Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éirghidh, a Ghiollaí Leisceamhla.

Title
Éirghidh, a Ghiollaí Leisceamhla.
Author(s)
Ó Brasaire, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÉIRGHIDH, A GHIOLLAÍ LEISCEAMHLA!



Arú! dá maireadh Aenghus na n-aor
anois is diabhalta an léirscrios do dhéan-
fadh sé ar mhuinntir na dteangacha dtuis-
leach is na gcrobh gan bhinneas! Cheapfadh
sé aor ortha nár bh'fhearrde iad féin ná a
sliocht ná sliocht a sleachta! Níor bhinn le
n-a intinn & níor gheal le n-a chroidhe an
drabhuigheal Gaedhilge a sheoltar timcheall
chugainn agus imprimatur an Chonnartha
uirthi!



Níl aon teastas is fírinnighe ar mheath-
tacht sliocht Gaedheal ná bacaigheacht a
dteangan & a luighead éirim Ghaedhealach is
tá ins na sgríbhneoirí. Is dubhach an tslighe
chum caitheamh aimsire cromadh ar iad do
spalpadh agus do ghriosáil, mar ar ndóigh
táim d'aon-chineadh agus d'aon-túismigh-
theoir leo; acht dá leogfaidhe de chosa
glana tiorma mé, gan duadh dá laighead
d'fhagháil, isteach i bhFlaitheas Dé, ní mheas-
aim go dtiocfadh liom mo chrobh do chur i
gcuibhreach ná srian do chur ar mo theangain
tá an oiread san de ráig orm! Is feas
dom nach gníomh do réir aitheasg léigheanta
na sean atá ghá dhéanamh agam, ná fós ní
thagann le teagasg cléire an lae indiu.
Tá m'aodhanna loisgthe, pollta, tollta,
feannaidhthe ag díolúnaigh na Gaedhilge
gan bhinneas gan chlisteacht, go bhfuil an
Ghalldacht ar gor 'n-a n-inchinní le fada!
Och! cár mhór súiste Osguir & neart na
Féinne chum an dream táir seo do chur ar
a leas! Ní heól dóibh fós cad is Gaedhilge
ann chor ar bith, agus ní mó ní fonn leo
an t-eolas do ghabháil chúca. Níor mhó glór
barra buadhbhaill na Féinne ná ceól na
druinge gan tuigsint seo. Dhéanfaidís
cat is dá earball is súgáin ghainimhe de
ghrádh an Ghaedhilg a chur céim ar aghaidh —
béal-chrábhaigh, adeirim-se! Ní chuirfidís de
shaothar ortha féin a sgríobhaid agus a léighid
do bhreathnughadh go cruinn, ná a labhartha
béil do sgrúdughadh ar eagla go sleamh-
nóchadh dá luighead de chaint an Bhéarlóra
isteach.



Is beag nách liath dhom ó leamhas agus ó
leanabaidheacht a smaointe & ó liobairne a
ráidhte! Ní dulta dá urmhór tar saoibhe
an leinbh. Ní fonn le n-a lán aco giollaidh-
eacht do dhéanamh dóibh féin. Is amhlaidh bhíd
ag braith ar dhaoine eile breith de ghreim
sróine ortha agus an bóthar a réidhteach rómpa.
is geas dóibh dul thar ar bhfionn a sean-
aithreacha, & ní minic a chuirid an oiread ar
an inchinn!



Is minic sinn ag trácht ar bhrigh intlidh-
eachta an lae indiu ar fuaid na hÉireann;
acht tuigidh uaim-se gur intlidheacht na
nGall-Gaedheal í, & go bhfuil an intlidh-
eacht sin na bhfíor-Ghaedheal 'n-a spreas gan
borradh gan bíodhgadh fós. Níl gó ghá
chanadh agam agus ní fuláir do'n té is táire
ar an dream úd ar an thráchtas romham, é
sin d'admháil.



Níl sé d'uain ná de mhian agam trácht a
thuilleadh ar an gcóip seo. Acht nách nár
dhúinn ár nÉireannaigh, dream nár scar
leis an léigheann riamh, bheith ag lot & ag
milleadh na teangan gaois-bhriathraighe
Gaedhilge is go raibh sí 'gha cleachtadh ag ar
sinnsear romhainn leis na cianta gan locht
ná salach. Is nár fé dhó dhúinn an útamáil
agus an lapadáil atáimíd a dhéanamh & an
t-eólas le fagháil dá mba thoil linn í ghobh-
ail chughainn.



Ní mór orm Gall-Ghaedhil,
Ní binn liom a maoidhteacht;
Iarmhar cóbach iad-san,
Nach cleachtadh leó deagh-Gaoidhilge.



Fada dhóibh gan aoradh,
Mór a thuillid cheana;


L. 147


Cá bhfuil Aonghus Ruadh,
Fear ar a thí, nár bh'fhada?



Ceangal na dtrí gcaol
Déanaidh ar an gcuallacht;
Spalpaidh iad go tréan,
Is beannacht oraibh uaim-se!



MÍCHEÁL Ó BRASAIRE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services