COIS BÓRDAIBH NA FLEASCA.
Fuair an t-amhrán so thíos an darna duais i
n-iomaidheacht na filidheachta i nOireachtus bliadhna a
1902. Aiste fhíor-dheas is eadh í dar linn-na. Tá
súil againn amh, go dtarraiceóidh Dhá Chích a mhalairt
d'adhbhar cuige dhon chéad iarracht eile. Tá oiread
soin moladh déanta againn ar “dhé-mhnáibh” is ar
“spéir-mhnáibh” is ar bhréag-mhnáibh ná fuil blúire
fágtha le rádh againn don líne a thiocfaidh i n-ar
ndiaidh. Is maith é cuimhneamh ar shliocht ár sleachta.
Ná deinimís ró-chumhangracht ortha. Cá bhfuil na
dánta ar Éirinn, an moladh ar a laochraidhibh, an
trácht ar a ngníomhartha gaisce is ar a naomhthacht is
a léigheantacht? Cá bhfuil an cur síos ar áilneacht
na dúithche is gach atharrughadh a thagann uirthi i
gcaitheamh na bliadhna. A Dhá Chích a chara, cuir síos
dúinn ar chuid dá dtugair-se fé ndeara.
Cois bhórdaibh na Fleasca ag sealg am aonar,
Bhí leóithne ag séideadh 's é déidheannach sa ló,
Mo chonaibh lem ais 's me 'taisteal na réidh-chnoc,
Do bhuail umam bé bhí ag aodhaireacht a bó.
Bhí tarraicthe ag griain le n-a srian ós cionn Bhéarra
Ag fuaradh sna néalta a bhléintreacha teó.
Ó mhaidin ar siúbhal di 'na cúrsa cé'r bh'éascaidh
Ag lúbadh tré spéir ghil ghluin aereamhail, gan cheó.
Do b'aoibhinn é rún-ghuth na n-úr-sruth ar ghlé-dhath
Na drúchta ar shléibhtibh deigh-ghréine ar neóin,
'Na mín-ruith ar dtúis gur go ciúin, socair, faon-lag
Cé'r géar gur mear tréan iad ag géimhridh mar leomhain.
Ag fiuchadh go cúbharmhar, ag spriúchadh go fraochmhar,
Ag tonnadh 's ag taoscadh dhóibh séidid chun seóil
Thar áth is tar eas i n-a n-aistear go Léin-Loch
I measc na nglas-gcraobh is na n-éanlaithe ceóil.
Do stadas-sa sealad ag machtnamh liom féinidh
Ciaca ar bh'aingeal í an bhé gheal do straéidh ó n-a
sórd
Nó an mhascalach mhaiseach a chanadh sean-éigse
Nár bh'annamh 'dir laochra í dhá bréagadh age bórd.
Thar bhábaibh, thar ainnearaibh banamhala, maordha,
Ár mháthair sean-Éire 'gus Déirdre 'chur leó
Bronnaim an bárr uirthi, bheirim an chraobh dhi
Le h-áilneacht a ghné 'gus le néamhaireacht clódh.
Bhí a brágha mar an eala, ba gheal é a héadan,
A lámha mar an aol, is mion-chaor i n-a snódh,
A folt mar an líon is é sínte 'n-a shlaodaibh,
'N-a shrathaibh nár bh'éadtrom, 'n-a théadracha sógha.
I ndoimhneas a súl bhí, tré lonnradh na réilthean,
An óigheacht ná géilleann do dhéin-chathughadh an
tslóigh;
Chómh sár-ghlan, chómh cúmhra le cúbhar mara glégeal —
Mar Sheraph ón spéir í cér dhaondha dar ndóin.
Níor chotún ó Lúndain a gúna fíor-Ghaedhealach,
'S níor lúgha 'na soin baoghal ná gur Ghaedhealach an
bhróg
Do b'fháiscithe, cumtha, so-dhúnta, deagh-dhéanta
Ar a bán-troigh ba néata i measc céadta ban óg.
