Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Nuair beidh tú ag ceannach leabhair go bhfuil trácht air annso, ná dearmhad gan ainm an IRIS- LEABHAIR do luadh. Déanfaidh soin maitheas dúinn. Ag dul i bhfeabhas i gcomhnaidhe tá ÉRIU .i. Iris- leabhar Scoil na Sean-Ghaedhilge. Tá an chéad chuid den darna leabhar d'éis teacht amach le tamall, agus é, mar is gnáthach, lán de rudaíbh fóghanta ag baint le stair na hÉireann is le gnásaibh ár muinntir féin i n-allód. Is dual ár mbuidheachas do sna sár-leomhain Cúno Meidher agus an Strachánach, mar is de bhárr a ndian-tsaothair súd go bhfuil sean- oighreacht na nGaedheal i dtaoibh léighinn ag filleadh orainn. Deir gach éinne gurab é ÉRIU an tIris- leabhar is fearr agus an t-ughdar is fearr i gcúr- saíbh na Sean-Ghaedhilge. Tá sé ortha ar éan-chuma. tá aistí ann an taca so ón Steócusach, ón Strach- ánach, ó Chúno Meidher, ón Aimhirgíneach, ón Laoideach, ón gCraoibhín, ó Éadbhard Gwynn, ón mBéastach, ó Mháire Ní Bhroin, is ó Thomás Ó Nualláin. Do b'fhiú d'aon Ghaedheal a chuireann suim i sean-dálaibh a thíre dúthchuis fios a chur ar an leabhar so, agus é scrúdughadh ó thosach go deireadh. Leath-shabharn a fhiacha i n-aghaidh na bliadhna. Badh cheart go mbeadh sé ar fagháil insna leabharlannaibh ar fuid na hÉir- eann, agus do bheadh leis dá gcuireadh Gaedhilgeoirí iarratus air ag triall ar uachtaránaibh na leabhar- lann a thaithighid. Badh mór an truagh é dá leigtí dho dul uainn d'easbhaidh chongnaimh chothuighthe, agus a laighead a theastuigheann uaidh. Má's fíor-Ghaedheal tú, a léightheóir, is gur mhaith leat buille a bhualadh
ar son an tseana-léighinn, cuir leath-shabharn ar triall ar Rúnaidhe Scoil na Sean-Ghaedhilge, 28 Sráid an Chláir, nó ag triall ar Hodges, Figgis and Co., Ltd., 104 Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath. sinne fé bhanna ná beidh cathughadh ort 'n-a thaobh. Tá AMHRÁIN PHIARAIS MHIC GEARAILT againn i ndeireadh na treidhse, agus má's maith é is mithid é, mar b'fhada dhóibh ag teacht. Bhí léir-mheas ceapaithe againn dóibh le breis agus bliadhain, acht is éigin é chur i leath-taoibh anois, de bhrígh go sáruigheann an leabhar féin an méid a bhí ar aigne againn a rádh n-a thaobh. De nouo linn mar sin: A leabhair bhig an Ghearaltaigh, ba dhíon d'Éigse Do chanadh sult go pratainneach le brígh bhréithre Tráth theangmhadh n-a ngasraidh n-a suidhe taobh leis, Mo dhafhichid luis ar gheala-theinidh dhíbh léighim. Ar fhada-chion do Bhanbain na mín-mbéithe Ar raideadh suilt ar bhlastacht ghuib ar aoir ghéire, Ar charthannacht, ar aigeantacht, ar ghaois léiginn Samhail chirt an Ghearaltaigh seo ní léir dam. Mo dheacair-bhroid na cailm-fhir le laoidh ghléasta Do thagadh truis ar Bhaile dhil Uí Chíonnfhaélaidh, Fá bhata chirt na Bachaille agá rí-phoénix, I ndearmad, is fleascaigh bhrille i slighe réimneach. Bagarthach