Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maolmhaodhóg Naomhtha Ua Morgair.
Title
Maolmhaodhóg Naomhtha Ua Morgair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAOLMHAODHÓG NAOMHTHA UA MOR- GAIR. Fear de na fearaibh ab uaisle riamh i nÉirinn ab eadh Maolmhaodhóg. Timcheall na bliadhna 1094 d'aois ár dTighearna do rugadh é. Bhí fuil uasal ann. Bhí sé n-a mhac léighinn agus é an-óg i mbliadhain 1107 in nÁrd Macha fé stiúrughadh íomhair Ua hAodhagáin, duine diadha cráibhtheach do chuir Cill na Naomh Peadar & Pól ar bun san gcathraigh sin, & fuair bás naomhtha san Róimh ag déanamh turas diadha dhó ann san mbliadhain 1134. Fuair Maolmhaodhóg ord na sagartachta fé láimh Naoimh Ceallaigh (Celsus), comharba Phádraig a bhí 'n-a Áird- Easpog i nÁrd Macha ó'n mbliadhain 1106 go dtí an bhliadhain 1129. Fuair Ceallach bás i nÁrd Pádraig i gCondae Luimnigh & mar a d'iarr sé féin, d'adhlacadh i Lios Mór Mochoda é. Seo mar a dhéanann na Ceithre Máighistirí (An Ceathrar Máighistrí) tagairt dó i nAnnálaibh Ríoghachta Éireann san mbliadhain 1129: "Ceallach, comharba Phatraicc, mac oighe, agus airdespug iarthair Eorpa, aein-ceann so riaraighsiot Goill, agus Gaoidhil, laoich, agus cleirigh Éreann, iar n-oirdneadh epscop, sacart, agus aosa gacha graidh ar cheana, iar ccoisreccadh teampall, agus seilgeadh niomdha, iar ttiodhnacal séd agus maoine, iar n-earail riaghla agus shoi-bhés ar chách etir tuaith agus ecclais, iar mbeathaidh aointigh (.i. trosgaidh), ernaighthigh, celeabh- arthadh, oiffreandaibh, iar n-ongadh agus iar n-aithrighe toccaidhe (.i. maith), ro fhaidh (.i. chuir) a spirat do cum nimhe in Ard Pattraicc isin Mumhain, an céd lá d'April Dia Luain do shonnradh (.i. go sonnradhach) isin caeccatmhadh bliadhain a aoisi. Rugadh tra a chorp dia adhnacal isin ccédaoin ar ccind go Lios Mór Mochúda do réir a Thiomna buidhdein (.i. féin), agus ro friothaireadh (.i. tórraomhadh) co psalmaibh, agus imnaibh, agus caoiticibh, agus ro hadhnaiceadh co honórach i n-iolaidh (.i. uaigh) na n-epscop Dia Dardaoin arnabhárach. Muircheartach, mac Domhnaill, doirdneadh hí ccomarbus Pattraicc iarsin." Bhí sé bliadhna déag d'aois ag Maolmh- aodhóg nuair a deineadh sagart de. Chuaidh sé le cead & beannacht ó Naomh Ceallach & ó Naomh Íomhair i gCúige Mumhan annsin go dtí Malchus, easpog Leasa Mhóir, duine clúmhail ar naomhthacht. Thriall sé thar n-ais go Cúige Uladh i gceann tamaill agus an Mhainistear i mBeannchor a bhí ag tuitim as n-a chéile do chuir sé ar a bonnaibh arís í & d'órdnigh sé mar uachtarán na háite Malchus, dearbhráthair do Naomh Christian an chéad ab i Mellifont, mar ba dhual do Mhaolmhaodhóg d'óirdneadh é 'n-a easbog dh'á aimhdheoin féin nuair a bhí deich mbliadhna fichead d'aois slán aige. B'é Naomh Ceallach a d'oirdnigh é & cuireadh os cionn Dióise Condeire i nDál Aruidhe é. Do chrom sé, & ní gan contabhairt a bháis é, ar a mhuinntir do chur i mbealach a leasa, ag míniughadh an tSoiscéil dóibh & ag athchuinghe ortha droich-bhéasa a chaitheamh uatha. Annsin chuaidh sé go Cúige Mumhan
