Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Nuair bhír ag ceannach leabhair go bhfuil trácht air annso, ná dearmhad gan ainm an IRISLEABHAIR do luadh. Déanfaidh son maitheas dúinn. Ní'l aon phioc dá mhearaidhe orainn ná gurab é LEABHAR AR ÁIREAMH an leabhar is fearr agus is usáidighe a cuireadh amach i nÉirinn le tamall. Leabhar is eadh é go raibh gábhadh leis, ní hamháin i scoileannaib, acht i ngach ball a n-mbítea ag múin- eadh na Gaedhilge. Is féidir seódh de cheachtannaibh comhrádh a bhaint as an leabhairín seo. Ní'l annso acht an chéad chuid. Tá súil againn, ámh, ná fásfaidh aon fhéar fé chosaibh Dhiarmada Dhuinn go mbeidh an tarna cuid is an trímhadh cuid againn uaidh. Mar adeir Diarmaid féin, san tosach atá an trioblóid go léir, agus beidh rith an ráis leis feasta. Is fuirist a aithint ar dhéanamh an leabhair seo gur duine go raibh taithighe aige ar leanbhaí a mhúineadh a chuir le chéile é. Bhí a fhios aige cá rabhadar na féitheanna, is tá casán déanta aige thórsa i slighe nach eagal do chách feasta. Réal, glan, fiacha an leabhair seo. Connradh na Gaedhilge atá gá chur amach. Leabhar eile a thug Connradh na Gaeilge amach i rith an mhí seo ghabh tharainn BRÉAGA ÉIREANN. Micheál Mag Ruaidhrí d'innis, agus Seosamh Laoide do chuir síos agus d'eagruigh. Nach iongantach an fear bréag é Micheál! Tá saothar agus cúram an Laoidigh ar feicsint go follus ann. Tá tagras agus foclóir beag ann i gcóir mac léighinn. Leabhairín pingne is eadh é. Sean-scéal amuigh 's amach is eadh FÍS MHERLÍNO, a chuir Muinntir Ghill amach an mhí seo ghaibh tharainn, fá riar R. A. S. Mac Alastair. Is bheag scéal is coitcheannta 'ná é i laím-scríbhnibh Gaedhilge. Deabh- ruigheann sé gur a teangain éigin de theangthaibh na Roinne Eorpa — an Spáinnis b'éidir — d'aistrigheadh go Gaedhilg é. Tá an scéal i gcló annso, agus ais- triughadh Béarla air, agus foclóir toirteamhail. Scilling is leath-réal, glan, a fhiacha. Tá lochtaí ann- so is annsúd an theacs an scéil, mar atá: Olcais na háite, leathanach 6. An t-eaglais, leathanach 7. An mbréagach, leathanach 7. Ag cuidiughadh leis goid, leathanach 8. An bhfuil eolus duit-se ar, leathanach 8. Dearmhaid chló is eadh cuid aca so; acht i n-a lán de rudaíbh eile is baoghal linn gur lean an t-ughdar ró- dhlúth do chainnt na sean-leabhar agus gan cuid aca a bheith ar fóghnamh. Tá CNUASACHT CHOMHAGALL gá chur amach ag Pádraig Ó Briain, 46 Sráid Chufa i mBaile Átha Cliath. Is fada dho Phádraig ag obair ar son na Gaedhilge, agus iomdha leabhar Gaedhilge atá curtha dhe aige, agus tá fonn air tuilleadh a dhéanamh. Leabhairín gleoidhte is eadh an Chnuasacht so. Tá “Comhagall idir an Bás agus an Othar” ann agus “Marbhna an Athar Éamonn Ó Caomhánaigh.” Is fada is eól dúinn i láimhscríbhinnibh an Bás agus an tOthar. Togha glan-Ghaedhilge atá ann. Tá le n-a chois annso aistriughadh i bhfilidheacht Bhéarla a dhein
Seán Ó Coileáin, agus foclóir ar chuma go bhféad- fadh éinne é thuigsint dá laighead a eólus ar an nGaedhilg. Maidir leis an marbhna, ba dheacair é shárughadh. Tá sé go snuidhte is go canta. Ba mhaith linn an leabhairín seo Phádraig a mholadh dho léigh- theóiríbh an IRISLEABHAIR. Tuistiún is eadh a fhiacha; agus is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Ghill nó ó Chonn- radh na Gaedhilge. Tá an oiread leabhar amhrán Gaedhilge ó Chúige Chonnacht dá gcur amach le déidheannaighe gur dhóigh le duine go mbeifidhe