Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dinnseanchus.
Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DINNSEANCHUS. PASSAGE WEST. Ní dócha go bhfuair an Laoideach a chúntas ó na daoine a bhain leis an áit seo. Do bhí eólus ag na seandaoine ar an ainm “An Pasáiste,” & ghlaedhidís ar an sráid uaireanna í. Acht is minicidhe go léir a thugaidís “An Caladh” 'ná “An Pasáiste” ar an áit, idir sráid agus paróiste; agus ní ghlaedhidís an paróiste d'réir “An Phasáiste” in aon chor. Rud eile, ní ghlaodhtar riamh acht “Bóthar a' Chalaidh” ar an mbóthar díreach ó Dhubhghlais, tré Bhaile an Róis- tigh, go dtí “An Caladh” féin. Níor airigh éinne riamh “Bóthar an Phasáiste” mar ainm air. M. ua M. Cill Cearbhaill], i n-aice le Cill Ruis, i mí na bhFaoillí, i mbl. a 1905. A Chara, Chonnaic mé leitir uait sa “Chlaidheamh” le déidh- eanaighe, agus bhí tú ag fiafraighe cad é an t-ainm atá ar Kilmaley i nGaedhilg. 'Sé ainm a airighim-se ag Gaedhilgeóiríbh ar an mbaile sin ná Cill Mháille, Seo sean-fhocal atá san dúthaigh seo i dtaobh cúpla bailte san iarthair cois taobh na fairrge: “Cill Baithe na gcloch, Fóideire 'gus Ros, Baile na bPiast agus Fiairdín bocht.” Cill Baithe, .i. Kilbaha, áit a bhfuil oifig posta. “Coill Ruis” atá i bhFéilire na Gaedhilge ag cur Gaedhilge ar Kilrush. Ní “Coill” ámh, acht “Cill Ruis,” adeirid lucht Gaedhilge. Is ionann é agus teampull na coille. Mise do chara, ART MAG UIDHIR.
Baile Chathail, Diardaoin. A dhuine gheanamhail, Tá orm a rádh go bhfuaras do litir … Ní sgríobhfainn chor a' bith meireach gur shíleas gur “duine éigin” d'innis an “chuma” sin duit, &, nuair nár chualas mar sin riamh é, dubhras liom féin go gcuirfinn chugat é go díreach glan mar chualas é ó na sean-daoinibh. Anois, ní ó “duine éigin” chuala mise “Béal Átha na Muice,” acht ó leith-chéid. Ní'l seanduine i bpar- áiste Bhéil Átha na Muice nach nglaodhann sin air, “agus bíodh fhios agat, a dhuine chóir,” déarfaidís liom, “nach raibh acht aon mhuc amháin ann,” 'dtuigeann tú? Agus, rud eile, féach céard bhí ag an Dochtúir Mac Énrí ar “swine fever” sa “gClaidheamh” tamall ó shoin. Faoi “Shrath Shalach,” deir tú gur innis bean uasal duit — cuireann sé sin i gcuimhne dom “dubhairt bean liom go ndubhairt bean leithe.” Tá sean-aithne agam ar dhaoinibh ó'n áit sin, a rugadh ann, a chomh- nuigh liom, a bhí cainnt liom, agus as a mbéalaibh riamh níor tháinic acht “Srath Salach.” Rud eile, deamhan mórán Béarla bhí ag an dream ceadna. Is mise do chara, PÁDRAIG Ó DOMHNALLÁIN. [Béal Átha na Muice: Is fíor do Phádraig Ó Domh- nalláin: Ní raibh acht aon mhuc amháin ann. “Ní sluagh duine ina aonar.” Cé throidfeadh leis an leith- chéad seanduine Gaedhealach do fuair Mac Uí Dhomh- nalláin de chongnamh? Srath Salach: Tá an ceart ag Mac Uí Dhomhnalláin annso leis. Do chualas féin mar sin é ó bheirt nó triúr ó shoin — daoine as Condae na Gaillimhe. Do chuir an bhean uasal úd amugha mé. Is dócha nach raibh sí ag éisteacht ró-chruinn nuair a chuala sí an t-ainm. — S.L.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services