Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



Go dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.



Do raghadh le bárr gaisce 'dhruim ealaine (? fharaige)
báine isteach,
Agus thabharfadh 'na ghlachaibh ó Chailligh Thuinn Tóime
an brat.
Go bhfuil an Tonn ag faire ar bhur n-aicme má
seoltar ann,
Ó sciobabhair an ealain (fhalaing) ó Chailligh Thuinn
Tóime 'e shnap.



48. Muna bhfuil dearmad déanta agam, tá amhrán
eicínt ann i n-a bhfuil an líne seo:



"D'árduigh sé síos mé go híochtar na buaile."



'Nois, más' féidir duine nó rud "d'árdughadh síos,"
cad chuige nárbh' fhéidir rud do "thógáil síos"
freisin?



Pádraic Mac Amhalghaidh, M.B.




49. Feicim "Cen Fir" dho do cheistniughadh ar cheart
dúinn a rádh gur "thóigeamar síos" na hAbhráin .i-
"Abhráin Chlainne Gaedheal." Is a dtógáil síos a
rinneamar, agus bhí an ceart againn an fhírinn a
dhéanamh.



Duine de na Máilligh.



50. Clann Lir:



"An drong cumhachtach so rom-char"



Féach -



"Do shaoth rom-thraoch is rom-thóirsigh,
Rom-shaoth do thraochadh."
- Dánta Phiarais Feiritéir, ll. 217-8.
"Ní le faobhar grádh rom-ghoin."
- Ib. l. 801.



"Rí Cliach is Cláire rom-chráidh."
- Dánta Sh. Uí Dhonnchadha an Gh., l. 275.


L. 124


"Ionnarbadh oighre Dhomhnaill
Thein i gcreacht-lotaibh rom-chuir."
- Ib. l. 330.



Tá "m" i "rom-" i ngach n-aon de na focail thuas
'n-a "fhorainm sáithte isteach" agus i n-a chuspóir nó
obiectum, rud atá an-choitcheann san Sean-Ghaedhilg.



Tá "-s-" 'n-a ghníomhuidhe in:



"Ro-s-taoth i dteangmháil Bhanba."



- Dánta Sh Céitinn, L. 1027.



"Ro-s-taoth le gruaim-anraidh Gall."
- Ib. l. 1103.



.i. do thuit sé.



Tá "-m-" 'na chuspóir in:
"Éag na deise ro-m-dhoimheasc."



- Ib. l. 1076.



Is féidir dá chéill a bhaint as "rom-char," mar atá
"do thug duine grádh dham" agus "do thug mé grádh do
dhuine."



Féach an focal céadna inn:
"Ubhall óir is cian rom-char
Grian agus glóir na ngall-bhan."



51. Ceist : - "Mór agus Muire dhuit," beannughadh
coitcheann go leór. Féach -



"Siúd Móra is Muire is Pádraig dhuit."



- Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, l. 161.



Is docha gur ionann brigh do "Mór" agus do "Dhia."
Bhfuil éinnidh san tSeanchas i dtaoibh an fhocail seo
"Mór"?



Féach Amhráin Clainne Gaedheal 35, L. 1. leath. 80.
Nach tóstalach an ainm sin d'aon leabhar mar é?



52. Ceist : -
"Do chrádh dhuit, a Éire chraobhach chnuais-gheal,
Do shliocht Gaedhil ghlais ní ghabhair truaighe,
Plantation is alienation dá ruagadh,
Is triubhas go minic d' athchumadh do chuaine."



- Dánta is Amhráin Sh. Céitinn, ll. 1377-80.



I bhfoclóir don leabhar léighinn seo, do chur an
tOllamh Óirdhearc Eoin Mac Giolla Eáin, C.I.,
"triubhas, m., trouble, ns., 1380," agus do chuir sé
comhartha ceiste leis, mar so - "trouble (?)"



Anois atá mé gá fhiafruighe gan magadh nó greann
de mhuintir na "bhfilleadh beag" an féidir an líne
seo an fhileadh chlúmhail bheith mar "rosc-chatha" aca?
An é brígh atá le "triubhas" annso "brístí"?
Agus nár thaisbeán an file gur comhartha Galldachta
bríste i n-ionad filleadh beag? Cad dhéarfadh Cú
Uladh leis seo?



53. Ceist - "Ná leig leis do bhrághaid bhán" (Dánta
Phiarais Feiritéir, l. 763) .i. ná nocht do bhrághaidh.
Cionnus a mínightear "leis" annso agus i ráidhtibh
eile de'n tsórd so? Tá "bhí a bhrághad leis" i
"Mac Finghin Dubh."



54. Ceist: "Mac Finghin Dubh." An é an brígh atá
leis seo go raibh Finghin féin "dubh" nó gurbh' é a
mhac a bhí "dubh" - "Mac Dubh Fhinghin" nó Mac
Finghin Duibh"?



55. Ceist -
"A dá gruaidh ar ghné na gcaor,
Nar fhuaigh acht saor na sé slógh."



- D. Ph. Feiritéir, ll. 819-20.



Bhfuil aon bhrígh áirithe le "Sé slógh"? Cia'r'b iad
na sé sluaighte?



56. Ceist. - "Dar Duinnín is dar Donn!" - Dánta
Ph. Feiritéir, l. 901. "Dar Duach!" - Amhráin Sheagháin
Chlár. Mhic Dhomhnaill, l. 95. Cia'rb' iad Duinnín,
Donn, agus Duach? Bhfuil aon eolas níos cruinne
le fagháil 'ná gur deallramhach gur de Thuathaibh Dé
Danann iad?



Maolmhuire.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services