Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teagasg Gearr ar Stair na hÉireann.
Title
Teagasg Gearr ar Stair na hÉireann.
Author(s)
Ua Nualláin, Tomás P.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEAGASG GEARR AR STAIR NA hÉIREANN. Tomas P. Ua Nualláin do sholáthruigh. I leabhar a cúig déag de Imtheachtaibh an Acadaimh Ríoghamhla, 1828, seadh fuaras an píosa so. Ní fhuil mar thiodal air acht amháin: Sid é é:- Cad í an ghnéidh tíre Éire? Tir áluinn, thorthamhuil a bhfeoil a n-iasc agus a dtorrthaibh aili í, fó bhleacht gacha gnéidhe eallaich agus áirnéisi; ann a bhfuilid sléibhti árd-bheannacha, féur-uaithne, agus gleanna bláth-chúmhra glas-bhileacha trom- mheasacha, de réir an fhile: - "Gleanna na n-iubhar gcas gcraebhach," agus c., agus c., agus c. An bhfuil tír chomhthrom ann Éirind? Tá go deimhin, fá eórna, chruithneacht agus uile ghnéidhibh aili arbhair. Cá fad tá sí áitighthe? Ó aimsir an Árd-athar Abraim, agus sin re droing chródha, cheart, ghrádhach, dhíleas, dhiadha, iondus (1) go raibh tuilleadh agus dá mhíli bliadhain 'na murrach. (2) Bhídh sí diadha a deir tu? An í Inis na Naémh! Bhídh, mar is follus ag Bede naémhtha, a deir, gur bha é Naémh Colmán agus a chuideachta do theagasg an Tuath-Shacsain; Furséus do theagasg an taébh shoir, agus Aédán naomhtha atá fá mheas mhór ag Sacsanachaibh a n-diu. Feuch! is Éireanaich Clement agus Eoin, na manaich, a thionscain mór-choláiste tásg- amhuil Phairísi na Frainnci agus Phadua. Is Éirionncha do thionnscain Coláiste Ocsfoirt, Landisfearn, agus Mhalmsburí a Sacsain, Herbipholis, Cuillen, Sen- gallensis agus Fulga ann san nGearmáin; Bobio ann san nIottáil; agus do bhídh an aoís óg ag triall go hÉrinn ó gach áird, go roibhi ann a ghnáth-shocal, da (3) léigeadh duine é féin ar fhoghluim, "Chuaidh an fear so go hÉrinn d'fhághail báirr foghlaime." Agus adeir naomh Adelm chum an rígh Alfred, "gur samhuil réult air líonmhaireacht aos foghlaime na hÉireann, acus so rabhadar 'na Lóchrannaibh lonnracha ar ghnáth-lasadh ag teagasg eagna do'n nEóraip uile chum a gclú shíorruídhe, ag gnáth-throid an tsaoghail an diabhail agus na colna acus gach uile oilc do shíolruigh uadhtha, mar is follus as a liacht mairtíreach thug fuil a chroidhe ar son Dé, triath-mhíleadh thréig a dhúithche agus a fhionachas (4) air son Dé acus d'fhulaing inghréim, boichteacht, anród agus bás fá dheóidh ar son Dé." Adeir Bernárd naomhtha, "Mar rúadh-thuile gur bhrúcht saitheadha naomh a' hÉrinn air feadh na cruinne, agus gur bha é Columbánus do thóig Mainisdir Lucrovium is an bhFrainnc." A deir Énrígh Antisiodrensis "Cia riach- tanas labhairt air Érind? thainic chugainn na slóighte feallsamhnach re teagasg an ainbhfiosaich, ag fullaing díbiortha toileamh- la." A deir Iocelínus "Nach raibh sliabh ná fásach, gleann ná cuingi (5) ann san nOileán nach roibhi líonta de mhanchaibh agus de mhnáibh riaghalda, ionthus (6) gur chóir cheart air feadh na cruinne Oileán na Naémh do bheith mar ainm uirri." A deir an tAb naemhdha Theodorus "Mar sháruighe feabhas a foinn an chruinne, sáruighe naomhdhacht dílseacht acus simplídheacht a naemh." A deir Gaufridius "Is oilean naemh-thortha- mhuil Eiri, beagnach chomh líonmhar re réult- aibh neimhe." A deir Scotus "Is líonta
Éire re naomhaibh, acus re daoinibh ró- iongantacha." Adeir Ionas Aba "Gur sháruigh Éire a ndílseacht creidmhe a cóimh- chríocha." Adeir Baronius "Tá Éire seasmhach díleas a gcreideamh." A deir Santars "Is fearr na Catoilcigh go mór fuireann na críche úd ioná iomad dhe thíor- thaibh aili." Adeir Flodoardus "Do sháruigh Éiri a gcreideamh iomad críoch comhfhogus." Féuch, a mheic mo chléibh! isé Colam naomhtha na Cilli agus a dhá fhear déacc compánach do thug creidiomh do Albain; Columbanus agus a dhá fhear déag com- pánach ag teagasg ann san bhFrainnc; Naomh Clement agus a dhá fhear déag compánach ann san nGearmáin; Naémh Baethán ann Ireland; Naémh Ceilen a bhFranconia; Naémh Searbhán ann sna hOrcades; Naémh Breandán ann Oileánaibh an Fhortúin; Naémh Aedán ann Nortum- berland; Naémh Finneán a' Marcia a Sacsan; Naémh