Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Nuair bhír ag ceannach leabhair go bhfuil trácht
air annso, ná dearmhad gan ainm an IRISLEABHAIR
do luadh. Déanfaidh son maitheas dúinn.



Ní'l aon phioc dá mhearaidhe orainn ná gurab é
LEABHAR AR ÁIREAMH an leabhar is fearr agus is
usáidighe a cuireadh amach i nÉirinn le tamall.
Leabhar is eadh é go raibh gábhadh leis, ní hamháin i
scoileannaib, acht i ngach ball a n-mbítea ag múin-
eadh na Gaedhilge. Is féidir seódh de cheachtannaibh
comhrádh a bhaint as an leabhairín seo. Ní'l annso
acht an chéad chuid. Tá súil againn, ámh, ná fásfaidh
aon fhéar fé chosaibh Dhiarmada Dhuinn go mbeidh an
tarna cuid is an trímhadh cuid againn uaidh. Mar
adeir Diarmaid féin, san tosach atá an trioblóid
go léir, agus beidh rith an ráis leis feasta. Is
fuirist a aithint ar dhéanamh an leabhair seo gur
duine go raibh taithighe aige ar leanbhaí a mhúineadh a
chuir le chéile é. Bhí a fhios aige cá rabhadar na
féitheanna, is tá casán déanta aige thórsa i slighe
nach eagal do chách feasta. Réal, glan, fiacha an
leabhair seo. Connradh na Gaedhilge atá gá chur
amach.



Leabhar eile a thug Connradh na Gaeilge amach i
rith an mhí seo ghabh tharainn BRÉAGA ÉIREANN.
Micheál Mag Ruaidhrí d'innis, agus Seosamh Laoide
do chuir síos agus d'eagruigh. Nach iongantach an
fear bréag é Micheál! Tá saothar agus cúram an
Laoidigh ar feicsint go follus ann. Tá tagras agus
foclóir beag ann i gcóir mac léighinn. Leabhairín
pingne is eadh é.



Sean-scéal amuigh 's amach is eadh FÍS MHERLÍNO,
a chuir Muinntir Ghill amach an mhí seo ghaibh tharainn,
fá riar R. A. S. Mac Alastair. Is bheag scéal is
coitcheannta 'ná é i laím-scríbhnibh Gaedhilge. Deabh-
ruigheann sé gur a teangain éigin de theangthaibh na
Roinne Eorpa — an Spáinnis b'éidir — d'aistrigheadh
go Gaedhilg é. Tá an scéal i gcló annso, agus ais-
triughadh Béarla air, agus foclóir toirteamhail.
Scilling is leath-réal, glan, a fhiacha. Tá lochtaí ann-
so is annsúd an theacs an scéil, mar atá:



Olcais na háite, leathanach 6.
An t-eaglais, leathanach 7.
An mbréagach, leathanach 7.
Ag cuidiughadh leis goid, leathanach 8.
An bhfuil eolus duit-se ar, leathanach 8.



Dearmhaid chló is eadh cuid aca so; acht i n-a lán de
rudaíbh eile is baoghal linn gur lean an t-ughdar ró-
dhlúth do chainnt na sean-leabhar agus gan cuid aca
a bheith ar fóghnamh.



Tá CNUASACHT CHOMHAGALL gá chur amach ag
Pádraig Ó Briain, 46 Sráid Chufa i mBaile Átha
Cliath. Is fada dho Phádraig ag obair ar son na
Gaedhilge, agus iomdha leabhar Gaedhilge atá curtha
dhe aige, agus tá fonn air tuilleadh a dhéanamh.
Leabhairín gleoidhte is eadh an Chnuasacht so. Tá
“Comhagall idir an Bás agus an Othar” ann agus
“Marbhna an Athar Éamonn Ó Caomhánaigh.” Is fada
is eól dúinn i láimhscríbhinnibh an Bás agus an
tOthar. Togha glan-Ghaedhilge atá ann. Tá le n-a
chois annso aistriughadh i bhfilidheacht Bhéarla a dhein


L. 112


Seán Ó Coileáin, agus foclóir ar chuma go bhféad-
fadh éinne é thuigsint dá laighead a eólus ar an
nGaedhilg. Maidir leis an marbhna, ba dheacair é
shárughadh. Tá sé go snuidhte is go canta. Ba mhaith
linn an leabhairín seo Phádraig a mholadh dho léigh-
theóiríbh an IRISLEABHAIR. Tuistiún is eadh a fhiacha;
agus is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Ghill nó ó Chonn-
radh na Gaedhilge.



