Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearta Cruadha.
Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARTA CRUADHA. 36. “Tosach na coille nó deire móna.” “Móna”? Portach do bháthfadh thu. “Tosach na coille nó deire an átha,” mar deirthear. Bí i dtosach ag gabháil thre choill nó buailfidh na géaga 'sa tsúil thu nuair dhridfidh an fear tosaigh as a shlíghe iad. Leig dó mar an gcéadna an t-áth anonn do chur de agus beidh fhios agat sul a gcuirfir do chos 'san áth an bhfuil sé doimhin nó a mbéarfidh an tuile léi an fear bocht tosaigh. Níor bh'éan amadáin na seandaoine. FEAR I LÚNDUIN. … 38. “FAOI RÁDH IS GO” NÓ “FAOI THRÁTH IS GO”? Ní aon tairbh do léightheoiribh an IRISLEABHAIR ná dhomsa an sárughadh seo a chongbháil ar siubhal & mar sin de déis na haiste seo éireochaidh mise as agus tiubhraidh mé cead a chinn do Thuireann spréachadh má's breagh leis. Dubhras 'sa gcéad aiste a chuireas chugad faoi an gceist seo gur “faoi rádh is go” atá i mbéalaibh na ndaoine i gCúige Chonnacht. Dubhras freisin “má's buan mo chuimhne” nárbh ionann fuaim do “rádh” agus do “thráth.” Céard a bhí ag Tuireann le chur in aghaidh sin? Éist! “Is minic ná cloiseann duine acht an rud go mbíonn súil aige leis.” Nach tráthamhail é! Ad- mhochaidh mé nach raibh aon tsúil agam go gcloisfinn mé fhéin a' léigheadh na cainnte sin. Faoi an bhfocal “rádh” nó “ráit”. Ní rabhas ariamh chomh fada síos ó thuaidh le Conndae Shligigh & ní féidir liom a rádh barrainneach céard tá ar labhairt ann, acht bíodh go bhfuil “ráit” 'sa gConndae sin, tá Conndaethe eile thar Shligeach i gConnachta a bhfuil Gaedhilge ionnta, Conndae na Gaillimhe cur i gcás. Ní ráit atá i nGaillimh acht rádh. Ní ráit atá ag na daoinibh i gConndae Mhuigh Eó 'sa gcuid ó dheas de go háithrid. Ní fheicim go bhfuil ráit ag an Dochtúir Mac Énrí in a chuid leabhar agus creidim gurab as Chonndae Shligigh é — nó thart na bealaigh sin. Is iongantach liom ráit bheith coitchian i gConndae Shligigh is gan é bheith i leabhraibh an Dochtúir. Ní'l mise 'g iarraidh dhéanamh amach nach bhfuil “ráit” i Sligeach mar deir Tuireann, acht ní dochar dom é chur i gcéill dó nach Connachta ar fad Sligeach, agus má tá duine a déarfas ráit go bhfuil fiche duine a déarfas rádh. Má tá Connachtach a sgríobhadh Gaedhilge Chúige Chonnacht dar ndóigh ní cheapann duine gur cheart do tada eile a sgríobhadh acht Gaedhilge Chonnacht. Cia an fáth mar sin a gcuirfeadh sé faoi thráth is go síos i leabaidh faoi rádh is go, is gan faoi thráth i mbéal- aibh na ndaoine 'san Iarthar. Sgríobhann na Muimhnigh, Táid na fir a' dul a bhaile, bíodar na mná ar an aonach. Deir an graiméar gur ionann Táid agus they are i mBéarla. Bhíodar & they were, sgríobhann Tuireann féin i gan fhios. Dá ndear- fainne de cia an fáth nach bhfuil na habairtí sin thuas (mar táid i gConnacht & sa ngraiméar)? “Tá, &c.,” “bhí, &c.,” “i n-gan fhios,” is dóighde go bhfreagrochadh sé. Mar sin táid i mbéalaibh na nGaedhilgeoirí i gCúige Mumhan. Nach dtiubhraidh sé an cead céadna do Chonnachtach Gaedhilge Chonnachta a sgríobhadh? Caidé an fáth ar cuir Tuireann camóga os coinn an fhocail sin “caoimse?” Níor ghábhadh dó aon iongantas mór bheith air? Tá an focal sin i gConn- achta freisin. Chualaidh mise ariamh é — acht mb'fhéidir go mbíodh súil agam leis gan trácht ar bith ar an gcluais bhíodh orm. Tá Tuireann le réidhteach na ceiste seo faoi rádh a fághail ag na Connachtaibh féin. Nach cineálta é! Bheadh cuid aca i bhfad níos
sásta é féin gá socrughadh. Beadh a fhios aca aríst cia dhó a dtiubharaidís na ceisteanna cruaidhe le réidhteach. Maidir le cuid aca, táid go ríoshásta le “faoi rádh is go.” Bhíos lá i mbaile mór Phortláirge & a spastóireacht timcheall dom chasadh sean-fhear liom a raibh Gaedhilge aige. “Bhfuil mórán Gaedhilge dá labhairt annseo?” arsa mise. “Gaoluinn atá annso,” ar seisean. Cuireann Tuireann an sean- fhear sin i gcuimhne dom anois ar bhealach. Acht ná bíodh Tuireann ró-chruaidh ar na Connacht- aibh. Ní Gaoluinn atá ag na créatúiríbh bochta acht Gaedhilge. Slán agad. Mise, AN MAOLÁNACH. 39. Mar fhreagra ar “Chnoc Breac,” tá leithéidí “ag déanamh obair mhaith” coitcheanta. Aon smaoineamh, nó aon-nidh amháin, is eadh “obair mhaith,” agus ní féidir an dá fhocal a dheighilt ó chéile. Ar an adhbhar-san ní théidheann dí-chlaonadh ortha fé leith. …
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services