Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala as Muigh Nuadhad
Title
Sgéala as Muigh Nuadhad
Author(s)
Sgoláire as Ailfinn,
Pen Name
Sgoláire as Ailfinn
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala as Muigh Nuadhad Bhí lá aobhachtach aoibhinn áluinn ag Maigh Nuadhad an seachtmhadh lá déag agus arís ar an ochtmhadh lá déag de'n mhí seo chuaidh tharainn. Bhí an aimsir breágh fionnfhuar. Bhí an teas mór imthighthe do bhí ann le mí roimhe sin, agus bhí cead siubhail agus spaisdeoracht ag sean agus óg, ag íseal agus uasal. I ndiaidh na hoibre beannuighthe do bhí ar láimh ann do bheith críochnuighthe, shiubhladar na céadta amach da n-aeráil féin. Bhí ceol na n-éan ar gach taobh dá sheinnm go sar-bhinn agus ag teacht as gach géig is crann. Bhí an lon-duibh, an smól, an fhionnóg óir agus an fhionnog uaithne, ag seinnm go haerach aoibhneach agus an chuach ag gairm go hárd. Bhí an ghrian go lonnrach ag dearcadh anuas ar an áit áluinn bhreágh. Bhí croidhe cáich líonta le saithis, agus n-inntinn tionntuighthe le ríméid chum buidheachais a thabhairt do'n Dia Bhí; agus go domhain thíos ina chroidhe dubhairt gach aon mar Naomh Peadar "A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso." Bhí na céadta ag siubhal 'na ndrongaibh, 'na ndis, 'na dtriúir, agus 'na gceathrar, agus gan focal dá labhairt aca acht teanga uasal ársaidh na hÉireann. I measg na nÁrd-easbog agus na n-Easbog, na n-uachtarán, na sagart agus na leibhíteach, agus an méid a tháinig ar cuairt annsin, bhí sí dá labhairt mar bhí ar mhachaire Theamhrach i n-aimsir Phádraig agus Chormaic i n-aimsir Bhriain i gCionn Coradh, i n-aimsir Ith Ruaidh agus i mbéal Árd-easbuig Thuama leith-chéad bliadhan ó shoin. Acht cé gur mór an t-athrughadh é seo i dtaobh teangadh ár dtíre is mó agus is fusa le feicsint an t-athrughadh a bhí taobh istigh de Nalla Mór an Choláisde an tráth do bhí an t-árd- sgoláire Gaedhealach sin an tAthair S. Bhreathnach as Portláirge ag leigheadh na staire breágha a sgríobh sé ar bhéathaidh ar aimsir agus ar imtheachtaibh Éoghain Ruaidh Uí Néill. Ní raibh oiread tórainn ann agus bhéadh insa reilig nó i dtigh na marbh ar uair an mheadhóin oidhche.
I measg na gcéadta daoine bhí ann, bhí gach aon aca ar a dhícheall le gach uile fhocal a tháinig as a bhéal do chlos. Bhí siad ag síneadh a muinéil amach le n-a chluinstin níos feárr, agus le faitcheas go gcaillfidís focal de'n pháipéar foghlamhtha sin. Go deimhin duit, bhí mo chroidhe féin ag bualadh go hárd le háthas le bród agus le haoibhneas, agus bheirim míle moladh agus buidheachas do Dhia Tighearna na Slógh go raibh mé i láthair leis an lá d'fheicsint ina raibh Gaedhilg faoi árd-mheas arís ar thalamh na hÉireann agus taobh istigh de bhallaidhibh Coláisde Mhuighe Nuadhad. Sgoláire as Ailfinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services