Sgéala as Muigh Nuadhad
Bhí lá aobhachtach aoibhinn áluinn ag Maigh Nuadhad an
seachtmhadh lá déag agus arís ar an ochtmhadh lá déag de'n
mhí seo chuaidh tharainn. Bhí an aimsir breágh fionnfhuar.
Bhí an teas mór imthighthe do bhí ann le mí roimhe sin, agus
bhí cead siubhail agus spaisdeoracht ag sean agus óg, ag íseal
agus uasal. I ndiaidh na hoibre beannuighthe do bhí ar láimh
ann do bheith críochnuighthe, shiubhladar na céadta amach
da n-aeráil féin. Bhí ceol na n-éan ar gach taobh dá
sheinnm go sar-bhinn agus ag teacht as gach géig is crann.
Bhí an lon-duibh, an smól, an fhionnóg óir agus an fhionnog
uaithne, ag seinnm go haerach aoibhneach agus an chuach ag
gairm go hárd. Bhí an ghrian go lonnrach ag dearcadh
anuas ar an áit áluinn bhreágh. Bhí croidhe cáich líonta
le saithis, agus n-inntinn tionntuighthe le ríméid chum
buidheachais a thabhairt do'n Dia Bhí; agus go domhain thíos
ina chroidhe dubhairt gach aon mar Naomh Peadar "A
Thighearna, is maith dhúinn bheith annso." Bhí na céadta
ag siubhal 'na ndrongaibh, 'na ndis, 'na dtriúir, agus 'na
gceathrar, agus gan focal dá labhairt aca acht teanga
uasal ársaidh na hÉireann. I measg na nÁrd-easbog
agus na n-Easbog, na n-uachtarán, na sagart agus na
leibhíteach, agus an méid a tháinig ar cuairt annsin, bhí sí
dá labhairt mar bhí ar mhachaire Theamhrach i n-aimsir
Phádraig agus Chormaic i n-aimsir Bhriain i gCionn Coradh,
i n-aimsir Ith Ruaidh agus i mbéal Árd-easbuig Thuama
leith-chéad bliadhan ó shoin. Acht cé gur mór an
t-athrughadh é seo i dtaobh teangadh ár dtíre is mó agus is
fusa le feicsint an t-athrughadh a bhí taobh istigh de
Nalla Mór an Choláisde an tráth do bhí an t-árd-
sgoláire Gaedhealach sin an tAthair S. Bhreathnach as
Portláirge ag leigheadh na staire breágha a sgríobh sé
ar bhéathaidh ar aimsir agus ar imtheachtaibh Éoghain Ruaidh
Uí Néill. Ní raibh oiread tórainn ann agus bhéadh insa
reilig nó i dtigh na marbh ar uair an mheadhóin oidhche.
I measg na gcéadta daoine bhí ann, bhí gach aon aca ar
a dhícheall le gach uile fhocal a tháinig as a bhéal do chlos.
Bhí siad ag síneadh a muinéil amach le n-a chluinstin
níos feárr, agus le faitcheas go gcaillfidís focal de'n
pháipéar foghlamhtha sin. Go deimhin duit, bhí mo chroidhe
féin ag bualadh go hárd le háthas le bród agus le
haoibhneas, agus bheirim míle moladh agus buidheachas do Dhia
Tighearna na Slógh go raibh mé i láthair leis an lá
d'fheicsint ina raibh Gaedhilg faoi árd-mheas arís ar
thalamh na hÉireann agus taobh istigh de bhallaidhibh Coláisde
Mhuighe Nuadhad.
Sgoláire as Ailfinn
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11