Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cois Bórdaibh na Fleasca.
Title
Cois Bórdaibh na Fleasca.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COIS BÓRDAIBH NA FLEASCA. Fuair an t-amhrán so thíos an darna duais i n-iomaidheacht na filidheachta i nOireachtus bliadhna a 1902. Aiste fhíor-dheas is eadh í dar linn-na. Tá súil againn amh, go dtarraiceóidh Dhá Chích a mhalairt d'adhbhar cuige dhon chéad iarracht eile. Tá oiread soin moladh déanta againn ar “dhé-mhnáibh” is ar “spéir-mhnáibh” is ar bhréag-mhnáibh ná fuil blúire fágtha le rádh againn don líne a thiocfaidh i n-ar ndiaidh. Is maith é cuimhneamh ar shliocht ár sleachta. Ná deinimís ró-chumhangracht ortha. Cá bhfuil na dánta ar Éirinn, an moladh ar a laochraidhibh, an trácht ar a ngníomhartha gaisce is ar a naomhthacht is a léigheantacht? Cá bhfuil an cur síos ar áilneacht na dúithche is gach atharrughadh a thagann uirthi i gcaitheamh na bliadhna. A Dhá Chích a chara, cuir síos dúinn ar chuid dá dtugair-se fé ndeara. Cois bhórdaibh na Fleasca ag sealg am aonar, Bhí leóithne ag séideadh 's é déidheannach sa ló, Mo chonaibh lem ais 's me 'taisteal na réidh-chnoc, Do bhuail umam bé bhí ag aodhaireacht a bó. Bhí tarraicthe ag griain le n-a srian ós cionn Bhéarra Ag fuaradh sna néalta a bhléintreacha teó. Ó mhaidin ar siúbhal di 'na cúrsa cé'r bh'éascaidh Ag lúbadh tré spéir ghil ghluin aereamhail, gan cheó. Do b'aoibhinn é rún-ghuth na n-úr-sruth ar ghlé-dhath Na drúchta ar shléibhtibh deigh-ghréine ar neóin, 'Na mín-ruith ar dtúis gur go ciúin, socair, faon-lag Cé'r géar gur mear tréan iad ag géimhridh mar leomhain. Ag fiuchadh go cúbharmhar, ag spriúchadh go fraochmhar, Ag tonnadh 's ag taoscadh dhóibh séidid chun seóil Thar áth is tar eas i n-a n-aistear go Léin-Loch I measc na nglas-gcraobh is na n-éanlaithe ceóil. Do stadas-sa sealad ag machtnamh liom féinidh Ciaca ar bh'aingeal í an bhé gheal do straéidh ó n-a sórd Nó an mhascalach mhaiseach a chanadh sean-éigse Nár bh'annamh 'dir laochra í dhá bréagadh age bórd.