arís i n-éinfheacht le céad is fiche manach. Fearadh fáilte fíor-chaoin roimhe ag Rí Cormac a chuidigh go fial leis an bhfear naomhtha mar ba dhual do rí Gaedhealach, i dtaobh Mainistreach Ibrach. Ní fhuil fios cruinn ag éinne i dtaobh na háite i n-a raibh an mhainistear so. Deineann Naomh Bernard tagairt do “monasterium Ibracense.” Tá an-chosamh- lacht idir an ainm & Ibh Rathach (Uí Rathach) i gCiarraidhe. Deirtear gur ruaigeadh Cormac as a ríoghacht go héagcórach tamall roimhe seo & gur theich sé go dtí an tEaspog Malchus & go bhfuair díon uaidh. Nuair a tháinig sé ar ais dá ríoghacht féin bhí sé an-bhuidheach do Mhalchus & ar an adhbhar soin thug sé a lán óir is airgid do Mhaolmhaodhóg chun mainistear Ibrach do chur ar bun. De mhuinntir Cárrthaigh ab eadh an Cormac so & rí Caisil ab eadh é. (Ann. Ríogh. Éir. 1127, 1134, A.D.) B' é an Cormac so do bhunáitigh Séipéal Chormaic i gCaiseal. Nuair a bhí Naomh Ceallach i riocht an bháis, do dhein sé mar bheadh udhacht i dtreo go mbeadh Maolmhaodhóg 'n-a chomharba i n-a dhiaidh féin mar b' é ba mhó a b'fhiú é dar leis bheith i gcathaoir Phádraig i nÁrd Macha. Bhíodh comharbas Phádraig mar oighreacht dar leo féin ag Muinntir Óirghiall le os chionn dá chéad bliadhan. Droch-nós a b'eadh é sin gan amhras & ba mhithid cosc a chur leis. Mar gheall ar an ndroch-nós soin chuaidh sé go dian ar Mhaolmhaodhóg suidhe go socair mar áird-easpog go ceann tamaill. Acht beireann an ceart an buaidh i gcomhnaidhe luath nó mall & b' shin é dálta Mhaolmhaodhóig. Do cheannuigh sé Bachall Íosa, do réir teastais an Cheathrair (1135) & thug sé as a “fochla” (.i. uaigh, pluais, cuas) é ar an seachtmhadh lá de mí Iúl, 1135. Bhíodh Bachall Íosa ag Pádraig féin & comhartha áird-easpuig Árda Macha a b'eadh é do réir dheallraimh, acht bhí sé i seilbh Néill Mac Aodha go neimh-dhlisteanach & b'éigin do Mhaolmhaodhóg é cheannach uaidh. Ba ghairid a d'fhan Maolmhaodhóg 'n-a chomharba Phádraig. Do leig sé dhe é ar son Dé san mbliadhain 1136. B' é Giolla Mac Liag nó Gelasius a tháinig i n-a dhiaidh mar chomharba. Dhá bhliadhain dá éis sin chuaidh sé go dtí an Róimh. Ní fhuil a fhios agam cionnas a chaith sé a shaoghal ó'n uair seo amach acht féach “Beatha Sancti Malachiae” do scríobh Naomh Bearnard. Mian chun an “pallium” d'fhagháil le haghaidh áird-easpuidheacht Árda Macha & Caisil fé ndear dó dul go dtí an Róimh. Dhá bhliadhain déag i n-a dhiaidh seo, ins an mbliadhain 1148, do chuir sé roimhe triall ar chathair na Rómha arís. Ar a shlighe ann dó do chas sé as an mbealach tré dhúil i gcuairt do dhéanamh ar a charaid mhuinnteardha Naomh Bernard. B'é an Spiorad Naomh do stiúriugh é. Thug sé an-ghrádh do Bhernard & dá chuid manach & ba mhian leis fanmhaint i n-a measc. Tháinig fiabhras air agus le druideamhaint an bháis leis dubhairt sé “tá sanntuighthe agam,” arsa sé “go sanntach chun na Cásca so do chaitheamh i nbhur bhfochair. Bheirim mo bhuidheachas do'n Dia mhaith atá thuas nár eithigh Sé me.” Shólásuigh sé iad-san a bhí n-a seasamh mór- thimcheall air agus adubhairt “Cuimhnighidh —
se orm-sa,” arsa sé, “agus do réir mo chumais cuimhneochad-sa oraibh-se.” Annsin do leag sé a lámha ar gach aon duine aca & d'fhág sé a bheannacht ag gach éinne aca agus do chodail go sámh san dTighearna ins an áit agus ins an uair ba rogha leis féin san mbliadhain 1148 agus ceithre bhliadhna déag is dá fhichid d'aois slán do. D'adhlacadh san áit chéadna é san nGleann Glé (Clairvaux) agus é éadaighthe i n-aibíd Naoimh Bernard & d'adlacadh Naomh Bernard nuair a bhí a théarma caithte aige i n-aibíd Naoimh Maolmhaodhóig. B'é Maolmhaodhóg a