Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éirghidh, a Ghiollaí Leisceamhla.
Title
Éirghidh, a Ghiollaí Leisceamhla.
Author(s)
Ó Brasaire, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÉIRGHIDH, A GHIOLLAÍ LEISCEAMHLA! Arú! dá maireadh Aenghus na n-aor anois is diabhalta an léirscrios do dhéan- fadh sé ar mhuinntir na dteangacha dtuis- leach is na gcrobh gan bhinneas! Cheapfadh sé aor ortha nár bh'fhearrde iad féin ná a sliocht ná sliocht a sleachta! Níor bhinn le n-a intinn & níor gheal le n-a chroidhe an drabhuigheal Gaedhilge a sheoltar timcheall chugainn agus imprimatur an Chonnartha uirthi! Níl aon teastas is fírinnighe ar mheath- tacht sliocht Gaedheal ná bacaigheacht a dteangan & a luighead éirim Ghaedhealach is tá ins na sgríbhneoirí. Is dubhach an tslighe chum caitheamh aimsire cromadh ar iad do spalpadh agus do ghriosáil, mar ar ndóigh táim d'aon-chineadh agus d'aon-túismigh- theoir leo; acht dá leogfaidhe de chosa glana tiorma mé, gan duadh dá laighead d'fhagháil, isteach i bhFlaitheas Dé, ní mheas- aim go dtiocfadh liom mo chrobh do chur i gcuibhreach ná srian do chur ar mo theangain tá an oiread san de ráig orm! Is feas dom nach gníomh do réir aitheasg léigheanta na sean atá ghá dhéanamh agam, ná fós ní thagann le teagasg cléire an lae indiu. Tá m'aodhanna loisgthe, pollta, tollta, feannaidhthe ag díolúnaigh na Gaedhilge gan bhinneas gan chlisteacht, go bhfuil an Ghalldacht ar gor 'n-a n-inchinní le fada! Och! cár mhór súiste Osguir & neart na Féinne chum an dream táir seo do chur ar a leas! Ní heól dóibh fós cad is Gaedhilge ann chor ar bith, agus ní mó ní fonn leo an t-eolas do ghabháil chúca. Níor mhó glór barra buadhbhaill na Féinne ná ceól na druinge gan tuigsint seo. Dhéanfaidís cat is dá earball is súgáin ghainimhe de ghrádh an Ghaedhilg a chur céim ar aghaidh — béal-chrábhaigh, adeirim-se! Ní chuirfidís de shaothar ortha féin a sgríobhaid agus a léighid do bhreathnughadh go cruinn, ná a labhartha béil do sgrúdughadh ar eagla go sleamh- nóchadh dá luighead de chaint an Bhéarlóra isteach. Is beag nách liath dhom ó leamhas agus ó leanabaidheacht a smaointe & ó liobairne a ráidhte! Ní dulta dá urmhór tar saoibhe an leinbh. Ní fonn le n-a lán aco giollaidh- eacht do dhéanamh dóibh féin. Is amhlaidh bhíd ag braith ar dhaoine eile breith de ghreim sróine ortha agus an bóthar a réidhteach rómpa. is geas dóibh dul thar ar bhfionn a sean- aithreacha, & ní minic a chuirid an oiread ar an inchinn! Is minic sinn ag trácht ar bhrigh intlidh- eachta an lae indiu ar fuaid na hÉireann; acht tuigidh uaim-se gur intlidheacht na nGall-Gaedheal í, & go bhfuil an intlidh- eacht sin na bhfíor-Ghaedheal 'n-a spreas gan borradh gan bíodhgadh fós. Níl gó ghá chanadh agam agus ní fuláir do'n té is táire ar an dream úd ar an thráchtas romham, é sin d'admháil. Níl sé d'uain ná de mhian agam trácht a thuilleadh ar an gcóip seo. Acht nách nár dhúinn ár nÉireannaigh, dream nár scar leis an léigheann riamh, bheith ag lot & ag milleadh na teangan gaois-bhriathraighe Gaedhilge is go raibh sí 'gha cleachtadh ag ar sinnsear romhainn leis na cianta gan locht ná salach. Is nár fé dhó dhúinn an útamáil agus an lapadáil atáimíd a dhéanamh & an t-eólas le fagháil dá mba thoil linn í ghobh- ail chughainn. Ní mór orm Gall-Ghaedhil, Ní binn liom a maoidhteacht; Iarmhar cóbach iad-san, Nach cleachtadh leó deagh-Gaoidhilge. Fada dhóibh gan aoradh, Mór a thuillid cheana;
Cá bhfuil Aonghus Ruadh, Fear ar a thí, nár bh'fhada? Ceangal na dtrí gcaol Déanaidh ar an gcuallacht; Spalpaidh iad go tréan, Is beannacht oraibh uaim-se! MÍCHEÁL Ó BRASAIRE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services