na Bachaille ó fríth d'Éirinn 'S a thagarthacht ar cairt againn, a bhuidhe 'on Éilgeach, Castar ar na draganaibh do phrímh-ghéill dó, Agus breacathas i leabharaibh a dtuínn téxa. B'é Fiachra Éilgeach a bhí i mbun an leabhair seo ar a theacht i gcló. Ní baoghal ná go bhfuighfar gach nídh ann go cruinn ceart. Tá cunntas ann ar bheathaidh an fhile, agus i ndeireadh an leabhair foclóir oir- eamhnach. Is iad Connradh na Gaedhilge atá gá chur amach, agus scilling is réal a fhiacha. Is fiú an méid sin go maith é. Tá an tríomhadh cuid de AMHRÁIN DIADHA CHÚIGE CHONNACHT tar éis teacht amach. Is cuimhin le n-a lán de léightheóiríbh an Irisleabhair na hAmhráin seo do theacht i gcló san New Ireland Review. Tá an Craoibhín Aoibhinn dá gcur amach anois i bhfuirm leabhair. Líonfaid ocht gcinn de leabhraibh. Tiocfaidh leabhar amach i n-aghaidh an mhí, ar scilling, go dtí go mbeidh deireadh leó. Tá trí cinn díobh i gcló anois, agus súil leis an gceathramhadh leabhar. Muinntir Ghill, Sr. Uí Chonaill, Áth Cliath, atá gá gcur amach, agus éinne gur mian leis cuidiughad leis an obair fhiúntaigh seo, is go háirithe daoine ó Chúige Chonnacht, níor mhiste dhóibh na leabhair seo Árd-uachtaráin Chonnradh na Gaedhilge do bheith n-a seilbh. Is é nós a lean an Craoibhín insna leabhraibh seo, an Ghaedhilg ar thaobh den leabhar agus an Béarla ar a haghaidh anonn ar an dtaobh eile, díreach féibh mar dhein sé le hAmhráin Ghrádha Chúige Chonnacht. Ar an gcuma so taithneoghaidh a leabhair le daoinibh ná fuil an Ghaehilg aca. Gheobhthar ins na leabhraibh seo cunntas cruinn, i nGaedhilg shimplidhe an Chraoibhín, ar amhrán- aibh dhiadha Chúige Chonnacht ó aimsir Dhonnchadh Mhóir Uí Dhálaigh, Ab Mhainistreach na Búille, anuas go dtí an aimsir seo féin. Is fada dhon gCraoibhín ag bail- ughadh adhbhar na leabhar so, gá gcur i n-eagar a chéile is ag scríobhadh cunntais ortha. Tá súil againn go mbeidh ceannach oireamhnach ortha. Ba mhór an caráiste age Máire Ní Chinnéide “Clíodhna” a thabhairt ar an árdán i radharc daoine neamh-mharthannacha an tsaoghail seo. Dá ndeintí a leithéid san tseann-ré, badh ró-bhaoghal don té fé ndeárr é. Acht ó bhí sé de mhisneach i Máire agus an dubhshlán a chur fé bharrfhinn bhláth-shúiligh na Cairrge, tá súil againn go n-éireóghaidh go geal le GLEANN NA SÍDHEOG. Dráma beag i gcóir leanbhaí scoile is eadh é. Muinntear na Leabhar Gaedhilge atá ghá chur amach, agus leath-thuistiún a fhiacha. Tá a bpaipéar féin fé dheóidh age Comunn Gaidh- ealach na hAlban. AN DEO-GHRÉINE .i. An Gath Gréine is ainm dó. Cuireadh an chéad uimhir ag triall orainn, agus do thaitn sé linn go mór. Guidh- míd saoghal fada fé shéan do. Is é Calum Mac Phárlain atá n-a fhear eagair air. Tá aithne mhaith ar Chalum abhfus. Is fada ag dian-obair ar son na Gaidhilge é. Leath-réal i n-aghaidh an mhí fiacha an