thug Ord Sistersíneach nó na Manaigh Liatha isteach i nÉirinn ar dtúis agus tá siad ann fós. Fé'n mbliadhain 1148 is eadh adeir an Ceathrar (tá litriughadh na haimsire seo dá chur agam ar a gcuid focal): "Seanadh do thionól (.i. coimh- thionól do chruinnigheadh) ag Inis Pádraig (ar imeall chósta Bhaile Átha Cliath) le Maolmhaodhóg comharba Phádraig. Ba hé a líon cúig easbuig déag agus dá chéad sagart do earáil (.i. bun-áitiughadh, cur ar bun, cur i bhfeidhm) riaghla agus soi-bhéas ar chách idir tuaith agus eaglais. Agus Maolmhaodhóg Ua Morgair do dhul don dara feacht do agallamh comharba Pheadair don Róimh a comhairle an tseanaidh. Malachias .i Maol- mhaodhóg Ua Morgair áird-epscop cathaoire Phádraig, áird-cheann iarthair Eorpa, legait comharba Pheadair, éin-cheann ro riaraighset Gaoidhil agus Goill (.i. bhíodar umhal dó), árd-shaoi i n-eagna agus i gcrábhadh lóchrann solusta do shoillsigheadh tuatha agus eaglaisí tré a fhiorcheadal (.i. teagasc) agus a chaoin-ghníomha, aodhaire tairisi (.i. dílis) na heaglaise go coitcheann, iar n-oirdneadh dó epscop agus sagart agus aos gacha graidh ar cheip (.i. de gach aon tsórt), iar gcoisreacadh teampall agus reilgeadh naomhtha, iar ndéanamh gacha lubhra (.i. oibre) ecclastacha sechnón (.i. ar fuid na h) Éireann, iar dtíodhnacal seód agus bíd do thréanaibh agus thruaghaibh, iar bhfothughadh (chur ar bun) ceall agus mainistreach, óri is lies- sean do h-athnuadhadh i nÉirinn, iar n-a bhfalliughadh ó chéín mhóir, gach eaglais ro léigthí i bhfaill agus n-éirlis (.il failliughadh, léic), iar bhfágbháil gach riaghla agus gach soibhéasa i n-eaglaisibh Éireann archeana, isin dara feacht a legaideachta (.i. ar mbeith 'n-a legait an dara huair dó), iar mbeith ceithre bliadhna decc i n-a príomhaidh (.i. Primatus), agus iars an ceathramhadh bliadhain caeccat (caogad) a aoisi, ro fhaidh a spirat do chum nimhe an dara lá do Nouember, agus is ann chelaebraitt (.i. cleachtann go honórach) an eaglais lith (.i. féile) i sollamhain naomh (sic) Malachias ar an treas lá ar n-a claochlúdh (.i. athrughadh) las (leis) na sruithibh (seanóiríbh) ó la fhéile na marbh ar an lá n-a dhiaidh ar combadh (ionnus go mbeadh) usaide a eardach (.i. moladh) agus a onóir agus ro hadhnacht (adhlachadh) i mainistir S. Bernard hi cClairualis (Clairvaux) i fFrancoibh, go n-onóir agus co n-airmhitin (.i. meas)." MAOLMHUIRE. Do sholáthruigh ó Annálaibh Ríoghachta Éireann agus ó "Chaithréim na Croise Naomhtha." — A Ghrádh ghil, do b'fheárr a gearradh dhíot féin An lámh soin is gnáthach ag tabhairt dighe it bhéal Sular fhágais a bhárr ag an ainmhidhe i gcéill Nár sháruigh a sháith acht mar ghabhas íota é. Is áil liom bean cáirdeamhail óg, Is áil liom a bheith ró-dheas suairc, Is áil liom a bheith geanmnaidhe modhmhail, Is áil liom iomad óir léi mar dhuais. Ní raibh cuibheasach'n-a thighearach mhaith riamh. A ghrádh ghil, do b'fheárr dhuit a gearradh dhíot féin An lámh soin is gnáthach ag tabhairt dighe it bhéal Sular fhágais a bhárr ag an ainmhidhe i gcéill Nár sháruigh a sháith acht mar ghabhas íota é. Is áil liom bean cáirdeamhail óg, Is áil liom a bheith ró-dheas suairc, Is áil liom a bheith geanmnaidhe modhmhail, Is áil liom iomad óir léi mar dhuais. Ní raibh cuibheasach 'n-a thigheasach mhaith riamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services