Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Slad na h-Éireann

Title
Slad na h-Éireann
Author(s)
Ua Loinsigh, Donnchadh,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Slad na h-Éireann



Do thrachtas chean air an nGadaighe Dubh, acht ó
soin do thárladh gur bhuail Bean Sidhe liom ar bhruach
leasa na haonar, agus dubhairt sí liom i nguth aoibhinn
Gaedhilge gur mhair sé fós agus gur ab é áit comhnuighthe bhí
aige anois portaibh leathan Londuin agus go raibh sé leis
na ciantaibh ag slad cana agus cíosa na hÉireann tar
thuinn gan amhras agus mar an gceudna go raibh a Bhuachaill
go dian deithinseach ag gabháil abhrán, agus ag cur taisge
agus slachtda ar litireacht an duithche so, agus mar sin féin é
ga h-árdughadh thar Chalaith go duthrachtach ag triall ar
a bhothán féin.



Tháinig ana-iongnadh orm mar gheall ar an sgéal so
"Ná bíodh aon iongnadh ort," ar sí, "mar tá sé siúd chomh
cliste i gcleasaibh draoidheachta agus ealadhna go bhfeud-
fadh gach deilbh agus cruth do chur air féin agus is é do chuir
clodh fear sí air féin nó an fear fidhe úd do bhuail
leis an nduine uasal oirbhidneach de t' shloinne-se, an
uair do mhuin sé dhó an t-Arcadium mythology i n-aice
Loch Gair, agus tá sé anois a' cur crith-eagla agus mí-shuaimh-
nis ar chraobhannaibh na h-Éireann mar gheall ar a
gcuid Gaedhilge." Tháinig anfháth agus iongnadh ró-mhór
orm agus ní fhéadfainn focal do labhairt. Le na linn sin
do sgiuird sí uaim fá imeallaibh an leasa agus d'fhág sí
mise go buartha cráidhte ag tráchd ar an Ghadaighe Dubh
agus a Bhuachaill.



Donnchadh Ua Loinsigh
Baile Mhúirne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services