Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



POLL AN PHÍOBAIRE an leabhar is tábhachtaighe a
cuireadh amach i gcaitheamh an mhí seo gaibh tharainn.
Scéal is eadh é, agus éinne a léighfidh é déarfaidh gur
mór an truagh gan na céadta dhá shamhail á scaipeadh
age Connradh na Gaedhilge ins na ceanntracha
Gaedhilge. Bheadh gach leabhar aca 'n-a thimthire fé
leith á áiteamh os íseal ar dhaoinibh casadh ar an
nGaedhilg. Agus ní gearánta ar bhuaine oibre a
dheintear os íseal, go háirithe ó's obair cheart chomh-
riachtanach í. Leis an aos óg is mó a thaithneóidh an
scéal so. Go deimhin ba mhithid cuimhneamh ortha.
Beam ag súil le tuilleadh dhá shamhail seo ó Cholm Ó
Conaire. Go neartuighe Dia le n-a láimh is le n-a
meabhair chinn. Tá dhá phictiúir san leabhar so ó
láimh Sheagháin Mhic Cathmhaoil is táid ar áilneacht an
domhain. Tá Gluais agus Foclóir ann i gcóir na
ndaoine ná fuil ró-oilte ar an nGaedhilg. Dhá
phinginn fiacha an leabhar, agus is iad Connradh na
Gaedhilge atá ghá thabhairt amach.



Tá leabhairín eile pingne i gcló age Connradh na
Gaedhilge. SCÉAL CHÚCHULAINN AG CUAN CÁRN.
Seana-scéal Conallach is eadh é, agus do b'é an
Laoideach do chuir síos agus d'eagruigh. Seana-scéal
amuigh 's amach é, agus ní baoghal ná go mbeidh
eileamh air, i Leath Chuinn go háirithe.



“IS THE GAELIC LEAGUE POLITICAL?”



Sin é teideal aitheasca a léigh an tUrr. S. Ó hAnnaigh
os comhair muinntir Chraobh na gCúig gCúigí de
Chonnradh na Gaedhilge san Eanair seo ghaibh tharainn.
Tá sé á chur amach i bhfuirm leabhair anois is ghá dhíol
ar leath-thuistiúin. B'fhiú do gach dalta de Chonnradh
na Gaedhilge é léigheamh.



Do cuireadh ag triall orainn “ALGEBRAICAL
TESTS,” leabhairín pingne a chuir Tadhg Ó Briain
agus Risteárd Ó Súilleabháin, Uachtaráin an All
Ireland Correspondence College, le chéile. Tá curtha
i dteannta a chéile annso ceisteanna Algebra i
gcóir daoine san sreath íochtar den Intermediate.
Is maith is fiú pinginn an leabhairín seo, agus beidh
eileamh air gan amhrus.



Is dian an saothraidheach é Micheál Ó Tiománaidhe.
Ní fada ó bhí dornlach d'Amhráin ón Iarthair againn
uaidh, agus seo chughainn arís é is leabhairín taith-
neamhach eile dhá fhuláireamh aige dhúinn. TARGAIR-
EACHT BHRIAIN RUAIDH UÍ CHEARBHAIN an ainm atá ar
an leabhar so. Tá suaicheantais de “stair-sheanchas”
ann i dtaobh daoine áirithe — fillidhe agus riadairí —
a mhair is a chaith a saoghal i nIaros is san dtaobh
thiar-dtuaidh de Chonntae Mhuighe Eó. Ní fuláir nó
fuair Micheál trioblóid a dhaethin ag bailiughadh an
eóluis seo is ghá chur i n-eagar a chéile. Tá a rian
ar an leabhar féin. Ní hamháin go ndearnadh an
obair go dicheallach is go ceanamhail, acht tá rud
eile ann leis. Tá againn annso leabhar go mb'fhonn
le duine é léigheamh. Gheibhmíd amharc fírinneach
nádúrtha ar shaoghal na mBocht is na dtréan — an
Gaedheal is an Gall — Féibh mar bhíodh i nAcail. Seo
leabhar a thaithneóidh le muinntir na Gaedhilge, is go
háirithe le Connachtaigh, agus níor bh'aithreach linn go
bráth a leithéid a mholadh dhoibh.



IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.



Badh mhaith leis an bhFear Eagair giotaí agus rudaí
oireamhnach d'fhágháil ó sna daoinibh a léigheann an
tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná
tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn, agus leig-
fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAR é. Ar
scáit a chéile mhairid na daoine.



Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndícheall a
dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirti breis cheannach
ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil
ar leath-thuistiún anois, agus badh chóir do gach Gaedh-
ilgeoir é cheannach agus cion Gaedhil a dhéanamh ar a
shon.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services