Thar bhábaibh, thar ainnearaibh banamhala, maordha, Ár mháthair sean-Éire 'gus Déirdre 'chur leó Bronnaim an bárr uirthi, bheirim an chraobh dhi Le h-áilneacht a ghné 'gus le néamhaireacht clódh. Bhí a brágha mar an eala, ba gheal é a héadan, A lámha mar an aol, is mion-chaor i n-a snódh, A folt mar an líon is é sínte 'n-a shlaodaibh, 'N-a shrathaibh nár bh'éadtrom, 'n-a théadracha sógha. I ndoimhneas a súl bhí, tré lonnradh na réilthean, An óigheacht ná géilleann do dhéin-chathughadh an tslóigh; Chómh sár-ghlan, chómh cúmhra le cúbhar mara glégeal — Mar Sheraph ón spéir í cér dhaondha dar ndóin. Níor chotún ó Lúndain a gúna fíor-Ghaedhealach, 'S níor lúgha 'na soin baoghal ná gur Ghaedhealach an bhróg Do b'fháiscithe, cumtha, so-dhúnta, deagh-dhéanta Ar a bán-troigh ba néata i measc céadta ban óg. Do bheannuigheas go maol di i nGaedhilg nár bhriste, 'S de phreib do bhí luisne neamh-chliste mar rós 'N-a leacain ba chaoine, ba mhíne, ba ghile, Ag scaipeadh 's ag filleadh 's ag aith-filleadh fós. Do fhreagair go humhal mé, 's go múirneach i nGaedheal-ghuth Ba bhinnide céad uair ná réidh-chantain ceóil: I bhriotalaibh dlúth deas 'réir dhúthchais nár Bhéarla Do thuit ó n-a béal i n-a séimh-shiollaí sóghmhail. Molaid na filí an Bhean-tSídhe 'gus an spéirbhean, 'S dob ion-mholta tréithibh na mbéith sin gan ghó, Acht b'aingealdha, mhúinte i n-iomchar 's i mbréithribh Mo rún-sa 'ná an saoghal mór 'dir Dhé-mhnáibh is bheóibh. D'fhág Ciúipid gan bhrígh me 's do chlaoidh sé go tréith me, Gan chongnamh ó phéarla ná daor-éadach sróill, 'S ón líon atá fighte aige im thimcheall le héifeacht Is iongna má's féidir me réidhteach go fóill. Tá's agem chroidhe 'dtí go síntear sa chré me Dhéis fuaradh, gan spréidh i n-aon fhéith liom go deó, Go mbeidh gríos-theine ghrádh i gcorp-lár chirt mo chléibh dhi 'N-a mhuar-lasair raé-ghil go gléinneach ag dóghadh. Ní'l óig-bhean i gClár Luirc do b'fhearr liom mar chéile, Dá aoirde a céim is dá mhéid a cuid stóir, Ó's eól dúinn nach annamh gan mhaise lucht céama, 'S ní daoine gan bhéim iad lucht séada 'gus óir. Chómh fhíor is tá'n Leamhain go doimhinn, sleamhain geal, ag scéith Ó sna fionn-Locha Léin i n-a tréan-abhainn mhóir, Fé scáth an duilleabhair ghluis go flúirseach ar ghéagaibh Grádhfad go n-éagfad an ghlé-bhruinneal chóir. DHÁ CHÍCH DHANANN. Gluais. Iomaidheacht, competition. Tarraiceóidh chuige, he will draw to him, will try his hand at. A mhalairt d'adhbhar, a different subject. Dé-mhná, goddesses. Don líne, for the “line,” progeny. Buird na Fleasca, the banks of the Flesk. Ag taisteal, travelling. bhí tarraicthe ag griain (gréin), the sun had gone over Bearra. Bléintreacha, pl. of bléan, the loin. Rún- ghuth, the secret murmuring. Sléibhte deigh-ghréine, pleasant sunny mountains. Go cubharmhar, frothily. Ag spriúchadh, spluttering. An mhascalach, the maiden. Dhá bhréagadh, being admired. Bronnaim an bárr, I give the palm to her. Néamhaireacht, brilliancy. A brágha, her neck. Téadracha sógha, pleasant plaits, folds. An óigheacht, the chastity which bends not in conflict with crowds. Cér dhaonda, though of this world. Cotún, cotton. 'S níor lugha, neither was there any fear but that, &c. Ba néata here means “was the neatest.” Go maol, sheepishly. Ag filleadh 's ag aith-filleadh, coming and going. Go múirneach, lovingly. Ba bhinnide céad uair, a hundred times more melodious. Do reir dhúthchais nár Bhéarla, in an accent that was not foreign. Ion-mholta, fit to be praised. B'aingealdha, was more angelic. Ón líon, from the net. Is iongna, it is a wonder if I can be. Gan spréidh, no spark of life in my veins. Corp-lár chirt, the very centre. Rae-ghil, bright as the moon. Dá aoirde a céim, no matter how high her station. Gan bhéim, without flaw. Fé scáth, in the shadow of the green foliage.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services