Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maolmhaodhóg Naomhtha Ua Morgair.

Title
Maolmhaodhóg Naomhtha Ua Morgair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 162


MAOLMHAODHÓG NAOMHTHA UA MOR-
GAIR.



Fear de na fearaibh ab uaisle riamh i
nÉirinn ab eadh Maolmhaodhóg. Timcheall
na bliadhna 1094 d'aois ár dTighearna do
rugadh é. Bhí fuil uasal ann. Bhí sé n-a
mhac léighinn agus é an-óg i mbliadhain
1107 in nÁrd Macha fé stiúrughadh íomhair
Ua hAodhagáin, duine diadha cráibhtheach do
chuir Cill na Naomh Peadar & Pól ar bun
san gcathraigh sin, & fuair bás naomhtha san
Róimh ag déanamh turas diadha dhó ann san
mbliadhain 1134. Fuair Maolmhaodhóg ord
na sagartachta fé láimh Naoimh Ceallaigh
(Celsus), comharba Phádraig a bhí 'n-a Áird-
Easpog i nÁrd Macha ó'n mbliadhain 1106
go dtí an bhliadhain 1129. Fuair Ceallach
bás i nÁrd Pádraig i gCondae Luimnigh &
mar a d'iarr sé féin, d'adhlacadh i Lios
Mór Mochoda é. Seo mar a dhéanann na
Ceithre Máighistirí (An Ceathrar Máighistrí)
tagairt dó i nAnnálaibh Ríoghachta Éireann
san mbliadhain 1129: "Ceallach, comharba
Phatraicc, mac oighe, agus airdespug iarthair
Eorpa, aein-ceann so riaraighsiot Goill, agus
Gaoidhil, laoich, agus cleirigh Éreann, iar
n-oirdneadh epscop, sacart, agus aosa gacha
graidh ar cheana, iar ccoisreccadh teampall,
agus seilgeadh niomdha, iar ttiodhnacal séd
agus maoine, iar n-earail riaghla agus shoi-bhés ar
chách etir tuaith agus ecclais, iar mbeathaidh
aointigh (.i. trosgaidh), ernaighthigh, celeabh-
arthadh, oiffreandaibh, iar n-ongadh agus iar
n-aithrighe toccaidhe (.i. maith), ro fhaidh (.i.
chuir) a spirat do cum nimhe in Ard
Pattraicc isin Mumhain, an céd lá
d'April Dia Luain do shonnradh (.i. go
sonnradhach) isin caeccatmhadh bliadhain a
aoisi. Rugadh tra a chorp dia adhnacal isin
ccédaoin ar ccind go Lios Mór Mochúda
do réir a Thiomna buidhdein (.i. féin), agus ro
friothaireadh (.i. tórraomhadh) co psalmaibh,
agus imnaibh, agus caoiticibh, agus ro hadhnaiceadh co
honórach i n-iolaidh (.i. uaigh) na n-epscop
Dia Dardaoin arnabhárach. Muircheartach,
mac Domhnaill, doirdneadh hí ccomarbus
Pattraicc iarsin."



Bhí sé bliadhna déag d'aois ag Maolmh-
aodhóg nuair a deineadh sagart de. Chuaidh
sé le cead & beannacht ó Naomh Ceallach &
ó Naomh Íomhair i gCúige Mumhan annsin go
dtí Malchus, easpog Leasa Mhóir, duine
clúmhail ar naomhthacht. Thriall sé thar
n-ais go Cúige Uladh i gceann tamaill
agus an Mhainistear i mBeannchor a bhí ag
tuitim as n-a chéile do chuir sé ar a
bonnaibh arís í & d'órdnigh sé mar
uachtarán na háite Malchus, dearbhráthair
do Naomh Christian an chéad ab i Mellifont,
mar ba dhual do Mhaolmhaodhóg d'óirdneadh
é 'n-a easbog dh'á aimhdheoin féin nuair a
bhí deich mbliadhna fichead d'aois slán aige.
B'é Naomh Ceallach a d'oirdnigh é & cuireadh
os cionn Dióise Condeire i nDál Aruidhe
é. Do chrom sé, & ní gan contabhairt a
bháis é, ar a mhuinntir do chur i mbealach a
leasa, ag míniughadh an tSoiscéil dóibh & ag
athchuinghe ortha droich-bhéasa a chaitheamh
uatha. Annsin chuaidh sé go Cúige Mumhan


