Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagarthóireacht.

Title
Eagarthóireacht.
Author(s)
Ua Casaide, Séamus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EAGARTHÓIREACHT.



Gan amhras is breágh an leabhar nuadh atá Riseárd
Ó Foghludha t'réis thabhairt dúinn. Cuireann
“Amhráin Phiarais Mhic Ghearailt” i n-umhail do lucht
léighte na Gaedhilge deiseacht agus binneas filidh-
eachta na Barúnaighe. Acht is truagh liom nár chuir
Riseárd síos go soilléir ainm agus dáta gach
leabhair in a raibh cuid d'amhránaibh Phiarais i gcló ar
dtúis. Cheapfadh duine uaireannta ná raibh aon
leabhar fóghanta againn gur thosnuigh Connradh na
Gaedhilge. Deir Riseárd “Ní raibh de dhéantús
Phiarais ag na Gaedhil do chuaidh romhainn acht éan-
dán amháin.” Bhí deich gcinn i “nIRISLEABHAR NA
GAEDHILGE 1896 agus an chéad rann de chúig cinn
eile. Bhí cuid aca i gcló roimhe sin 'san “Irishman“
1883-4, acht níl cóip de'n pháipéar soin agam anois.
Ní fhacas riamh cóip de'n “Pious Miscellany” 1817,
1821 etc. do sgríobh Tadhg Gaedhealach Ua Súilleabháin
na raibh “Aithrighe an Ghearaltaigh” (Uimh. a XIV.)
innti. Do chuir Seághan Ua Dálaigh an t-amhrán
“Inghean Uí Ghearailt” Uimh. a XXV. san leabhar
úd “Poets and Poetry of Munster” 1849, 1859, etc.
Ar léigheadh an “Celt” (8, viii., 1857) dom tamall ó
shoin, thugas fé ndeara go raibh “Rosc Catha na
Mumhan” (Uimh. a I.) ann agus aistriughadh i Sacs-
Bhéarla do dhin “Fear Dána” ag tosnughadh —





Léigheas go fonnmhar cuid mhaith de'n leabhar
“Amhráin Chlainne Gaedheal” do chruinnigh muinntir


L. 125


Uí Mháille agus do thaithn na hamhráiin go mór liom
go háirighthe “An Caisdeach Bán” (Uimh. a X.). Is
miaic d'imir Máirtín Ua Raghallaigh an port soin
dom ar a phíobaibh. Is dócha ná raibh puinn dos na
hamhránaibh so a gcló cheana. Casadh orm “Caiptín
Seorsa Ó Máille” (Uimh. a LXIV.) i “bhFáinne an
Lae” (Meitheamh 11, 1898). Fuaireas an t-amhrán
“Múruisg” (Uimh. a LXXIII) i sean-leabhrán deas
atá agam, dá ngoirthear “Reliques of Irish Poetry”.
Tomás Ua Cúrnáin i Sráid na mBráthar mBán
i mBaile Átha Cliath do chlódhbhuail é 'san mbliadhain
1825. Do réir an leabhráin so, b'é an tAthair Uilliam
De Búrc, O.S.A. do sgríobh an t-amhrán nuair
dh'aistrigheadh é go Béal Átha hAmhnais, A.D. 1740.



1. Mo shlán leat, a Mhurraisg bhreágh, shéimhigh,
shuairc,
'S do na sléibhtibh breágha deasa, bhidh a ndeas
agus a dtuaigh;
Budh bhinne liom guth crotaigh aig siubhal air an
tráigh,
Ná ceólta na cruinne an taobh so den chlár.



2. Geall mé gan amhras umhlacht don chléir,
Is mo thoil féin a sheunadh ar a toil-san go léir:
Is é sin a d'fhág mise ansa tír sa go buan
Nó ní thréigfinn-se Murruisg na aoibhneas na
gcuan.



3. Má mhairim-se féin go ngoiridh an chuach,
Rachfad-sa go Murruisg is déanfad ann mo
chuairt:
Ní bhfuil na daoine annso, mar chleacht mise,
saothamhuil na suairc,
Acht mar íomhaigh de dhair choille a ceapfaidhe le
tuaigh.



Níor aontuigh Seaghán Ua Modhráin leis an méad a
sgríobh an sagart agus adubhairt sé mar leanas —



1. Bídheann fraoch cruaigh, asta shiar air a gcruaich
Bídheann sioc uirthe, fearthainn, gaoith, sneachta &
fuacht,
Ní faochain a chleachtoidne na báirigh go buan
heórna uainn.



2. Mur mbeidhinse aig géilleadh do Rígh na ndúl
Is d'a chleir ro bheannuighthe aig ar fhág sé gach
cumhacht,
Ní léigfinn féin masla na tíre air fad chum
siubhail,
Lé aon neach dhá maireann, na leat-sa, Athair
Uilliam De Búrc,





B'fhéidir go mb'fiú an freagra so do chuir sa
tarna cuid de leabhar na Máilleach.



SÉAMUS UA CASAIDE.



DINNSEANCHUS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services