Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagarthóireacht.
Title
Eagarthóireacht.
Author(s)
Ua Casaide, Séamus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EAGARTHÓIREACHT. Gan amhras is breágh an leabhar nuadh atá Riseárd Ó Foghludha t'réis thabhairt dúinn. Cuireann “Amhráin Phiarais Mhic Ghearailt” i n-umhail do lucht léighte na Gaedhilge deiseacht agus binneas filidh- eachta na Barúnaighe. Acht is truagh liom nár chuir Riseárd síos go soilléir ainm agus dáta gach leabhair in a raibh cuid d'amhránaibh Phiarais i gcló ar dtúis. Cheapfadh duine uaireannta ná raibh aon leabhar fóghanta againn gur thosnuigh Connradh na Gaedhilge. Deir Riseárd “Ní raibh de dhéantús Phiarais ag na Gaedhil do chuaidh romhainn acht éan- dán amháin.” Bhí deich gcinn i “nIRISLEABHAR NA GAEDHILGE 1896 agus an chéad rann de chúig cinn eile. Bhí cuid aca i gcló roimhe sin 'san “Irishman“ 1883-4, acht níl cóip de'n pháipéar soin agam anois. Ní fhacas riamh cóip de'n “Pious Miscellany” 1817, 1821 etc. do sgríobh Tadhg Gaedhealach Ua Súilleabháin na raibh “Aithrighe an Ghearaltaigh” (Uimh. a XIV.) innti. Do chuir Seághan Ua Dálaigh an t-amhrán “Inghean Uí Ghearailt” Uimh. a XXV. san leabhar úd “Poets and Poetry of Munster” 1849, 1859, etc. Ar léigheadh an “Celt” (8, viii., 1857) dom tamall ó shoin, thugas fé ndeara go raibh “Rosc Catha na Mumhan” (Uimh. a I.) ann agus aistriughadh i Sacs- Bhéarla do dhin “Fear Dána” ag tosnughadh — … Léigheas go fonnmhar cuid mhaith de'n leabhar “Amhráin Chlainne Gaedheal” do chruinnigh muinntir
Uí Mháille agus do thaithn na hamhráiin go mór liom go háirighthe “An Caisdeach Bán” (Uimh. a X.). Is miaic d'imir Máirtín Ua Raghallaigh an port soin dom ar a phíobaibh. Is dócha ná raibh puinn dos na hamhránaibh so a gcló cheana. Casadh orm “Caiptín Seorsa Ó Máille” (Uimh. a LXIV.) i “bhFáinne an Lae” (Meitheamh 11, 1898). Fuaireas an t-amhrán “Múruisg” (Uimh. a LXXIII) i sean-leabhrán deas atá agam, dá ngoirthear “Reliques of Irish Poetry”. Tomás Ua Cúrnáin i Sráid na mBráthar mBán i mBaile Átha Cliath do chlódhbhuail é 'san mbliadhain 1825. Do réir an leabhráin so, b'é an tAthair Uilliam De Búrc, O.S.A. do sgríobh an t-amhrán nuair dh'aistrigheadh é go Béal Átha hAmhnais, A.D. 1740. 1. Mo shlán leat, a Mhurraisg bhreágh, shéimhigh, shuairc, 'S do na sléibhtibh breágha deasa, bhidh a ndeas agus a dtuaigh; Budh bhinne liom guth crotaigh aig siubhal air an tráigh, Ná ceólta na cruinne an taobh so den chlár. 2. Geall mé gan amhras umhlacht don chléir, Is mo thoil féin a sheunadh ar a toil-san go léir: Is é sin a d'fhág mise ansa tír sa go buan Nó ní thréigfinn-se Murruisg na aoibhneas na gcuan. 3. Má mhairim-se féin go ngoiridh an chuach, Rachfad-sa go Murruisg is déanfad ann mo chuairt: Ní bhfuil na daoine annso, mar chleacht mise, saothamhuil na suairc, Acht mar íomhaigh de dhair choille a ceapfaidhe le tuaigh. Níor aontuigh Seaghán Ua Modhráin leis an méad a sgríobh an sagart agus adubhairt sé mar leanas — 1. Bídheann fraoch cruaigh, asta shiar air a gcruaich Bídheann sioc uirthe, fearthainn, gaoith, sneachta & fuacht, Ní faochain a chleachtoidne na báirigh go buan heórna uainn. 2. Mur mbeidhinse aig géilleadh do Rígh na ndúl Is d'a chleir ro bheannuighthe aig ar fhág sé gach cumhacht, Ní léigfinn féin masla na tíre air fad chum siubhail, Lé aon neach dhá maireann, na leat-sa, Athair Uilliam De Búrc, … B'fhéidir go mb'fiú an freagra so do chuir sa tarna cuid de leabhar na Máilleach. SÉAMUS UA CASAIDE. DINNSEANCHUS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services