tráighte. Acht, mo lom! is fada go mbeifar. Seo chughainn ar shálaibh “Amhráin Chlainne Gaedheal,” leabhar ó Mhicheál Ó Tiománaidhe. AMHRÁIN GHAEDHILGE AN IARTHAIR is ainm dó. Agus ní'l annso acht an chéad bheart. Deallruigheann sé go bhfuil a thuilleadh le teacht. Má bhíd do réir adhbhair an leabhair seo, beidh fáilte rompa. Tá fáilte is fiche againn féin roimh an leabhar so. Dar linne gurab é an cnuasach is fearr a chonncamair ó Chúige Chonnacht go dtí so, agus ní ag cáineadh na gcnuasach eile é. Beidh ceannach air thiar, agus b'fhiú d'aon Ghaedhilgeóir é fhagháil is scrúdughadh a dhéanamh air. Is mór an deise ar an leabhar na tuairiscí a chuireann Micheál síos ar na filidhibh is ar chuid de sna hamhráin. Naoi bpighne, glan, fiacha an leabhair, agus is maith is fiú an méid sin é. Tá suaicheantuis de rudaíbh fóghanta ins AN DEO- GHRÉINE i gcóir mhí na Feabhra. Tá aiste ann ar “The Founders of An Comunn Gaidhealach,” agus a bpictiúir le n-a hais. N-a theannta-san tá aistí & scéalta i nGaedhilg na hAlbann, agus fuinn cheóil is neithe oireamhnacha nach iad. Is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Hodges and Figgis i mBaile Átha Cliath. Fuaireamair ó Mhuinntir Bhailintín, 44 Sráid Liam, i mBaile Átha Cliath, dá leabhar Béarla ag tagairt d'Éirinn atá gá gcur amach aca. Leabhar ceóil ceann aca. GEM SELECTION: SONGS OF IRELAND is ainm dó. Is fada ná feacamair aon leabhar is deise cló 'ná é seo. Tá sé dosaon d'amhránaibh ann fá n-a gcothrom ceoil, agus ana-chuid nótaí ag tag- airt dóibh. Tá timcheall dosaon de phictiúiribh néata ann. Is féidir é fhagháil fá chludach de phoiplín Gaedh- lach ar a ceathair is réal. IRISH BARDS' BIRTHDAY BOOK is ainm don leabhar eile. Is minic daoine ag lorg a leithéid seo de leabhar & gan dul aca ar é fhagháil. Leabhairín ana-dheas is eadh é seo, agus is iongnadh linn gan a leithéid i nGaedhilg. Tá dosaon de phictiúiríbh ann ag taispeáint áilneacht na hÉireann. IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. Badh mhaith leis an bhFear Eagair, giotaí agus rudaí oireamhnacha d'fhagháil ó sna daoinilbh a léigheann an tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn agus, leag- fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAIR é. Ar scáith a chéile mhairid na daoine. Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndíceall a dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirtí breis cheannach ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil, ar leath-tuistiún anois agus badh chóir do gach Gaedhilgeóir é cheannach agus, cion Ghaedhil a dhéanamh ar a shon. Taithneann an chuma n-a bhfuilmíd ag obair anois le n-a lán daoine. Táimíd an-bhuidheach d'fhear eagair “An Chlaidheamh,” do Bheirt Fhear Dhoire agus do “Mhuimhneach” an Cork Examiner mar gheall ar a bhfuil déanta aca ar ár son. Dá ndeineadh a lán eile go mbíonn seódh chainnt aca acht a leath-oiread níor bhaoghal don IRISLEABHAR. Iarraimíd anois ar ár gcáirdibh uile gach a bhfuil ar a gcumas do dhéanamh ar ár son. Le Gaedhealaibh a bhaineann an tIRISLEABHAR, agus féachann chucha chun é chothughadh. Ní baoghal go gcaillfar air. A Sheáin Dhiarmada. Tá an Marbhna i gcló cheana san IRISLEABHAR, agus innsint níos fearr air 'ná an ceann so uait-se. Ní'l iomlán an Aighnis agat acht b'fhéidir go bhféad- fam é fagháil i mball éigin eile. Má bhuaileann umainn cuirfam i gcló é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services