Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Fhocail. XII.

Title
Sean-Fhocail. XII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-FHOCAIL. — XII.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh



266. Is 'mdhó cor a chuireann lá Márta
dhe.



267. Mar bó a dhoirtfeadh a chuid bainne.



268. Cia ar bheag duit a bheith bocht agus
gan a bheith spriúnlaithe.



269. Tosach ceatha ceó; deireadh ceatha
ceó.



270. Ceann cíortha a dhíolann cosa.



271. Sé an chéad bhiadh a chuaidh ar sliogán
do é.



272. Iompuigheann brobh beart.



273. Cuir ceangal an rógaire ar an
duine macánta.



274. D'órduigh Dia congnamh leis.



275. D'órduigh Dia an anachain do sheach-
aint.



276. Nuair a theagann na míola, teagann
na sneádha (nits).



277. Is fearr féachaint rómhat 'ná dhá
fhéachaint it' dhiaidh.



278. Cad a dhéanfadh mac an chait acht
luch a marbhughadh.



279. Braimichín giobalach nú garsúinín
breach-loirgneach.



280. Ní fiú an tairbhe an trioblóid.



281. Is fearr deire capaill 'ná tosach
staigín. (Staigín, inferior little horse).



282. B'fhéidir gur mar is dona is fearr.



283. Buail an t-iarann an fhaid a bheith
sé teith.



284. Bíonn dhá innsint ar scéal.



285. Aghaidh gach coiléir ó thuaidh agus
aghaidh gach cuain ó dheas.



286. Is maith an t-annlann an t-ocras.



287. Tosach sláinte codladh.



288. Ceannuigh droch-rud agus beir gan
aon rud.



289. Ceannach bainbh i mála.



290. Ag díol na circe ins an lá fliuch.



291. Is fearr mall ná choidhche.



292. Níor bhris aithmhéal díolta éinne
riamh.



293. Salann agus iarann earraidhe ná
liathann.



294. An laogh ithte i mbolg na bó.



295. An fhaid a bheidh uisce ag rith nú
féar ag fás.



296. Is fearr an tsláinte 'ná na táinte
ar chnoc.



297. Gach aon rud ag lorg a chóir féin.



298. Atá sé gan Murchadh gan Mánus.



299. Chonnaic sé Murchadh agus triúr dá
chuideachtain.



300. Is olc an rud a bheith ar tosach nú
ar deire cómhtholáin.



301. Urlár glan agus aon phunann.



302. Snáithe fada sraoile.



303. Mol a dheireadh.



304. Tá cainnt saor agus airgead ar
thobac.



305. Cailleamhaint caorach le luach leath-
pingne de tharra.



306. Ná dein mursantacht ar shibhialtas.



307. Ní dóichidhe an bás ná é.



308. Fear ar an mbeárnain.



309. Mair a chapaill agus gheobhair féar.



310. Tá sé chómh maith agat gabháil na
h-óige a thabhairt air.



311. Is críonna an duine a ghníos rún
air féin.



312. Is mó fear follamh 'sa tsolas 'ná
cúigear árd.



313. Ní bhíonn aon chríochnughadh gan
fuighleach nó easnamh.



314. An té ná bíonn 'na sheirbhíseach
mhaith dó féin, is minic a bhíonn sé 'na sheir-
bhíseach mhaith do dhaoinibh eile.



315. An té ná bíonn 'na chómhairleoir
mhaith dhó féin, is minic a thugann sé comh-
airle mhaith do dhaoinibh eile.


L. 153


316. Ar ithe na bolóige a tá a thástáilt.



317. Níor thug Dia fios Dhá Mháthair.



318. Slat dá thómhas féin.



319. Mara (muna) mbeith agat acht
gabhar bí ar lár an aonaigh leis.



320. Níor dhein béal 'n-a chómhnaidhe
aimhleas.



321. Is fearr suidhe i mbun cruaiche 'ná
suidhe na háit.



322. Is minic a chuir fear na luaithe fear
na cruaiche amach.



323. Ní mheilleann léath-bhró.



324. Is maith scéal go dteagann dhá
scéal.



325. I ndeire a gcuid troideann na
coileáin.



326. Rud saor agus é fhagháil fairsing.



327. Do chuir an cúpla saor an cúpla
daor suas.



328. Ná díol maol, ná ceannaigh maol
agus ná bí gan maol.



329. Iomarca capall i mbaile gan
treabhracht nú iomarca ban gan abhras.



