacht agus da hárd-dhraoithadóireacht a
thuigsint. Is fiú tuistiún an taca so í go háirithe,
mar gheibhmíd innti aistí ó Fhearghus Finnbhéil, ó
Chonán Maol, ó Chonall Cearnach (Árd-dhraoi Druadh
na hÉrend), ón mBuachaillín Buidhe, &rl. Níl baoghal
ar “Leathnach an Uaignis” ná ar na leathanaigh 'n-a
dhiaidh, agus táid na Marcónígramanna an-“uaigh-
neach” is ana-rúnda ar fad.



Tá an DEO GHREINE ag dul i bhfeabhus do réir
mar do théidheann i n-aois. I n-uimhir an Mheithimh tá
roinnt d'aistíbh fóghanta i nGaedhilg — nó i nGáidhilg
badh chóra dhúinn a rádh. Tá a lán eoluis ann i dtaobh
cúrsaí na Gaedhilge i nAlbain, agus an chuma 'n-a
bhfuil ag éirighe leo annsúd. Uair sa mhí seadh thag-
ann an “Deo-ghréine” amach. Molaimíd d'ár léigh-
theóiríbh é. Uimhir ana-thaithneamhach ar fad is eadh an
ceann i gcóir mhí an Iúil.



Cuireadh ar triall orainn i bhfuirm leabhrín
INDUSTRY IN RELATION TO NATIONAL
PROSPERITY, aitheasc a léigh Mac Uí Ríordáin os
comhair Chumainn na nEaladhan i gCorcaigh tamall
ó shoin. Tá a lán eóluis san leabhrín seo i dtaobh
déantúisí na tíre is ar na rudaíbh fé ndearr laigh-
eadughadh ar thráchtáil na hÉireann le tíorthaibh eile.



IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.



Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí
oireamnach d'fhagháil ó sna daoinibh a léigheann an
tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná
tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig-
fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar
scáit a chéile mhairidh na daoine.



Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a
dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach
ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil
ar leath-thuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh-
ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a
shon.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services