Albán a Loirein; Naomh Golamh a Suiserland; Naémh Firghil a gCorintia; Naémh Cathal a dTarentum, agus c. Ná déan iongantas de so, a mheic mo chroidhe! oir a n-diu féin is follus gur Éirionnach de shíol mBruin is príomh-oide foghlaime do aén chéud déucc mac léighinn a gcathruigh Chaein a mBriotáin (7) na Frainnce. Fó do choimeirge dhamh, a Athair ionmhuin, is mór an solus do thug tú dhamh air fhuir eann na hÉireann. A mhíle oiread eili bhéarfainn duit muna mbiadh gur ab ró liosta é. Nír liosta liom-sa do bheith ag éisdeacht se do fhuighlibh-si choidhche ag tuarasgbháladh mo dhúithche. Cá líon Coláisteadha a nErind? A h-aon; ann Áth Chliath, do rinneadh de Mhainisdir na Naomh re hórdughadh Bhain- ríoghaine Isebéal agus gairthear a nois Coláiste na Tríonóide dhe; gidheadh a n-aimsir Chatoiliceachta ní raibh uile acht na haen-choláiste eagna agus foghlama, agus do mhair amhluidh go tighdeacht Lochlon- nach ann san gcrích, óir ní hionaon agus críochaibh aile na hEoraipe agus na cruinne, nír milleadh seacht béus ná teangadh na nGaoidheal; agus is furus so do thuigsin, óir an tan do bhuaidheann námhaid a gcrích, mílltear teanga na sean-fhóirne riu agus congbhaighidh síos í, iondus go mbáthaid a ndearmad í; nír dheárnadh so a nÉrind, óir nír bhuaidh námhaid innti ó thigheacht Gaoidheal go tigheacht Lochlonnach agus an teangadh sin a bhídh air dtús aca is comh- samhail nach ro léigeadh air dearmad í; agus tuilleadh aile, na leabhra so scríobhadh romh na Lochlonnachaibh do thigheacht go hÉirinn, atháid féin, no na meic leabhrz ro scríobhadh asta, air marthainn a n-diu; agus farradh sin, cá clódh is breághdha áilne ioná clódh na Guith-éilge (Gaedhilge). Do aisg (8) Franncaich air Ghaoidhealaibh cuid d'á n-aois foghlaime do chur chuca re teagasg reachta agus dlighe dhóibh féin; do rinneadh sin re Gaodhlaibh agus ó shin a leith d'fhanadar focail Ghaoidheilge ag fuireann na Frainnce; acus teasbeánaid do Ghaodhlaibh, de chuimhniughadh na maitheasa sin, meas urraim agus grádh. Do bhídh meas mór air an nGaedheilg abhus agus thall mar theangaidh bheacht líomhtha bhleónaidhe (9) bhríoghmhar ghrinn ghasta bhlasda bhinn. Gur thóig Dubh-Ghaill ceann is í seathruígh- eadh agus labhradh re fileadhaibh, bárdaibh, aos-dán, liaghthibh, druidhthibh, seanchadhaibh, aois-ealadhan, breitheamhnaibh, sagartaibh, ró- fhlathaibh agus ríghthibh. Isí ro labhair Páttruicc naomhtha agus a dheisgiobhail ag
síolughadh an tsoiscéil i n-Inis Fáil na ríogh. Isí do labhair Colam naomhtha na Cille ag teagasg foirne na hAlban, agus ba h-í ann allód teanga dhíleas oideadha foghlaime iarthara Eorpa. As so uile is inmheasda go roibh sí a n-árd-mheas ag an rígh mar aen ris an sclábhaidhe. Acht anois mar ád-bhile ádhbhalmhór an tráth gearrthar fá n-a bhun é, gur ab uathmhialta (10) troime ann a thuitim ioná an rasan (11) beg ceann- ísioll ró bhídheas a bhfogus do'n dtalmhuin; d'éirghidh an riocht céadna do uaislibh Gaodhal comh-mhaith re a dteangain. Is diom- báigh geur liom an Chineadh uasal thréidheach laochda so do bheith ar díth ceannais athar- dhachta (12) agus dil-mhaoine, air a dtugann Máighistir Good (13) (Sagart ó Shacsain do bhídh ag seóladh scoile a luimeach is an mbliadhain 1566) an teist-so: "Cineadh atá láidir a gcorp agus lúthmhar, foirtil a n-intinn agus árd-aigeantach, géur- intleachtach, cogamhuil neamh-choigilteach a mbeatha, foighdeach ann saothar, a bhfuacht agus ann ocras, ró cheannsa re haoidhibh, buan-sheasmach a ngrádh, do-shásuighthe a bhfaltanas, so-chreidmheach, fonnmhar a cclú d'fhághail, neamhfhoighdeach air mhasladh no air éagcóir d'fhulaing." Och! a Dhé mhóir na huile ghlóire! gair a-bhaili chum duthchais a seinnsear do chlann dhíleas ghaodhaldha féin atá scaipthe fó cheithre hárdaibh na cruinne agus eachtranaich go súgach fleadh- mheadhrach ag ól alluis agus ag sealbhughadh dleachta na droinge deireóile so atá fós a ndaér-bhroid acus tabhair luach saethair a ndeagh-chroidhe, a ndeagh-chómhluadar agus a ndeigh-ghníomh dóibh ad ríoghacht ghrian-áluinn féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services