Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-Fhocail. XII.
Title
Sean-Fhocail. XII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAN-FHOCAIL. — XII. SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh 266. Is 'mdhó cor a chuireann lá Márta dhe. 267. Mar bó a dhoirtfeadh a chuid bainne. 268. Cia ar bheag duit a bheith bocht agus gan a bheith spriúnlaithe. 269. Tosach ceatha ceó; deireadh ceatha ceó. 270. Ceann cíortha a dhíolann cosa. 271. Sé an chéad bhiadh a chuaidh ar sliogán do é. 272. Iompuigheann brobh beart. 273. Cuir ceangal an rógaire ar an duine macánta. 274. D'órduigh Dia congnamh leis. 275. D'órduigh Dia an anachain do sheach- aint. 276. Nuair a theagann na míola, teagann na sneádha (nits). 277. Is fearr féachaint rómhat 'ná dhá fhéachaint it' dhiaidh. 278. Cad a dhéanfadh mac an chait acht luch a marbhughadh. 279. Braimichín giobalach nú garsúinín breach-loirgneach. 280. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. 281. Is fearr deire capaill 'ná tosach staigín. (Staigín, inferior little horse). 282. B'fhéidir gur mar is dona is fearr. 283. Buail an t-iarann an fhaid a bheith sé teith. 284. Bíonn dhá innsint ar scéal. 285. Aghaidh gach coiléir ó thuaidh agus aghaidh gach cuain ó dheas. 286. Is maith an t-annlann an t-ocras. 287. Tosach sláinte codladh. 288. Ceannuigh droch-rud agus beir gan aon rud. 289. Ceannach bainbh i mála. 290. Ag díol na circe ins an lá fliuch. 291. Is fearr mall ná choidhche. 292. Níor bhris aithmhéal díolta éinne riamh. 293. Salann agus iarann earraidhe ná liathann. 294. An laogh ithte i mbolg na bó. 295. An fhaid a bheidh uisce ag rith nú féar ag fás. 296. Is fearr an tsláinte 'ná na táinte ar chnoc. 297. Gach aon rud ag lorg a chóir féin. 298. Atá sé gan Murchadh gan Mánus. 299. Chonnaic sé Murchadh agus triúr dá chuideachtain. 300. Is olc an rud a bheith ar tosach nú ar deire cómhtholáin. 301. Urlár glan agus aon phunann. 302. Snáithe fada sraoile. 303. Mol a dheireadh. 304. Tá cainnt saor agus airgead ar thobac. 305. Cailleamhaint caorach le luach leath- pingne de tharra. 306. Ná dein mursantacht ar shibhialtas. 307. Ní dóichidhe an bás ná é. 308. Fear ar an mbeárnain. 309. Mair a chapaill agus gheobhair féar. 310. Tá sé chómh maith agat gabháil na h-óige a thabhairt air. 311. Is críonna an duine a ghníos rún air féin. 312. Is mó fear follamh 'sa tsolas 'ná cúigear árd. 313. Ní bhíonn aon chríochnughadh gan fuighleach nó easnamh. 314. An té ná bíonn 'na sheirbhíseach mhaith dó féin, is minic a bhíonn sé 'na sheir- bhíseach mhaith do dhaoinibh eile. 315. An té ná bíonn 'na chómhairleoir mhaith dhó féin, is minic a thugann sé comh- airle mhaith do dhaoinibh eile.
