Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Nuair beidh tú ag ceannach leabhair go bhfuil
tracht air annso, ná dearmhad gan ainm an IRIS-
LEABHAIR do luadh. Déanfaidh soin maitheas dúinn.



Do bhí páistí na hÉireann chomh sásta soin leis an
gcéad chuid de AISTIDHE GAEDHILGE an Athar
Pádraig Ua Duinnín, nár mhór leis a thuilleadh
aistidhe a sholáthar dóibh. Tá an tarna cuid seo ar
fagháil anois, agus beidh áthas dá bhárr ar an mhuinn-
tir atá i n-a dtaithighe. Is é rud is mó a thaitneann
linn san leabhairín seo a fheabhas agus oirid na
ceachta beaga so do leanbhaíbh. Tá múineadh & eólus
le fagháil i ngach ceann díobh, agus súd go léir ar
n-a chur os comhair an pháiste i slighe a thaithneóidh
leis. Maidir leis an bhfilidheacht, tá sí ar fheabhus
an domhain. Beidh árd-cheannach ar an leabhairín seo
i scoileannaibh na dúithche féibh mar a bhí agus mar
atá ar an gcéad chuid. Tugann an t-ughdar mín-
iughadh, i mbrollach gach ceachta, ar na cruadh-fhoclaibh


L. 96


do gheibhtar san gceacht; & tá tagra ana-áireamhail
i ndeireadh an leabhair. Réal glan, fiacha na coda
so de sna hAistidhibh.



Is mór an bheart a tharraing ár gcáirde na
Mállaigh ortha féin & tabhairt fé AMHRÁIN CHLAINNE
GAEDHEAL a chur amach. Tá timcheall a thrian dá
bhfuil n-a gceanntar féin ins an leabhar so aca, acht
is fada go mbeidh Éire féin tráighte aca, gan trácht
ar Albainn i n-éan-chor, agus tá Gaedhil i nAlbainn
leis go bhfuil amhráin aca. Tá timcheall cheithre fichid
amhráin san leabhar so, & iad go léir go deas & go
snuidhte i gcanamhaint Chúige Chonnacht. Acht cad is
fiú an méid sin i gcompráid le hAmhráin Chloinne
Gaedheal ar fad? Is gearr a raghadh trí treana na
Máilleach féin ortha. Tá mianach de sheódaibh deasa
filidheachta san leabhar so, & b'fhiú dhúinn stuidéar
a dhéanamh ortha. Cuirid gnáth-shaoghal na ndaoine os
ár gcomhair, agus go deimhin is truagh agus is tubaisteach
an pictiúr é le féachaint air uaireanta. B'fhearr
linn tuilleadh dhen ghreann ann, dá mb'fhéidir é; acht
má's sólás nó dólás é, ná caillimís aon phioc dár
n-oighreacht. Scilling is réal fiacha an leabhair seo.
Tá os cionn da chéad is fiche leathanach ann.



Luach maith tuistiúin is eadh AN CHROCH GHEAL atá
fé ath-chló ó láimh an Laoidigh. Do b'é seo an cheath-
ramhadh scéal i Scéaluidheacht na Mumhan, leabhar
Phádruig Uí Laoghaire. Tá a dhíol d'fhoclóir len' ais
do shocruigh an Laoideachle duthracht, ní hamháiin don
scéal féin, acht don té a chéad-chuir amach é. Is beag
duine againn ná féadfadh a lán d'fhoghluim as, agus
tá súil againn go ndéanfar úsáid de i gcraobhchaibh
de Chonnradh na Gaedhilge. Tá tagra beag mar
thuilleadh ann ó Phádruig Mac Suibhne na draoidh-
eachta, & is maith an mhaise ar an leabhairín é.





Tá an cúigmhadh chuid de ABHRÁIN DIADHA CHÚIGE
CONNACHT ar fagháil anois. Sean-phaidreacha is mó
atá i gceist ag an gCraoibhín san leabhar so. Gheobh-
aidh an uile dhuine a sháith dhíobh ann. Tá Aithrighe an
tSeoghaigh ann leis, agus do b'fhiú scilling an dán
breagh so féin.





Tá suaicheantais de rudaíbh luachmhara i bhFÉILIRE
NA GAEDHILGE i gcóir na bliadhna so. Taithneann
linn “Seadairí agus Scoláirí.” Ní ceart dúinn
dearmhad a dhéanamh ar na leoghain a dhein a ndícheall
ar son na Gaedhilge nuair bhí sí fé tháir is fé an-
bhfainne. Molaimíd do shaothar, a Bhuachaillín Bhuidhe.
Bíodh an Féilire ag an uile léightheóir dhen IRIS-
LEABHAR. Ní cosnuigheann sé acht dhá phinginn.



Chuir liúdaidhe áirithe LIÚDAIDHE ÓG NA LEARGADH
MÓIRE i dtriall orainn chun ár dtuairim d'fhagháil
air. Dráma beag fastuighmheach is eadh an Liúdaidhe
Óg so. Séamus Mac Mághnuis do chéad-cheap é, agus
chuir Seán Ó Ceallaigh Gaedhealg air. Cuirfidh an
liúdaidhe seo Éire go léir insna tríthibh, acht buidhean
dá léiriughadh ar árdán. Sult agus fastaoim is eadh
theastuigheaun uainn, agus tá lán an mhála bhuidhe
dhíobh san ndráma so. Dhein Sceilg na Sceól a chion
féin go maith. Léirightar an dráma so is raighmíd-
na i n-urradhas air nach baoghal ná go gcloisfar
gáiridhe sa tigh. Is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Ghill
i mBaile Átha Cliath. Réal a fhiacha.



Is maith linn ár sean-chara “Journal of the Water-
ford and South-East of Ireland Archaeological Society”
ag teacht amach arís, agus é ag féachaint go beodha
is go bárr-uasal, fá riar ár nduine muinnteardha
an tAthair Pádraig de Poér. Tá aiste uaidh féin
ann ar “Place Names of the Decies,” agus ceann eile
ó Riseárd Ó Foghludh ar “Further Lights on Keat-
ing.” Guidhmíd saoghal fada dhon Irisleabhar nuadh
so ar a theacht 'n-ár measc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services