Tá an oiread leabhar amhrán Gaedhilge ó Chúige
Chonnacht dá gcur amach le déidheannaighe gur dhóigh
le duine go mbeifidhe tráighte. Acht, mo lom! is
fada go mbeifar. Seo chughainn ar shálaibh “Amhráin
Chlainne Gaedheal,” leabhar ó Mhicheál Ó Tiománaidhe.
AMHRÁIN GHAEDHILGE AN IARTHAIR is ainm dó. Agus
ní'l annso acht an chéad bheart. Deallruigheann sé
go bhfuil a thuilleadh le teacht. Má bhíd do réir
adhbhair an leabhair seo, beidh fáilte rompa. Tá
fáilte is fiche againn féin roimh an leabhar so. Dar
linne gurab é an cnuasach is fearr a chonncamair ó
Chúige Chonnacht go dtí so, agus ní ag cáineadh na
gcnuasach eile é. Beidh ceannach air thiar, agus b'fhiú
d'aon Ghaedhilgeóir é fhagháil is scrúdughadh a dhéanamh
air. Is mór an deise ar an leabhar na tuairiscí a
chuireann Micheál síos ar na filidhibh is ar chuid de
sna hamhráin. Naoi bpighne, glan, fiacha an leabhair,
agus is maith is fiú an méid sin é.



Tá suaicheantuis de rudaíbh fóghanta ins AN DEO-
GHRÉINE i gcóir mhí na Feabhra. Tá aiste ann ar
“The Founders of An Comunn Gaidhealach,” agus a
bpictiúir le n-a hais. N-a theannta-san tá aistí &
scéalta i nGaedhilg na hAlbann, agus fuinn cheóil is
neithe oireamhnacha nach iad. Is féidir é fhagháil ó
Mhuinntir Hodges and Figgis i mBaile Átha Cliath.



Fuaireamair ó Mhuinntir Bhailintín, 44 Sráid Liam,
i mBaile Átha Cliath, dá leabhar Béarla ag tagairt
d'Éirinn atá gá gcur amach aca. Leabhar ceóil ceann
aca. GEM SELECTION: SONGS OF IRELAND
is ainm dó. Is fada ná feacamair aon leabhar is
deise cló 'ná é seo. Tá sé dosaon d'amhránaibh ann
fá n-a gcothrom ceoil, agus ana-chuid nótaí ag tag-
airt dóibh. Tá timcheall dosaon de phictiúiribh néata
ann. Is féidir é fhagháil fá chludach de phoiplín Gaedh-
lach ar a ceathair is réal.



IRISH BARDS' BIRTHDAY BOOK is ainm
don leabhar eile. Is minic daoine ag lorg a leithéid
seo de leabhar & gan dul aca ar é fhagháil. Leabhairín
ana-dheas is eadh é seo, agus is iongnadh linn gan a
leithéid i nGaedhilg. Tá dosaon de phictiúiríbh ann
ag taispeáint áilneacht na hÉireann.



IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.



Badh mhaith leis an bhFear Eagair, giotaí agus rudaí
oireamhnacha d'fhagháil ó sna daoinilbh a léigheann an
tIRISLEABHAR. Éinne go mbuaileann uime rud ná
tuigeann sé, cuireadh a thuairisc chugainn agus, leag-
fam os comhair léightheoirí an IRISLEABHAIR é. Ar
scáith a chéile mhairid na daoine.



Iarraimíd ar ár lucht aitheantuis a ndíceall a
dhéanamh ar ár son, ionnus go gcuirtí breis cheannach
ar an IRISLEABHAR. Tá an tIRISLEABHAR ar fagháil,
ar leath-tuistiún anois agus badh chóir do gach
Gaedhilgeóir é cheannach agus, cion Ghaedhil a dhéanamh
ar a shon.



Taithneann an chuma n-a bhfuilmíd ag obair anois
le n-a lán daoine. Táimíd an-bhuidheach d'fhear eagair
“An Chlaidheamh,” do Bheirt Fhear Dhoire agus do
“Mhuimhneach” an Cork Examiner mar gheall ar a bhfuil
déanta aca ar ár son. Dá ndeineadh a lán eile go
mbíonn seódh chainnt aca acht a leath-oiread níor
bhaoghal don IRISLEABHAR.



Iarraimíd anois ar ár gcáirdibh uile gach a bhfuil
ar a gcumas do dhéanamh ar ár son. Le Gaedhealaibh
a bhaineann an tIRISLEABHAR, agus féachann chucha chun
é chothughadh. Ní baoghal go gcaillfar air.



A Sheáin Dhiarmada. Tá an Marbhna i gcló cheana
san IRISLEABHAR, agus innsint níos fearr air 'ná
an ceann so uait-se.



Ní'l iomlán an Aighnis agat acht b'fhéidir go bhféad-
fam é fagháil i mball éigin eile. Má bhuaileann
umainn cuirfam i gcló é.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services