Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DINNSEANCHUS.



PASSAGE WEST.



Ní dócha go bhfuair an Laoideach a chúntas ó na
daoine a bhain leis an áit seo. Do bhí eólus ag na
seandaoine ar an ainm “An Pasáiste,” & ghlaedhidís
ar an sráid uaireanna í. Acht is minicidhe go léir a
thugaidís “An Caladh” 'ná “An Pasáiste” ar an
áit, idir sráid agus paróiste; agus ní ghlaedhidís an
paróiste d'réir “An Phasáiste” in aon chor. Rud
eile, ní ghlaodhtar riamh acht “Bóthar a' Chalaidh” ar
an mbóthar díreach ó Dhubhghlais, tré Bhaile an Róis-
tigh, go dtí “An Caladh” féin. Níor airigh éinne
riamh “Bóthar an Phasáiste” mar ainm air.



M. ua M.



Cill Cearbhaill],
i n-aice le Cill Ruis,
i mí na bhFaoillí, i mbl. a 1905.



A Chara,



Chonnaic mé leitir uait sa “Chlaidheamh” le déidh-
eanaighe, agus bhí tú ag fiafraighe cad é an t-ainm
atá ar Kilmaley i nGaedhilg. 'Sé ainm a airighim-se
ag Gaedhilgeóiríbh ar an mbaile sin ná Cill Mháille,
Seo sean-fhocal atá san dúthaigh seo i dtaobh cúpla
bailte san iarthair cois taobh na fairrge:



“Cill Baithe na gcloch, Fóideire 'gus Ros,
Baile na bPiast agus Fiairdín bocht.”



Cill Baithe, .i. Kilbaha, áit a bhfuil oifig posta.



“Coill Ruis” atá i bhFéilire na Gaedhilge ag cur
Gaedhilge ar Kilrush. Ní “Coill” ámh, acht “Cill
Ruis,” adeirid lucht Gaedhilge. Is ionann é agus
teampull na coille.



Mise do chara,



ART MAG UIDHIR.


L. 143


Baile Chathail, Diardaoin.



A dhuine gheanamhail,



Tá orm a rádh go bhfuaras do litir … Ní
sgríobhfainn chor a' bith meireach gur shíleas gur
“duine éigin” d'innis an “chuma” sin duit, &, nuair
nár chualas mar sin riamh é, dubhras liom féin go
gcuirfinn chugat é go díreach glan mar chualas é ó
na sean-daoinibh.



Anois, ní ó “duine éigin” chuala mise “Béal Átha
na Muice,” acht ó leith-chéid. Ní'l seanduine i bpar-
áiste Bhéil Átha na Muice nach nglaodhann sin air,
“agus bíodh fhios agat, a dhuine chóir,” déarfaidís liom,
“nach raibh acht aon mhuc amháin ann,” 'dtuigeann tú?
Agus, rud eile, féach céard bhí ag an Dochtúir Mac
Énrí ar “swine fever” sa “gClaidheamh” tamall ó
shoin.



Faoi “Shrath Shalach,” deir tú gur innis bean uasal
duit — cuireann sé sin i gcuimhne dom “dubhairt
bean liom go ndubhairt bean leithe.” Tá sean-aithne
agam ar dhaoinibh ó'n áit sin, a rugadh ann, a chomh-
nuigh liom, a bhí cainnt liom, agus as a mbéalaibh
riamh níor tháinic acht “Srath Salach.” Rud eile,
deamhan mórán Béarla bhí ag an dream ceadna.



Is mise do chara,



PÁDRAIG Ó DOMHNALLÁIN.



[Béal Átha na Muice: Is fíor do Phádraig Ó Domh-
nalláin: Ní raibh acht aon mhuc amháin ann. “Ní
sluagh duine ina aonar.” Cé throidfeadh leis an leith-
chéad seanduine Gaedhealach do fuair Mac Uí Dhomh-
nalláin de chongnamh?



Srath Salach: Tá an ceart ag Mac Uí Dhomhnalláin
annso leis. Do chualas féin mar sin é ó bheirt nó
triúr ó shoin — daoine as Condae na Gaillimhe. Do
chuir an bhean uasal úd amugha mé. Is dócha nach
raibh sí ag éisteacht ró-chruinn nuair a chuala sí an
t-ainm. — S.L.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services