Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teagasg Gearr ar Stair na hÉireann.

Title
Teagasg Gearr ar Stair na hÉireann.
Author(s)
Ua Nualláin, Tomás P.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEAGASG GEARR AR STAIR NA
hÉIREANN.



Tomas P. Ua Nualláin do sholáthruigh.



I leabhar a cúig déag de Imtheachtaibh an
Acadaimh Ríoghamhla, 1828, seadh fuaras an
píosa so. Ní fhuil mar thiodal air acht
amháin:



Sid é é:-



Cad í an ghnéidh tíre Éire? Tir áluinn,
thorthamhuil a bhfeoil a n-iasc agus a
dtorrthaibh aili í, fó bhleacht gacha gnéidhe
eallaich agus áirnéisi; ann a bhfuilid
sléibhti árd-bheannacha, féur-uaithne, agus
gleanna bláth-chúmhra glas-bhileacha trom-
mheasacha, de réir an fhile: -



"Gleanna na n-iubhar gcas gcraebhach,"
agus c., agus c., agus c.



An bhfuil tír chomhthrom ann Éirind? Tá
go deimhin, fá eórna, chruithneacht agus uile
ghnéidhibh aili arbhair.



Cá fad tá sí áitighthe?



Ó aimsir an Árd-athar Abraim, agus sin
re droing chródha, cheart, ghrádhach, dhíleas,
dhiadha, iondus (1) go raibh tuilleadh agus dá
mhíli bliadhain 'na murrach. (2)



Bhídh sí diadha a deir tu?



An í Inis na Naémh! Bhídh, mar is follus
ag Bede naémhtha, a deir, gur bha é Naémh
Colmán agus a chuideachta do theagasg an
Tuath-Shacsain; Furséus do theagasg an
taébh shoir, agus Aédán naomhtha atá fá
mheas mhór ag Sacsanachaibh a n-diu. Feuch!
is Éireanaich Clement agus Eoin, na
manaich, a thionscain mór-choláiste tásg-
amhuil Phairísi na Frainnci agus Phadua.
Is Éirionncha do thionnscain Coláiste
Ocsfoirt, Landisfearn, agus Mhalmsburí
a Sacsain, Herbipholis, Cuillen, Sen-
gallensis agus Fulga ann san nGearmáin;
Bobio ann san nIottáil; agus do bhídh an
aoís óg ag triall go hÉrinn ó gach áird, go
roibhi ann a ghnáth-shocal, da (3) léigeadh duine
é féin ar fhoghluim, "Chuaidh an fear so
go hÉrinn d'fhághail báirr foghlaime." Agus
adeir naomh Adelm chum an rígh Alfred,
"gur samhuil réult air líonmhaireacht aos
foghlaime na hÉireann, acus so rabhadar
'na Lóchrannaibh lonnracha ar ghnáth-lasadh ag
teagasg eagna do'n nEóraip uile chum
a gclú shíorruídhe, ag gnáth-throid an
tsaoghail an diabhail agus na colna acus
gach uile oilc do shíolruigh uadhtha, mar is
follus as a liacht mairtíreach thug fuil a
chroidhe ar son Dé, triath-mhíleadh thréig a
dhúithche agus a fhionachas (4) air son Dé
acus d'fhulaing inghréim, boichteacht, anród
agus bás fá dheóidh ar son Dé." Adeir
Bernárd naomhtha, "Mar rúadh-thuile gur
bhrúcht saitheadha naomh a' hÉrinn air feadh na
cruinne, agus gur bha é Columbánus do
thóig Mainisdir Lucrovium is an bhFrainnc."
A deir Énrígh Antisiodrensis "Cia riach-
tanas labhairt air Érind? thainic chugainn
na slóighte feallsamhnach re teagasg an
ainbhfiosaich, ag fullaing díbiortha toileamh-
la." A deir Iocelínus "Nach raibh sliabh ná
fásach, gleann ná cuingi (5) ann san nOileán
nach roibhi líonta de mhanchaibh agus de
mhnáibh riaghalda, ionthus (6) gur chóir cheart
air feadh na cruinne Oileán na Naémh do
bheith mar ainm uirri." A deir an tAb
naemhdha Theodorus "Mar sháruighe feabhas
a foinn an chruinne, sáruighe naomhdhacht
dílseacht acus simplídheacht a naemh." A
deir Gaufridius "Is oilean naemh-thortha-
mhuil Eiri, beagnach chomh líonmhar re réult-
aibh neimhe." A deir Scotus "Is líonta


L. 68


Éire re naomhaibh, acus re daoinibh ró-
iongantacha." Adeir Ionas Aba "Gur
sháruigh Éire a ndílseacht creidmhe a cóimh-
chríocha." Adeir Baronius "Tá Éire
seasmhach díleas a gcreideamh." A deir
Santars "Is fearr na Catoilcigh go mór
fuireann na críche úd ioná iomad dhe thíor-
thaibh aili." Adeir Flodoardus "Do
sháruigh Éiri a gcreideamh iomad críoch
comhfhogus."



Féuch, a mheic mo chléibh! isé Colam
naomhtha na Cilli agus a dhá fhear déacc
compánach do thug creidiomh do Albain;
Columbanus agus a dhá fhear déag com-
pánach ag teagasg ann san bhFrainnc;
Naomh Clement agus a dhá fhear déag
compánach ann san nGearmáin; Naémh
Baethán ann Ireland; Naémh Ceilen a
bhFranconia; Naémh Searbhán ann sna
hOrcades; Naémh Breandán ann Oileánaibh
an Fhortúin; Naémh Aedán ann Nortum-
berland; Naémh Finneán a' Marcia a
Sacsan; Naémh Albán a Loirein; Naomh
Golamh a Suiserland; Naémh Firghil a
gCorintia; Naémh Cathal a dTarentum, agus c.
Ná déan iongantas de so, a mheic mo
chroidhe! oir a n-diu féin is follus gur
Éirionnach de shíol mBruin is príomh-oide
foghlaime do aén chéud déucc mac léighinn
a gcathruigh Chaein a mBriotáin (7) na
Frainnce.



