Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-fhocail. XIII.
Title
Sean-fhocail. XIII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAN-FHOCAIL. — XIII. SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh. 414. Níl éinne a gheibheann bás 'ná thugann lón leis ag imtheacht do. 415. Má théidheann tú ag iomrasgabháil leis an gcarn aoiligh pé thíos nú thuas a bheidh tú, beidh tú salach. 416. Níl aon chath 'ná theagann duine as. 417. Aimsigheann an dall a bhéal. 418. Mar a dhéanfadh máthair Sheagháin. 419. Is éascadh nóin 'ná maidin. 420. Chómh bleachtmhar leis an glas- ghaibhneach. 421. Ag imirt na honóra. 422. Chómh gnóthach le cearc a mbeadh ubh aici. 423. Is minic a bhí “last“ chómh súgach le fear. 424. Má mharbhuigheann tú do mháthair, marbhuigh go maith í. 425. Tionnlac na n-óinseach. 426. Ní fear 'ná buachaill é. 427. Cia ar bith nós a bheidh an ghrian is mar is toil le Dia a bheidh an lá. 428. D'ólfadh sé an abha acht soc caol a bheith uirthi. 429. Aois capaill gach éinne. 430. Raghadh sé fé chosaibh na haltóra dá iarraidh. 431. Nach cómh-fhaid na trághaibh. 432. Luaithreamháin Márta. 433. Sioc, sneachta, nú síor-bháisteach. 434. Droch-ghnó, ath-ghnó. 435. Bainis trí thoill i n-áirde agus is fada ón áit seo a bheidhmíd-ne airís. 436. Coirt an duine mhairbh. 437. So-nuachar chugat. 438. Nár leigthear dhúinn tú. 439. Dia idir sinn agus an anachain. 440. Ar lár na sigille. 441. Nár leigidh Dia sin. 442. Éirigh as. 443. Díth uait. 444. Féach an scaoin a tá air. 445. Tá siad chómh mór le bó agus coca féir le chéile. 446. Mar an cat agus luch le chéile. 447. Bíonn sé cruaidh, fuar go dtí an sean-Mhárta. 448. Is fearr olc Sheághain 'ná maith Thaidhg. 449. Sé an sop i n-ionad na scuaibe é. 450. Aon oidhche déag agus oidhche gan áireamh a tá ó Oidhche Shamhna go Oidhche 'le Mártan. 451. Seacht seachtmhainí agus trí lá a tá ó Oidhche Samhna go hOidhche Nodlag. 452. Cad a tá ag an Rígh acht biadh a cholann. 453. An té a mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé trathnóna air; agus an té a mbíonn an mí-ádh ar maidin air bíonn sé trathnóna air. 454. Is maith an saol é mar an déirc a dheire dhúinn. 455. Lá do bhaiste, lá do phósadh agus lá do churtha. 456. Saor óg an t-seaca. 457. Níl ann acht béile na huaire sin. 458. Feadghaíl 'san oidhche nú fiannaidh- eacht 'sa lá. 459. Is mór an biadh nua dhó é. 460. Do mharbhóchadh sé agus do thógfadh sé arís tú. 461. Ní bhíonn aon chustom ar chainnt. 462. Cuireadh gan iarraidh. 463. Fuighleach an táiliúra. 464. Sosúr, miosúr agus méaracán; an gléas is saoire.
465. Duine mar seo agus duine mar siúd. 466. Is ait leis an gcat an t-iasc, acht ní háil leis a chosa a fhliuchadh. 467. Bean nó muc 'san oidhche. 468. Díng di féin is fearr a scoilteann an liobhán. 469. Is trom í cearc i bhfad. 470. Ná bac le héinne ná beidh buidheachas na mban air. 471. Luigheadh sé ar an leabain a chóirigh sé dhó féin. 472. Ar labhairt na fuiseóige. 473. Mar a leigfeá trí chriathar é. 474. Téiridh (téidh) ar do ghlúnaibh agus 'ompuigh t'aghaidh soir ó dheas agus iarr ar Dhia thú a chur ar do leas. 475. Tá a chíos díolta agus díon ar a thigh. 476. Beidh an rath ort mar a chrochfaidhe le píce ort é. 477. Cad do bhris é? Ceannachán agus urúdhaistí. 478. Cad leis ar tógadh é? 479. Laetheannta na riaibhche. 480. Raghaidh fear go dtí an choill agus bainfidh ann sciúirse, chum a mhac do bhualadh agus do stiúrughadh. Nuair a fuarfaidh an fhearg tharéis na cúise, is fearr leis an leanbh 'ná an sciúirse. 481. Is mairg a mhair le hEarrach an deagh-Gheimhridh. 482. Is fearr Gaedhilg chliste 'ná Béarla briste. (A chríoch-san.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services