Deo-ghréine, agus is féidir é fhagháil ó mhuinntir Hodges, Figgis and Co. i mBaile Átha Cliath. Do cuireadh ag triall orainn PAGAN IRELAND agus EARLY CHRISTIAN IRELAND, dhá leabhar i mBéarla ar Stair na hÉireann do scríobh Miss Eleanor Hull. Sa chéad leabhar tá an t-ughdar ag cur síos ar Stair na hÉireann sular tháinig Pádraig go hÉirinn. San dtarna leabhar tá trácht ar chúrs- aíbh na hÉireann anuas go deireadh réimheas Dhonn- chadh mhic Dhomhnaill san mbliadhain 794. San mbliadh-
ain seo is eadh thosnuigh na Lochlannaigh ar theacht i nÉirinn. Dá leabhar thaithneamhacha iad so, agus go deimhin ní bheimís ag braith ar a mhalairt ó Eléan Níc Chuill. Má thosnuightar ar na leabhraibh seo ní féidir stad díobh go deireadh, agus sin rud nach gnáthach i leabhraibh ag cur síos ar Éirinn. Leath-choróinn an leabhar a bhfiacha, agus David Nutt, Long Acre, i Lunndain atá gá gcur amach. Leabhar eile atá amuigh ag David Nutt is eadh an chéad leabhar de HEROIC ROMANCES OR IRE- LAND, ó láimh A. H. Leahy. Aistriughadh i mBéarla ar roinnt de shean-scéaltaibh na nGaedheal atá ann. Sid iad na scéalta: Tochmarc Etain, Torc Mhic Datho, Seirg-lighe Chuchullainn, Clann Uisneach, Comh- rac Chuchullainn is Fhirdia. Coróinn a fhiacha, acht árdóghthar é nuair thiocfaidh an tarna leabhar amach. Ní fuláir nó beidh glaodhach ar an aistriughadh so i measc daoine ná fuil cumasach ar na scéaltaibh a léigheamh san teangain i n-ar chéad-cheapadh iad. Tug- ann Mac Uí Laochaigh iarracht fhoghanta ar na seana- starthaibh a thabhairt amach san mBéarla, acht ní féidir iad a thuigsint n-a gceart i n-éin-teangain acht san nGaedhilg. Leabhar an-usáideach is eadh “List of Books, Pamph- lets, etc., Printed Wholly, or Partly, in Irish, from the Earliest Period to 1820.” Compiled by E. R. McC. Dix and Séamus a Casaide. Níor shíleamair gur cuireadh riamh i gcló an oiread-san de leabhraibh Gaedhilge is tá ainmnighthe annso. Tá os cionn céad go leith díobh ann. Éinne go bhfuilsean-leabhair Gaedhilge aige badh cheart dó fios a chur ar an leabhar so nó scríobh- adh ag triall ar an nDísceach nó ar Shéamus Ó Cas- aide, Tigh Chluana, Glas Caonóg, Áth Cliath. Gheobhthar an leabhar ón gCló-Chumann. Tá aiste ag cur síos ar Árd-oideachus i nÉirinn san University Review i gcóir mhí dheiridh an Fhóghmhair ó láimh Miss Sophie Bryant. San Independent Review i gcóir mhí na Samhna, tá alt fóghnta ó láimh Rev. J. O. Hannay, ag cur síos ar Chonnradh na Gaedhilge agus ar an obair atá gá dhéanamh aige ar son na hÉireann. Tuigeann an t-ughdar urramach cúrsaí na Gaedhilge go maith agus ní haon díoghbháil fios fátha ár scéil do leathadh i dtíorthaibh iasachta. Ní baoghal ná go ndéanfaidh an t-alt so maitheas ar an gcuma úd. Cuireann The Lepracaun ag gáiridhe sinn i gcomh- nuidhe. Faid saoghail dó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services