Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Slad na h-Éireann
Title
Slad na h-Éireann
Author(s)
Ua Loinsigh, Donnchadh,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Slad na h-Éireann Do thrachtas chean air an nGadaighe Dubh, acht ó soin do thárladh gur bhuail Bean Sidhe liom ar bhruach leasa na haonar, agus dubhairt sí liom i nguth aoibhinn Gaedhilge gur mhair sé fós agus gur ab é áit comhnuighthe bhí aige anois portaibh leathan Londuin agus go raibh sé leis na ciantaibh ag slad cana agus cíosa na hÉireann tar thuinn gan amhras agus mar an gceudna go raibh a Bhuachaill go dian deithinseach ag gabháil abhrán, agus ag cur taisge agus slachtda ar litireacht an duithche so, agus mar sin féin é ga h-árdughadh thar Chalaith go duthrachtach ag triall ar a bhothán féin. Tháinig ana-iongnadh orm mar gheall ar an sgéal so "Ná bíodh aon iongnadh ort," ar sí, "mar tá sé siúd chomh cliste i gcleasaibh draoidheachta agus ealadhna go bhfeud- fadh gach deilbh agus cruth do chur air féin agus is é do chuir clodh fear sí air féin nó an fear fidhe úd do bhuail leis an nduine uasal oirbhidneach de t' shloinne-se, an uair do mhuin sé dhó an t-Arcadium mythology i n-aice Loch Gair, agus tá sé anois a' cur crith-eagla agus mí-shuaimh- nis ar chraobhannaibh na h-Éireann mar gheall ar a gcuid Gaedhilge." Tháinig anfháth agus iongnadh ró-mhór orm agus ní fhéadfainn focal do labhairt. Le na linn sin do sgiuird sí uaim fá imeallaibh an leasa agus d'fhág sí mise go buartha cráidhte ag tráchd ar an Ghadaighe Dubh agus a Bhuachaill. Donnchadh Ua Loinsigh Baile Mhúirne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services