330. An té nár chrádhadh crádhfar.



331. An fhaid a bheidh an cat amuigh
gheobhaidh na lucha a bheith ag rinnce.



332. An té a bhíonn 'na sheirbhíseach mhaith
dho dhaoinibh eile is minic ná bíonn sé go
ró-mhaith dhó féin.



333. An té bhíonn 'na chómhairleoir mhaith
do dhaoinibh eile, is minic ná bíonn sé 'na
chómhairleoir mhaith dho féin.



334. Nuair a bheidh do lámh i mbéal an
mhadraidh caithfidh tú í tharraingt go réidh.



335. An té nár uaidh an fheoil ba mhór
an t-iongantas ant-anairthe (anbhruith).



336. Ní bhfuigheadh sé uisce 'san abhainn.



337. Cuirfidh sé an tóin tré an seana-
hata dhó.



338. Dein mar badh mhaith leat a bheith
déanta leat.



339. Díol do ghádh agus cíos an tighearna.



340. Teacht agus do leath-sciath briste.



341. An té bhíonn bacach bíodh.



342. Is olc an chú nac fiú í fead a chur
uirthi.



RUDAÍ A CURTAR I CÚMPARÁID LE CHÉILE:



343. Chómh bán le páipéar.



344. Chómh dorcha le tóin an phúca.



345. Chómh luath leis an ghaoith.



346. Chómh árd leis an spéir.



347. Chómh doimhin le poll duibheacáin.



348. Chómh tirm le cnámh.



349. Chómh bog le gruith.



350. Chómh cruaidh le hiarann.



351. Chómh gasta le fear na méaracán.



352. Chómh baoth le laogh na bó.



353. Chómh caol leis an dtlúith.



354. Chómh saidhbhir le Déamar.



355. Chómh tirm le smior.



356. Chómh fliuch le haoileach.



357. Chómh te leis an dteine.



358. Chómh gorm le blúirín.



359. Chómh tiugh leis an bhféar.



360. Chómh tánaidhe leis an uisce.



361. Chómh briosc le branar an gheimhridh.



362. Chómh roighin le gad.



363. Chómh liath le broc.



364. Chómh láidir le stail.



365. Chómh lag leis an uisce.



366. Chómh lag le bonóic.



367. Chómh tiugh le clár.



368. Chómh dána le muic.



369. Chómh fiadhain le girrfhiadh.



370. Chómh fuar leis an sneachta.



371. Chómh milis le mil.



372. Chómh folláin le breac.



373. Chómh lobhtha le perrí.



374. Chómh tánaidhe le snáthaid.



375. Chómh dearg le fuil.



376. Chómh buidhe le hór.



377. Chómh glas le geamhar.


L. 154


378. Chómh trom le cloich.



379. Chómh mín le síoda.



380. Chómh sleamhain le gloine.



381. Chómh macánta le huan.



382. Chómh caithte leis an gcoinnill.



383. Chómh macánta leis an Sagart.



384. Chómh géar le cnámh.



385. Chómh lom leis an mbóthar mór.



386. Chómh mór le cnoc.



387. Chómh saor le sean-iarann.



388. Chómh cam le hadharc puic.



389. Chómh bodhar le cloich.



390. Chómh marbh le cat.



391. Chómh húr le breac.



392. Chómh lán le mála.



393. Chómh aosta leis na sean-bhóithribh.



394. Chómh deas le rós.



395. Chómh reamhar le muic.



396. Chómh deas le Bhénus.



397. Chómh díreach le riaghail.



398. Chómh dubh le daol.



399. Ag cuimilt blonoig do thóin muice.



400. Ag fual ar fhaid a dhroma.



401. Is ar a laighead do dhuine bocht aire
a thabhairt dá ghnó féin.



402. Dá mhéad é an t-ól 'seadh is mó é
an tart.



403. Ag tabhairt aol go teine-aoil.



404. Deargadh anoir sneachta go freith,
deargadh aniar gealach agus grian.



405. Seachain an baoghal agus ná gaibh i
leath-taoibh.



406. Samhradh beag na féile Michíl.



407. Dia a ghníos margadh.



408. Ní don abhras an chéad shnáth.



409. Ní féidir na sean-fhocail do shárughadh.



410. Sé baint an bratlín den chorp é.



411. Ag braith olann ar ghabhar.



412. Bloscadh an Domhnaigh.



413. Ag treabhadh na hoidhche agus ag
fuirse an lae.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services