L. 163


arís i n-éinfheacht le céad is fiche manach.
Fearadh fáilte fíor-chaoin roimhe ag
Rí Cormac a chuidigh go fial leis
an bhfear naomhtha mar ba dhual do
rí Gaedhealach, i dtaobh Mainistreach
Ibrach. Ní fhuil fios cruinn ag éinne
i dtaobh na háite i n-a raibh an mhainistear
so. Deineann Naomh Bernard tagairt do
“monasterium Ibracense.” Tá an-chosamh-
lacht idir an ainm & Ibh Rathach (Uí Rathach) i
gCiarraidhe. Deirtear gur ruaigeadh
Cormac as a ríoghacht go héagcórach
tamall roimhe seo & gur theich sé go dtí an
tEaspog Malchus & go bhfuair díon uaidh.
Nuair a tháinig sé ar ais dá ríoghacht féin
bhí sé an-bhuidheach do Mhalchus & ar an
adhbhar soin thug sé a lán óir is airgid do
Mhaolmhaodhóg chun mainistear Ibrach do
chur ar bun. De mhuinntir Cárrthaigh ab
eadh an Cormac so & rí Caisil ab eadh é.
(Ann. Ríogh. Éir. 1127, 1134, A.D.) B' é an
Cormac so do bhunáitigh Séipéal Chormaic
i gCaiseal.



Nuair a bhí Naomh Ceallach i riocht an bháis,
do dhein sé mar bheadh udhacht i dtreo go
mbeadh Maolmhaodhóg 'n-a chomharba i n-a
dhiaidh féin mar b' é ba mhó a b'fhiú é dar
leis bheith i gcathaoir Phádraig i nÁrd
Macha.




Bhíodh comharbas Phádraig mar oighreacht
dar leo féin ag Muinntir Óirghiall le os
chionn dá chéad bliadhan. Droch-nós a b'eadh
é sin gan amhras & ba mhithid cosc a chur
leis. Mar gheall ar an ndroch-nós soin
chuaidh sé go dian ar Mhaolmhaodhóg suidhe
go socair mar áird-easpog go ceann
tamaill. Acht beireann an ceart an buaidh
i gcomhnaidhe luath nó mall & b' shin é dálta
Mhaolmhaodhóig. Do cheannuigh sé Bachall
Íosa, do réir teastais an Cheathrair (1135)
& thug sé as a “fochla” (.i. uaigh,
pluais, cuas) é ar an seachtmhadh lá de mí Iúl,
1135. Bhíodh Bachall Íosa ag Pádraig féin
& comhartha áird-easpuig Árda Macha a
b'eadh é do réir dheallraimh, acht bhí sé i
seilbh Néill Mac Aodha go neimh-dhlisteanach
& b'éigin do Mhaolmhaodhóg é cheannach uaidh.
Ba ghairid a d'fhan Maolmhaodhóg 'n-a
chomharba Phádraig. Do leig sé dhe é ar
son Dé san mbliadhain 1136. B' é Giolla
Mac Liag nó Gelasius a tháinig i n-a dhiaidh
mar chomharba. Dhá bhliadhain dá éis sin
chuaidh sé go dtí an Róimh. Ní fhuil a fhios
agam cionnas a chaith sé a shaoghal ó'n uair
seo amach acht féach “Beatha Sancti
Malachiae” do scríobh Naomh Bearnard.
Mian chun an “pallium” d'fhagháil le
haghaidh áird-easpuidheacht Árda Macha &
Caisil fé ndear dó dul go dtí an Róimh.
Dhá bhliadhain déag i n-a dhiaidh seo, ins an
mbliadhain 1148, do chuir sé roimhe triall ar
chathair na Rómha arís. Ar a shlighe ann dó
do chas sé as an mbealach tré dhúil i
gcuairt do dhéanamh ar a charaid
mhuinnteardha Naomh Bernard. B'é an
Spiorad Naomh do stiúriugh é. Thug
sé an-ghrádh do Bhernard & dá chuid
manach & ba mhian leis fanmhaint i n-a
measc. Tháinig fiabhras air agus le
druideamhaint an bháis leis dubhairt sé
“tá sanntuighthe agam,” arsa sé “go
sanntach chun na Cásca so do chaitheamh i
nbhur bhfochair. Bheirim mo bhuidheachas do'n
Dia mhaith atá thuas nár eithigh Sé me.”
Shólásuigh sé iad-san a bhí n-a seasamh mór-
thimcheall air agus adubhairt “Cuimhnighidh —