Do bheannuigheas go maol di i nGaedhilg nár bhriste,
'S de phreib do bhí luisne neamh-chliste mar rós
'N-a leacain ba chaoine, ba mhíne, ba ghile,
Ag scaipeadh 's ag filleadh 's ag aith-filleadh fós.
Do fhreagair go humhal mé, 's go múirneach i
nGaedheal-ghuth
Ba bhinnide céad uair ná réidh-chantain ceóil:
I bhriotalaibh dlúth deas 'réir dhúthchais nár Bhéarla
Do thuit ó n-a béal i n-a séimh-shiollaí sóghmhail.
Molaid na filí an Bhean-tSídhe 'gus an spéirbhean,
'S dob ion-mholta tréithibh na mbéith sin gan ghó,
Acht b'aingealdha, mhúinte i n-iomchar 's i mbréithribh
Mo rún-sa 'ná an saoghal mór 'dir Dhé-mhnáibh is bheóibh.
D'fhág Ciúipid gan bhrígh me 's do chlaoidh sé go tréith
me,
Gan chongnamh ó phéarla ná daor-éadach sróill,
'S ón líon atá fighte aige im thimcheall le héifeacht
Is iongna má's féidir me réidhteach go fóill.
Tá's agem chroidhe 'dtí go síntear sa chré me
Dhéis fuaradh, gan spréidh i n-aon fhéith liom go deó,
Go mbeidh gríos-theine ghrádh i gcorp-lár chirt mo
chléibh dhi
'N-a mhuar-lasair raé-ghil go gléinneach ag dóghadh.
Ní'l óig-bhean i gClár Luirc do b'fhearr liom mar
chéile,
Dá aoirde a céim is dá mhéid a cuid stóir,
Ó's eól dúinn nach annamh gan mhaise lucht céama,
'S ní daoine gan bhéim iad lucht séada 'gus óir.
Chómh fhíor is tá'n Leamhain go doimhinn, sleamhain
geal, ag scéith
Ó sna fionn-Locha Léin i n-a tréan-abhainn mhóir,
Fé scáth an duilleabhair ghluis go flúirseach ar
ghéagaibh
Grádhfad go n-éagfad an ghlé-bhruinneal chóir.
DHÁ CHÍCH DHANANN.
Gluais.
Iomaidheacht, competition. Tarraiceóidh chuige, he
will draw to him, will try his hand at. A mhalairt
d'adhbhar, a different subject. Dé-mhná, goddesses. Don
líne, for the “line,” progeny. Buird na Fleasca, the
banks of the Flesk. Ag taisteal, travelling. bhí
tarraicthe ag griain (gréin), the sun had gone over
Bearra. Bléintreacha, pl. of bléan, the loin. Rún-
ghuth, the secret murmuring. Sléibhte deigh-ghréine,
pleasant sunny mountains. Go cubharmhar, frothily.
Ag spriúchadh, spluttering. An mhascalach, the maiden.
Dhá bhréagadh, being admired. Bronnaim an bárr, I
give the palm to her. Néamhaireacht, brilliancy. A
brágha, her neck. Téadracha sógha, pleasant plaits,
folds. An óigheacht, the chastity which bends not in
conflict with crowds. Cér dhaonda, though of this
world. Cotún, cotton. 'S níor lugha, neither was
there any fear but that, &c. Ba néata here means
“was the neatest.” Go maol, sheepishly. Ag filleadh
's ag aith-filleadh, coming and going. Go múirneach,
lovingly. Ba bhinnide céad uair, a hundred times
more melodious. Do reir dhúthchais nár Bhéarla, in
an accent that was not foreign. Ion-mholta, fit to be
praised. B'aingealdha, was more angelic. Ón líon,
from the net. Is iongna, it is a wonder if I can be.
Gan spréidh, no spark of life in my veins. Corp-lár
chirt, the very centre. Rae-ghil, bright as the moon.
Dá aoirde a céim, no matter how high her station.
Gan bhéim, without flaw. Fé scáth, in the shadow of
the green foliage.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11