Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. POLL AN PHÍOBAIRE an leabhar is tábhachtaighe a cuireadh amach i gcaitheamh an mhí seo gaibh tharainn. Scéal is eadh é, agus éinne a léighfidh é déarfaidh gur mór an truagh gan na céadta dhá shamhail á scaipeadh age Connradh na Gaedhilge ins na ceanntracha Gaedhilge. Bheadh gach leabhar aca 'n-a thimthire fé leith á áiteamh os íseal ar dhaoinibh casadh ar an nGaedhilg. Agus ní gearánta ar bhuaine oibre a dheintear os íseal, go háirithe ó's obair cheart chomh- riachtanach í. Leis an aos óg is mó a thaithneóidh an scéal so. Go deimhin ba mhithid cuimhneamh ortha. Beam ag súil le tuilleadh dhá shamhail seo ó Cholm Ó Conaire. Go neartuighe Dia le n-a láimh is le n-a meabhair chinn. Tá dhá phictiúir san leabhar so ó láimh Sheagháin Mhic Cathmhaoil is táid ar áilneacht an domhain. Tá Gluais agus Foclóir ann i gcóir na ndaoine ná fuil ró-oilte ar an nGaedhilg. Dhá phinginn fiacha an leabhar, agus is iad Connradh na Gaedhilge atá ghá thabhairt amach. Tá leabhairín eile pingne i gcló age Connradh na Gaedhilge. SCÉAL CHÚCHULAINN AG CUAN CÁRN. Seana-scéal Conallach is eadh é, agus do b'é an Laoideach do chuir síos agus d'eagruigh. Seana-scéal amuigh 's amach é, agus ní baoghal ná go mbeidh eileamh air, i Leath Chuinn go háirithe. “IS THE GAELIC LEAGUE POLITICAL?” Sin é teideal aitheasca a léigh an tUrr. S. Ó hAnnaigh os comhair muinntir Chraobh na gCúig gCúigí de Chonnradh na Gaedhilge san Eanair seo ghaibh tharainn. Tá sé á chur amach i bhfuirm leabhair anois is ghá dhíol ar leath-thuistiúin. B'fhiú do gach dalta de Chonnradh na Gaedhilge é léigheamh. Do cuireadh ag triall orainn “ALGEBRAICAL TESTS,” leabhairín pingne a chuir Tadhg Ó Briain agus Risteárd Ó Súilleabháin, Uachtaráin an All Ireland Correspondence College, le chéile. Tá curtha i dteannta a chéile annso ceisteanna Algebra i gcóir daoine san sreath íochtar den Intermediate. Is maith is fiú pinginn an leabhairín seo, agus beidh eileamh air gan amhrus. Is dian an saothraidheach é Micheál Ó Tiománaidhe. Ní fada ó bhí dornlach d'Amhráin ón Iarthair againn uaidh, agus seo chughainn arís é is leabhairín taith- neamhach eile dhá fhuláireamh aige dhúinn. TARGAIR- EACHT BHRIAIN RUAIDH UÍ CHEARBHAIN an ainm atá ar an leabhar so. Tá suaicheantais de “stair-sheanchas” ann i dtaobh daoine áirithe — fillidhe agus riadairí — a mhair is a chaith a saoghal i nIaros is san dtaobh thiar-dtuaidh de Chonntae Mhuighe Eó. Ní fuláir nó fuair Micheál trioblóid a dhaethin ag bailiughadh an eóluis seo is ghá chur i n-eagar a chéile. Tá a rian ar an leabhar féin. Ní hamháin go ndearnadh an obair go dicheallach is go ceanamhail, acht tá rud eile ann leis. Tá againn annso leabhar go mb'fhonn le duine é léigheamh. Gheibhmíd amharc fírinneach nádúrtha ar shaoghal na mBocht is na dtréan — an Gaedheal is an Gall — Féibh mar bhíodh i nAcail. Seo leabhar a thaithneóidh le muinntir na Gaedhilge, is go háirithe le Connachtaigh, agus níor bh'aithreach linn go bráth a leithéid a mholadh dhoibh. IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí oireamhnach d'fhágháil ó sna daoinibh a léigheann an tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig- fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar scáit a chéile mhairid na daoine. Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil ar leath-thuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh- ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a shon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services