L. 164


se orm-sa,” arsa sé, “agus do réir mo
chumais cuimhneochad-sa oraibh-se.” Annsin
do leag sé a lámha ar gach aon duine aca
& d'fhág sé a bheannacht ag gach éinne aca
agus do chodail go sámh san dTighearna
ins an áit agus ins an uair ba rogha leis
féin san mbliadhain 1148 agus ceithre
bhliadhna déag is dá fhichid d'aois slán do.
D'adhlacadh san áit chéadna é san nGleann
Glé (Clairvaux) agus é éadaighthe i n-aibíd
Naoimh Bernard & d'adlacadh Naomh
Bernard nuair a bhí a théarma caithte aige
i n-aibíd Naoimh Maolmhaodhóig. B'é
Maolmhaodhóg a thug Ord Sistersíneach nó
na Manaigh Liatha isteach i nÉirinn ar dtúis
agus tá siad ann fós. Fé'n mbliadhain
1148 is eadh adeir an Ceathrar (tá litriughadh
na haimsire seo dá chur agam ar a gcuid
focal): "Seanadh do thionól (.i. coimh-
thionól do chruinnigheadh) ag Inis Pádraig
(ar imeall chósta Bhaile Átha Cliath) le
Maolmhaodhóg comharba Phádraig. Ba hé
a líon cúig easbuig déag agus dá chéad sagart
do earáil (.i. bun-áitiughadh, cur ar bun, cur
i bhfeidhm) riaghla agus soi-bhéas ar chách idir
tuaith agus eaglais. Agus Maolmhaodhóg Ua
Morgair do dhul don dara feacht do
agallamh comharba Pheadair don Róimh a
comhairle an tseanaidh. Malachias .i Maol-
mhaodhóg Ua Morgair áird-epscop cathaoire
Phádraig, áird-cheann iarthair Eorpa,
legait comharba Pheadair, éin-cheann ro
riaraighset Gaoidhil agus Goill (.i. bhíodar
umhal dó), árd-shaoi i n-eagna agus i gcrábhadh
lóchrann solusta do shoillsigheadh tuatha agus
eaglaisí tré a fhiorcheadal (.i. teagasc) agus a
chaoin-ghníomha, aodhaire tairisi (.i. dílis)
na heaglaise go coitcheann, iar n-oirdneadh
dó epscop agus sagart agus aos gacha graidh
ar cheip (.i. de gach aon tsórt), iar
gcoisreacadh teampall agus reilgeadh naomhtha,
iar ndéanamh gacha lubhra (.i. oibre)
ecclastacha sechnón (.i. ar fuid na h)
Éireann, iar dtíodhnacal seód agus bíd do
thréanaibh agus thruaghaibh, iar bhfothughadh (chur
ar bun) ceall agus mainistreach, óri is lies-
sean do h-athnuadhadh i nÉirinn, iar n-a
bhfalliughadh ó chéín mhóir, gach eaglais ro
léigthí i bhfaill agus n-éirlis (.il failliughadh,
léic), iar bhfágbháil gach riaghla agus gach
soibhéasa i n-eaglaisibh Éireann archeana,
isin dara feacht a legaideachta (.i. ar
mbeith 'n-a legait an dara huair dó), iar
mbeith ceithre bliadhna decc i n-a príomhaidh
(.i. Primatus), agus iars an ceathramhadh
bliadhain caeccat (caogad) a aoisi, ro
fhaidh a spirat do chum nimhe an dara lá do
Nouember, agus is ann chelaebraitt (.i.
cleachtann go honórach) an eaglais lith (.i.
féile) i sollamhain naomh (sic) Malachias
ar an treas lá ar n-a claochlúdh (.i.
athrughadh) las (leis) na sruithibh (seanóiríbh)
ó la fhéile na marbh ar an lá n-a dhiaidh ar
combadh (ionnus go mbeadh) usaide a
eardach (.i. moladh) agus a onóir agus ro hadhnacht
(adhlachadh) i mainistir S. Bernard hi
cClairualis (Clairvaux) i fFrancoibh, go
n-onóir agus co n-airmhitin (.i. meas)."



MAOLMHUIRE.



Do sholáthruigh ó Annálaibh Ríoghachta Éireann agus ó
"Chaithréim na Croise Naomhtha."

A Ghrádh ghil, do b'fheárr a gearradh dhíot féin
An lámh soin is gnáthach ag tabhairt dighe it bhéal
Sular fhágais a bhárr ag an ainmhidhe i gcéill
Nár sháruigh a sháith acht mar ghabhas íota é.



Is áil liom bean cáirdeamhail óg,
Is áil liom a bheith ró-dheas suairc,
Is áil liom a bheith geanmnaidhe modhmhail,
Is áil liom iomad óir léi mar dhuais.



Ní raibh cuibheasach'n-a thighearach mhaith riamh.
A ghrádh ghil, do b'fheárr dhuit a gearradh dhíot féin
An lámh soin is gnáthach ag tabhairt dighe it bhéal
Sular fhágais a bhárr ag an ainmhidhe i gcéill
Nár sháruigh a sháith acht mar ghabhas íota é.



Is áil liom bean cáirdeamhail óg,
Is áil liom a bheith ró-dheas suairc,
Is áil liom a bheith geanmnaidhe modhmhail,
Is áil liom iomad óir léi mar dhuais.



Ní raibh cuibheasach 'n-a thigheasach mhaith riamh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services