Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. XIII.

Title
Sean-fhocail. XIII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-FHOCAIL. — XIII.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh.



414. Níl éinne a gheibheann bás 'ná thugann
lón leis ag imtheacht do.



415. Má théidheann tú ag iomrasgabháil
leis an gcarn aoiligh pé thíos nú thuas a
bheidh tú, beidh tú salach.



416. Níl aon chath 'ná theagann duine as.



417. Aimsigheann an dall a bhéal.



418. Mar a dhéanfadh máthair Sheagháin.



419. Is éascadh nóin 'ná maidin.



420. Chómh bleachtmhar leis an glas-
ghaibhneach.



421. Ag imirt na honóra.



422. Chómh gnóthach le cearc a mbeadh
ubh aici.



423. Is minic a bhí “last“ chómh súgach le fear.



424. Má mharbhuigheann tú do mháthair,
marbhuigh go maith í.



425. Tionnlac na n-óinseach.



426. Ní fear 'ná buachaill é.



427. Cia ar bith nós a bheidh an ghrian is
mar is toil le Dia a bheidh an lá.



428. D'ólfadh sé an abha acht soc caol a
bheith uirthi.



429. Aois capaill gach éinne.



430. Raghadh sé fé chosaibh na haltóra
dá iarraidh.



431. Nach cómh-fhaid na trághaibh.



432. Luaithreamháin Márta.



433. Sioc, sneachta, nú síor-bháisteach.



434. Droch-ghnó, ath-ghnó.



435. Bainis trí thoill i n-áirde agus is
fada ón áit seo a bheidhmíd-ne airís.



436. Coirt an duine mhairbh.



437. So-nuachar chugat.



438. Nár leigthear dhúinn tú.



439. Dia idir sinn agus an anachain.



440. Ar lár na sigille.



441. Nár leigidh Dia sin.



442. Éirigh as.



443. Díth uait.



444. Féach an scaoin a tá air.



445. Tá siad chómh mór le bó agus coca
féir le chéile.



446. Mar an cat agus luch le chéile.



447. Bíonn sé cruaidh, fuar go dtí an
sean-Mhárta.



448. Is fearr olc Sheághain 'ná maith
Thaidhg.



449. Sé an sop i n-ionad na scuaibe é.



450. Aon oidhche déag agus oidhche gan
áireamh a tá ó Oidhche Shamhna go Oidhche 'le
Mártan.



451. Seacht seachtmhainí agus trí lá a tá
ó Oidhche Samhna go hOidhche Nodlag.



452. Cad a tá ag an Rígh acht biadh a
cholann.



453. An té a mbíonn an rath ar maidin
air bíonn sé trathnóna air; agus an té a
mbíonn an mí-ádh ar maidin air bíonn sé
trathnóna air.



454. Is maith an saol é mar an déirc
a dheire dhúinn.



455. Lá do bhaiste, lá do phósadh agus
lá do churtha.



456. Saor óg an t-seaca.



457. Níl ann acht béile na huaire sin.



458. Feadghaíl 'san oidhche nú fiannaidh-
eacht 'sa lá.



459. Is mór an biadh nua dhó é.



460. Do mharbhóchadh sé agus do thógfadh
sé arís tú.



461. Ní bhíonn aon chustom ar chainnt.



462. Cuireadh gan iarraidh.



463. Fuighleach an táiliúra.



464. Sosúr, miosúr agus méaracán; an
gléas is saoire.


L. 166


465. Duine mar seo agus duine mar siúd.



466. Is ait leis an gcat an t-iasc, acht
ní háil leis a chosa a fhliuchadh.



467. Bean nó muc 'san oidhche.



468. Díng di féin is fearr a scoilteann
an liobhán.



469. Is trom í cearc i bhfad.



470. Ná bac le héinne ná beidh buidheachas
na mban air.



471. Luigheadh sé ar an leabain a chóirigh
sé dhó féin.



472. Ar labhairt na fuiseóige.



473. Mar a leigfeá trí chriathar é.



474. Téiridh (téidh) ar do ghlúnaibh agus
'ompuigh t'aghaidh soir ó dheas agus iarr ar
Dhia thú a chur ar do leas.



475. Tá a chíos díolta agus díon ar a
thigh.



476. Beidh an rath ort mar a chrochfaidhe
le píce ort é.



477. Cad do bhris é? Ceannachán agus
urúdhaistí.



478. Cad leis ar tógadh é?



479. Laetheannta na riaibhche.



480. Raghaidh fear go dtí an choill agus
bainfidh ann sciúirse, chum a mhac do
bhualadh agus do stiúrughadh. Nuair a
fuarfaidh an fhearg tharéis na cúise, is
fearr leis an leanbh 'ná an sciúirse.



481. Is mairg a mhair le hEarrach an
deagh-Gheimhridh.



482. Is fearr Gaedhilg chliste 'ná Béarla
briste.



(A chríoch-san.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services