BEARTA CRUADHA.
36. “Tosach na coille nó deire móna.” “Móna”?
Portach do bháthfadh thu. “Tosach na coille nó deire
an átha,” mar deirthear. Bí i dtosach ag gabháil thre
choill nó buailfidh na géaga 'sa tsúil thu nuair
dhridfidh an fear tosaigh as a shlíghe iad. Leig dó
mar an gcéadna an t-áth anonn do chur de agus beidh
fhios agat sul a gcuirfir do chos 'san áth an bhfuil sé
doimhin nó a mbéarfidh an tuile léi an fear bocht
tosaigh. Níor bh'éan amadáin na seandaoine.
FEAR I LÚNDUIN.
…
38. “FAOI RÁDH IS GO” NÓ “FAOI THRÁTH IS GO”?
Ní aon tairbh do léightheoiribh an IRISLEABHAIR ná
dhomsa an sárughadh seo a chongbháil ar siubhal & mar
sin de déis na haiste seo éireochaidh mise as agus
tiubhraidh mé cead a chinn do Thuireann spréachadh
má's breagh leis.
Dubhras 'sa gcéad aiste a chuireas chugad faoi an
gceist seo gur “faoi rádh is go” atá i mbéalaibh na
ndaoine i gCúige Chonnacht. Dubhras freisin “má's
buan mo chuimhne” nárbh ionann fuaim do “rádh” agus
do “thráth.”
Céard a bhí ag Tuireann le chur in aghaidh sin?
Éist! “Is minic ná cloiseann duine acht an rud go
mbíonn súil aige leis.” Nach tráthamhail é! Ad-
mhochaidh mé nach raibh aon tsúil agam go gcloisfinn
mé fhéin a' léigheadh na cainnte sin.
Faoi an bhfocal “rádh” nó “ráit”. Ní rabhas
ariamh chomh fada síos ó thuaidh le Conndae Shligigh & ní
féidir liom a rádh barrainneach céard tá ar labhairt
ann, acht bíodh go bhfuil “ráit” 'sa gConndae sin,
tá Conndaethe eile thar Shligeach i gConnachta a bhfuil
Gaedhilge ionnta, Conndae na Gaillimhe cur i gcás.
Ní ráit atá i nGaillimh acht rádh. Ní ráit atá ag na
daoinibh i gConndae Mhuigh Eó 'sa gcuid ó dheas de
go háithrid. Ní fheicim go bhfuil ráit ag an Dochtúir
Mac Énrí in a chuid leabhar agus creidim gurab as
Chonndae Shligigh é — nó thart na bealaigh sin. Is
iongantach liom ráit bheith coitchian i gConndae
Shligigh is gan é bheith i leabhraibh an Dochtúir.
Ní'l mise 'g iarraidh dhéanamh amach nach bhfuil
“ráit” i Sligeach mar deir Tuireann, acht ní dochar
dom é chur i gcéill dó nach Connachta ar fad
Sligeach, agus má tá duine a déarfas ráit go bhfuil fiche
duine a déarfas rádh.
Má tá Connachtach a sgríobhadh Gaedhilge Chúige
Chonnacht dar ndóigh ní cheapann duine gur cheart do
tada eile a sgríobhadh acht Gaedhilge Chonnacht. Cia
an fáth mar sin a gcuirfeadh sé faoi thráth is go síos
i leabaidh faoi rádh is go, is gan faoi thráth i mbéal-
aibh na ndaoine 'san Iarthar. Sgríobhann na
Muimhnigh, Táid na fir a' dul a bhaile, bíodar na
mná ar an aonach. Deir an graiméar gur ionann
Táid agus they are i mBéarla. Bhíodar & they were,
sgríobhann Tuireann féin i gan fhios. Dá ndear-
fainne de cia an fáth nach bhfuil na habairtí sin thuas
(mar táid i gConnacht & sa ngraiméar)? “Tá, &c.,”
“bhí, &c.,” “i n-gan fhios,” is dóighde go bhfreagrochadh
sé. Mar sin táid i mbéalaibh na nGaedhilgeoirí i
gCúige Mumhan. Nach dtiubhraidh sé an cead céadna
do Chonnachtach Gaedhilge Chonnachta a sgríobhadh?
Caidé an fáth ar cuir Tuireann camóga os coinn
an fhocail sin “caoimse?” Níor ghábhadh dó aon
iongantas mór bheith air? Tá an focal sin i gConn-
achta freisin. Chualaidh mise ariamh é — acht mb'fhéidir
go mbíodh súil agam leis gan trácht ar bith ar an
gcluais bhíodh orm. Tá Tuireann le réidhteach na
ceiste seo faoi rádh a fághail ag na Connachtaibh
féin. Nach cineálta é! Bheadh cuid aca i bhfad níos
sásta é féin gá socrughadh. Beadh a fhios aca aríst
cia dhó a dtiubharaidís na ceisteanna cruaidhe le
réidhteach. Maidir le cuid aca, táid go ríoshásta le
“faoi rádh is go.” Bhíos lá i mbaile mór Phortláirge
& a spastóireacht timcheall dom chasadh sean-fhear
liom a raibh Gaedhilge aige. “Bhfuil mórán Gaedhilge
dá labhairt annseo?” arsa mise. “Gaoluinn atá
annso,” ar seisean. Cuireann Tuireann an sean-
fhear sin i gcuimhne dom anois ar bhealach.
Acht ná bíodh Tuireann ró-chruaidh ar na Connacht-
aibh. Ní Gaoluinn atá ag na créatúiríbh bochta acht
Gaedhilge. Slán agad.
Mise,
AN MAOLÁNACH.
39. Mar fhreagra ar “Chnoc Breac,” tá leithéidí
“ag déanamh obair mhaith” coitcheanta. Aon
smaoineamh, nó aon-nidh amháin, is eadh “obair mhaith,”
agus ní féidir an dá fhocal a dheighilt ó chéile. Ar
an adhbhar-san ní théidheann dí-chlaonadh ortha fé leith.
…
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11