Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearta Cruadha.
Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARTA CRUADHA. Go dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann. Do raghadh le bárr gaisce 'dhruim ealaine (? fharaige) báine isteach, Agus thabharfadh 'na ghlachaibh ó Chailligh Thuinn Tóime an brat. Go bhfuil an Tonn ag faire ar bhur n-aicme má seoltar ann, Ó sciobabhair an ealain (fhalaing) ó Chailligh Thuinn Tóime 'e shnap. 48. Muna bhfuil dearmad déanta agam, tá amhrán eicínt ann i n-a bhfuil an líne seo: "D'árduigh sé síos mé go híochtar na buaile." 'Nois, más' féidir duine nó rud "d'árdughadh síos," cad chuige nárbh' fhéidir rud do "thógáil síos" freisin? Pádraic Mac Amhalghaidh, M.B. 49. Feicim "Cen Fir" dho do cheistniughadh ar cheart dúinn a rádh gur "thóigeamar síos" na hAbhráin .i- "Abhráin Chlainne Gaedheal." Is a dtógáil síos a rinneamar, agus bhí an ceart againn an fhírinn a dhéanamh. Duine de na Máilligh. 50. Clann Lir: "An drong cumhachtach so rom-char" Féach - "Do shaoth rom-thraoch is rom-thóirsigh, Rom-shaoth do thraochadh." - Dánta Phiarais Feiritéir, ll. 217-8. "Ní le faobhar grádh rom-ghoin." - Ib. l. 801. "Rí Cliach is Cláire rom-chráidh." - Dánta Sh. Uí Dhonnchadha an Gh., l. 275.
"Ionnarbadh oighre Dhomhnaill Thein i gcreacht-lotaibh rom-chuir." - Ib. l. 330. Tá "m" i "rom-" i ngach n-aon de na focail thuas 'n-a "fhorainm sáithte isteach" agus i n-a chuspóir nó obiectum, rud atá an-choitcheann san Sean-Ghaedhilg. Tá "-s-" 'n-a ghníomhuidhe in: "Ro-s-taoth i dteangmháil Bhanba." - Dánta Sh Céitinn, L. 1027. "Ro-s-taoth le gruaim-anraidh Gall." - Ib. l. 1103. .i. do thuit sé. Tá "-m-" 'na chuspóir in: "Éag na deise ro-m-dhoimheasc." - Ib. l. 1076. Is féidir dá chéill a bhaint as "rom-char," mar atá "do thug duine grádh dham" agus "do thug mé grádh do dhuine." Féach an focal céadna inn: "Ubhall óir is cian rom-char Grian agus glóir na ngall-bhan." 51. Ceist : - "Mór agus Muire dhuit," beannughadh coitcheann go leór. Féach - "Siúd Móra is Muire is Pádraig dhuit." - Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, l. 161. Is docha gur ionann brigh do "Mór" agus do "Dhia." Bhfuil éinnidh san tSeanchas i dtaoibh an fhocail seo "Mór"? Féach Amhráin Clainne Gaedheal 35, L. 1. leath. 80. Nach tóstalach an ainm sin d'aon leabhar mar é? 52. Ceist : - "Do chrádh dhuit, a Éire chraobhach chnuais-gheal, Do shliocht Gaedhil ghlais ní ghabhair truaighe, Plantation is alienation dá ruagadh, Is triubhas go minic d' athchumadh do chuaine." - Dánta is Amhráin Sh. Céitinn, ll. 1377-80. I bhfoclóir don leabhar léighinn seo, do chur an tOllamh Óirdhearc Eoin Mac Giolla Eáin, C.I., "triubhas, m., trouble, ns., 1380," agus do chuir sé comhartha ceiste leis, mar so - "trouble (?)" Anois atá mé gá fhiafruighe gan magadh nó greann de mhuintir na "bhfilleadh beag" an féidir an líne seo an fhileadh chlúmhail bheith mar "rosc-chatha" aca? An é brígh atá le "triubhas" annso "brístí"? Agus nár thaisbeán an file gur comhartha Galldachta bríste i n-ionad filleadh beag? Cad dhéarfadh Cú Uladh leis seo? 53. Ceist - "Ná leig leis do bhrághaid bhán" (Dánta Phiarais Feiritéir, l. 763) .i. ná nocht do bhrághaidh. Cionnus a mínightear "leis" annso agus i ráidhtibh eile de'n tsórd so? Tá "bhí a bhrághad leis" i "Mac Finghin Dubh." 54. Ceist: "Mac Finghin Dubh." An é an brígh atá leis seo go raibh Finghin féin "dubh" nó gurbh' é a mhac a bhí "dubh" - "Mac Dubh Fhinghin" nó Mac Finghin Duibh"? 55. Ceist - "A dá gruaidh ar ghné na gcaor, Nar fhuaigh acht saor na sé slógh." - D. Ph. Feiritéir, ll. 819-20. Bhfuil aon bhrígh áirithe le "Sé slógh"? Cia'r'b iad na sé sluaighte? 56. Ceist. - "Dar Duinnín is dar Donn!" - Dánta Ph. Feiritéir, l. 901. "Dar Duach!" - Amhráin Sheagháin Chlár. Mhic Dhomhnaill, l. 95. Cia'rb' iad Duinnín, Donn, agus Duach? Bhfuil aon eolas níos cruinne le fagháil 'ná gur deallramhach gur de Thuathaibh Dé Danann iad? Maolmhuire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services