Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Nuair beidh tú ag ceannach leabhair go bhfuil tracht air annso, ná dearmhad gan ainm an IRIS- LEABHAIR do luadh. Déanfaidh soin maitheas dúinn. Do bhí páistí na hÉireann chomh sásta soin leis an gcéad chuid de AISTIDHE GAEDHILGE an Athar Pádraig Ua Duinnín, nár mhór leis a thuilleadh aistidhe a sholáthar dóibh. Tá an tarna cuid seo ar fagháil anois, agus beidh áthas dá bhárr ar an mhuinn- tir atá i n-a dtaithighe. Is é rud is mó a thaitneann linn san leabhairín seo a fheabhas agus oirid na ceachta beaga so do leanbhaíbh. Tá múineadh & eólus le fagháil i ngach ceann díobh, agus súd go léir ar n-a chur os comhair an pháiste i slighe a thaithneóidh leis. Maidir leis an bhfilidheacht, tá sí ar fheabhus an domhain. Beidh árd-cheannach ar an leabhairín seo i scoileannaibh na dúithche féibh mar a bhí agus mar atá ar an gcéad chuid. Tugann an t-ughdar mín- iughadh, i mbrollach gach ceachta, ar na cruadh-fhoclaibh
do gheibhtar san gceacht; & tá tagra ana-áireamhail i ndeireadh an leabhair. Réal glan, fiacha na coda so de sna hAistidhibh. Is mór an bheart a tharraing ár gcáirde na Mállaigh ortha féin & tabhairt fé AMHRÁIN CHLAINNE GAEDHEAL a chur amach. Tá timcheall a thrian dá bhfuil n-a gceanntar féin ins an leabhar so aca, acht is fada go mbeidh Éire féin tráighte aca, gan trácht ar Albainn i n-éan-chor, agus tá Gaedhil i nAlbainn leis go bhfuil amhráin aca. Tá timcheall cheithre fichid amhráin san leabhar so, & iad go léir go deas & go snuidhte i gcanamhaint Chúige Chonnacht. Acht cad is fiú an méid sin i gcompráid le hAmhráin Chloinne Gaedheal ar fad? Is gearr a raghadh trí treana na Máilleach féin ortha. Tá mianach de sheódaibh deasa filidheachta san leabhar so, & b'fhiú dhúinn stuidéar a dhéanamh ortha. Cuirid gnáth-shaoghal na ndaoine os ár gcomhair, agus go deimhin is truagh agus is tubaisteach an pictiúr é le féachaint air uaireanta. B'fhearr linn tuilleadh dhen ghreann ann, dá mb'fhéidir é; acht má's sólás nó dólás é, ná caillimís aon phioc dár n-oighreacht. Scilling is réal fiacha an leabhair seo. Tá os cionn da chéad is fiche leathanach ann. Luach maith tuistiúin is eadh AN CHROCH GHEAL atá fé ath-chló ó láimh an Laoidigh. Do b'é seo an cheath- ramhadh scéal i Scéaluidheacht na Mumhan, leabhar Phádruig Uí Laoghaire. Tá a dhíol d'fhoclóir len' ais do shocruigh an Laoideachle duthracht, ní hamháiin don scéal féin, acht don té a chéad-chuir amach é. Is beag duine againn ná féadfadh a lán d'fhoghluim as, agus tá súil againn go ndéanfar úsáid de i gcraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge. Tá tagra beag mar thuilleadh ann ó Phádruig Mac Suibhne na draoidh- eachta, & is maith an mhaise ar an leabhairín é. — Tá an cúigmhadh chuid de ABHRÁIN DIADHA CHÚIGE CONNACHT ar fagháil anois. Sean-phaidreacha is mó atá i gceist ag an gCraoibhín san leabhar so. Gheobh- aidh an uile dhuine a sháith dhíobh ann. Tá Aithrighe an tSeoghaigh ann leis, agus do b'fhiú scilling an dán breagh so féin. — Tá suaicheantais de rudaíbh luachmhara i bhFÉILIRE NA GAEDHILGE i gcóir na bliadhna so. Taithneann linn “Seadairí agus Scoláirí.” Ní ceart dúinn dearmhad a dhéanamh ar na leoghain a dhein a ndícheall ar son na Gaedhilge nuair bhí sí fé tháir is fé an- bhfainne. Molaimíd do shaothar, a Bhuachaillín Bhuidhe. Bíodh an Féilire ag an uile léightheóir dhen IRIS- LEABHAR. Ní cosnuigheann sé acht dhá phinginn. Chuir liúdaidhe áirithe LIÚDAIDHE ÓG NA LEARGADH MÓIRE i dtriall orainn chun ár dtuairim d'fhagháil air. Dráma beag fastuighmheach is eadh an Liúdaidhe Óg so. Séamus Mac Mághnuis do chéad-cheap é, agus chuir Seán Ó Ceallaigh Gaedhealg air. Cuirfidh an liúdaidhe seo Éire go léir insna tríthibh, acht buidhean dá léiriughadh ar árdán. Sult agus fastaoim is eadh theastuigheaun uainn, agus tá lán an mhála bhuidhe dhíobh san ndráma so. Dhein Sceilg na Sceól a chion féin go maith. Léirightar an dráma so is raighmíd- na i n-urradhas air nach baoghal ná go gcloisfar gáiridhe sa tigh. Is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Ghill i mBaile Átha Cliath. Réal a fhiacha. Is maith linn ár sean-chara “Journal of the Water- ford and South-East of Ireland Archaeological Society” ag teacht amach arís, agus é ag féachaint go beodha is go bárr-uasal, fá riar ár nduine muinnteardha an tAthair Pádraig de Poér. Tá aiste uaidh féin ann ar “Place Names of the Decies,” agus ceann eile ó Riseárd Ó Foghludh ar “Further Lights on Keat- ing.” Guidhmíd saoghal fada dhon Irisleabhar nuadh so ar a theacht 'n-ár measc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services