Fó do choimeirge dhamh, a Athair ionmhuin,
is mór an solus do thug tú dhamh air fhuir
eann na hÉireann.



A mhíle oiread eili bhéarfainn duit muna
mbiadh gur ab ró liosta é.



Nír liosta liom-sa do bheith ag éisdeacht
se do fhuighlibh-si choidhche ag tuarasgbháladh
mo dhúithche.



Cá líon Coláisteadha a nErind?



A h-aon; ann Áth Chliath, do rinneadh de
Mhainisdir na Naomh re hórdughadh Bhain-
ríoghaine Isebéal agus gairthear a nois
Coláiste na Tríonóide dhe; gidheadh a
n-aimsir Chatoiliceachta ní raibh uile acht
na haen-choláiste eagna agus foghlama,
agus do mhair amhluidh go tighdeacht Lochlon-
nach ann san gcrích, óir ní hionaon agus
críochaibh aile na hEoraipe agus na cruinne,
nír milleadh seacht béus ná teangadh na
nGaoidheal; agus is furus so do thuigsin,
óir an tan do bhuaidheann námhaid a gcrích,
mílltear teanga na sean-fhóirne riu agus
congbhaighidh síos í, iondus go mbáthaid a
ndearmad í; nír dheárnadh so a nÉrind,
óir nír bhuaidh námhaid innti ó thigheacht
Gaoidheal go tigheacht Lochlonnach agus an
teangadh sin a bhídh air dtús aca is comh-
samhail nach ro léigeadh air dearmad í;
agus tuilleadh aile, na leabhra so scríobhadh
romh na Lochlonnachaibh do thigheacht go
hÉirinn, atháid féin, no na meic leabhrz ro
scríobhadh asta, air marthainn a n-diu; agus
farradh sin, cá clódh is breághdha áilne ioná
clódh na Guith-éilge (Gaedhilge).



Do aisg (8) Franncaich air Ghaoidhealaibh
cuid d'á n-aois foghlaime do chur chuca re
teagasg reachta agus dlighe dhóibh féin;
do rinneadh sin re Gaodhlaibh agus ó shin a
leith d'fhanadar focail Ghaoidheilge ag
fuireann na Frainnce; acus teasbeánaid
do Ghaodhlaibh, de chuimhniughadh na maitheasa
sin, meas urraim agus grádh. Do bhídh
meas mór air an nGaedheilg abhus agus thall
mar theangaidh bheacht líomhtha bhleónaidhe (9)
bhríoghmhar ghrinn ghasta bhlasda bhinn. Gur
thóig Dubh-Ghaill ceann is í seathruígh-
eadh agus labhradh re fileadhaibh, bárdaibh,
aos-dán, liaghthibh, druidhthibh, seanchadhaibh,
aois-ealadhan, breitheamhnaibh, sagartaibh, ró-
fhlathaibh agus ríghthibh. Isí ro labhair
Páttruicc naomhtha agus a dheisgiobhail ag


L. 69


síolughadh an tsoiscéil i n-Inis Fáil na ríogh.
Isí do labhair Colam naomhtha na Cille ag
teagasg foirne na hAlban, agus ba h-í
ann allód teanga dhíleas oideadha
foghlaime iarthara Eorpa. As so uile is
inmheasda go roibh sí a n-árd-mheas ag an
rígh mar aen ris an sclábhaidhe. Acht anois
mar ád-bhile ádhbhalmhór an tráth gearrthar
fá n-a bhun é, gur ab uathmhialta (10) troime
ann a thuitim ioná an rasan (11) beg ceann-
ísioll ró bhídheas a bhfogus do'n dtalmhuin;
d'éirghidh an riocht céadna do uaislibh
Gaodhal comh-mhaith re a dteangain. Is diom-
báigh geur liom an Chineadh uasal thréidheach
laochda so do bheith ar díth ceannais athar-
dhachta (12) agus dil-mhaoine, air a dtugann
Máighistir Good (13) (Sagart ó Shacsain
do bhídh ag seóladh scoile a luimeach is an
mbliadhain 1566) an teist-so: "Cineadh
atá láidir a gcorp agus lúthmhar, foirtil
a n-intinn agus árd-aigeantach, géur-
intleachtach, cogamhuil neamh-choigilteach a
mbeatha, foighdeach ann saothar, a bhfuacht
agus ann ocras, ró cheannsa re haoidhibh,
buan-sheasmach a ngrádh, do-shásuighthe a
bhfaltanas, so-chreidmheach, fonnmhar a cclú
d'fhághail, neamhfhoighdeach air mhasladh no air
éagcóir d'fhulaing." Och! a Dhé mhóir na
huile ghlóire! gair a-bhaili chum duthchais a
seinnsear do chlann dhíleas ghaodhaldha féin
atá scaipthe fó cheithre hárdaibh na
cruinne agus eachtranaich go súgach fleadh-
mheadhrach ag ól alluis agus ag sealbhughadh
dleachta na droinge deireóile so atá fós
a ndaér-bhroid acus tabhair luach saethair a
ndeagh-chroidhe, a ndeagh-chómhluadar agus a
ndeigh-ghníomh dóibh ad ríoghacht ghrian-áluinn
féin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services