316. Ar ithe na bolóige a tá a thástáilt. 317. Níor thug Dia fios Dhá Mháthair. 318. Slat dá thómhas féin. 319. Mara (muna) mbeith agat acht gabhar bí ar lár an aonaigh leis. 320. Níor dhein béal 'n-a chómhnaidhe aimhleas. 321. Is fearr suidhe i mbun cruaiche 'ná suidhe na háit. 322. Is minic a chuir fear na luaithe fear na cruaiche amach. 323. Ní mheilleann léath-bhró. 324. Is maith scéal go dteagann dhá scéal. 325. I ndeire a gcuid troideann na coileáin. 326. Rud saor agus é fhagháil fairsing. 327. Do chuir an cúpla saor an cúpla daor suas. 328. Ná díol maol, ná ceannaigh maol agus ná bí gan maol. 329. Iomarca capall i mbaile gan treabhracht nú iomarca ban gan abhras. 330. An té nár chrádhadh crádhfar. 331. An fhaid a bheidh an cat amuigh gheobhaidh na lucha a bheith ag rinnce. 332. An té a bhíonn 'na sheirbhíseach mhaith dho dhaoinibh eile is minic ná bíonn sé go ró-mhaith dhó féin. 333. An té bhíonn 'na chómhairleoir mhaith do dhaoinibh eile, is minic ná bíonn sé 'na chómhairleoir mhaith dho féin. 334. Nuair a bheidh do lámh i mbéal an mhadraidh caithfidh tú í tharraingt go réidh. 335. An té nár uaidh an fheoil ba mhór an t-iongantas ant-anairthe (anbhruith). 336. Ní bhfuigheadh sé uisce 'san abhainn. 337. Cuirfidh sé an tóin tré an seana- hata dhó. 338. Dein mar badh mhaith leat a bheith déanta leat. 339. Díol do ghádh agus cíos an tighearna. 340. Teacht agus do leath-sciath briste. 341. An té bhíonn bacach bíodh. 342. Is olc an chú nac fiú í fead a chur uirthi. RUDAÍ A CURTAR I CÚMPARÁID LE CHÉILE: 343. Chómh bán le páipéar. 344. Chómh dorcha le tóin an phúca. 345. Chómh luath leis an ghaoith. 346. Chómh árd leis an spéir. 347. Chómh doimhin le poll duibheacáin. 348. Chómh tirm le cnámh. 349. Chómh bog le gruith. 350. Chómh cruaidh le hiarann. 351. Chómh gasta le fear na méaracán. 352. Chómh baoth le laogh na bó. 353. Chómh caol leis an dtlúith. 354. Chómh saidhbhir le Déamar. 355. Chómh tirm le smior. 356. Chómh fliuch le haoileach. 357. Chómh te leis an dteine. 358. Chómh gorm le blúirín. 359. Chómh tiugh leis an bhféar. 360. Chómh tánaidhe leis an uisce. 361. Chómh briosc le branar an gheimhridh. 362. Chómh roighin le gad. 363. Chómh liath le broc. 364. Chómh láidir le stail. 365. Chómh lag leis an uisce. 366. Chómh lag le bonóic. 367. Chómh tiugh le clár. 368. Chómh dána le muic. 369. Chómh fiadhain le girrfhiadh. 370. Chómh fuar leis an sneachta. 371. Chómh milis le mil. 372. Chómh folláin le breac. 373. Chómh lobhtha le perrí. 374. Chómh tánaidhe le snáthaid. 375. Chómh dearg le fuil. 376. Chómh buidhe le hór. 377. Chómh glas le geamhar.
378. Chómh trom le cloich. 379. Chómh mín le síoda. 380. Chómh sleamhain le gloine. 381. Chómh macánta le huan. 382. Chómh caithte leis an gcoinnill. 383. Chómh macánta leis an Sagart. 384. Chómh géar le cnámh. 385. Chómh lom leis an mbóthar mór. 386. Chómh mór le cnoc. 387. Chómh saor le sean-iarann. 388. Chómh cam le hadharc puic. 389. Chómh bodhar le cloich. 390. Chómh marbh le cat. 391. Chómh húr le breac. 392. Chómh lán le mála. 393. Chómh aosta leis na sean-bhóithribh. 394. Chómh deas le rós. 395. Chómh reamhar le muic. 396. Chómh deas le Bhénus. 397. Chómh díreach le riaghail. 398. Chómh dubh le daol. 399. Ag cuimilt blonoig do thóin muice. 400. Ag fual ar fhaid a dhroma. 401. Is ar a laighead do dhuine bocht aire a thabhairt dá ghnó féin. 402. Dá mhéad é an t-ól 'seadh is mó é an tart. 403. Ag tabhairt aol go teine-aoil. 404. Deargadh anoir sneachta go freith, deargadh aniar gealach agus grian. 405. Seachain an baoghal agus ná gaibh i leath-taoibh. 406. Samhradh beag na féile Michíl. 407. Dia a ghníos margadh. 408. Ní don abhras an chéad shnáth. 409. Ní féidir na sean-fhocail do shárughadh. 410. Sé baint an bratlín den chorp é. 411. Ag braith olann ar ghabhar. 412. Bloscadh an Domhnaigh. 413. Ag treabhadh na hoidhche agus ag fuirse an lae.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services