CLODHANNA NUA.
Nuair beidh tú ag ceannach leabhair go bhfuil
trácht air annso, ná dearmhad gan ainm an IRIS-
LEABHAIR do luadh. Déanfaidh soin maitheas dúinn.
Ag dul i bhfeabhas i gcomhnaidhe tá ÉRIU .i. Iris-
leabhar Scoil na Sean-Ghaedhilge. Tá an chéad chuid
den darna leabhar d'éis teacht amach le tamall,
agus é, mar is gnáthach, lán de rudaíbh fóghanta ag baint
le stair na hÉireann is le gnásaibh ár muinntir
féin i n-allód. Is dual ár mbuidheachas do sna
sár-leomhain Cúno Meidher agus an Strachánach, mar
is de bhárr a ndian-tsaothair súd go bhfuil sean-
oighreacht na nGaedheal i dtaoibh léighinn ag filleadh
orainn. Deir gach éinne gurab é ÉRIU an tIris-
leabhar is fearr agus an t-ughdar is fearr i gcúr-
saíbh na Sean-Ghaedhilge. Tá sé ortha ar éan-chuma.
tá aistí ann an taca so ón Steócusach, ón Strach-
ánach, ó Chúno Meidher, ón Aimhirgíneach, ón Laoideach,
ón gCraoibhín, ó Éadbhard Gwynn, ón mBéastach, ó
Mháire Ní Bhroin, is ó Thomás Ó Nualláin. Do b'fhiú
d'aon Ghaedheal a chuireann suim i sean-dálaibh a
thíre dúthchuis fios a chur ar an leabhar so, agus é
scrúdughadh ó thosach go deireadh. Leath-shabharn a
fhiacha i n-aghaidh na bliadhna. Badh cheart go mbeadh
sé ar fagháil insna leabharlannaibh ar fuid na hÉir-
eann, agus do bheadh leis dá gcuireadh Gaedhilgeoirí
iarratus air ag triall ar uachtaránaibh na leabhar-
lann a thaithighid. Badh mór an truagh é dá leigtí
dho dul uainn d'easbhaidh chongnaimh chothuighthe, agus a
laighead a theastuigheann uaidh. Má's fíor-Ghaedheal
tú, a léightheóir, is gur mhaith leat buille a bhualadh
ar son an tseana-léighinn, cuir leath-shabharn ar
triall ar Rúnaidhe Scoil na Sean-Ghaedhilge, 28
Sráid an Chláir, nó ag triall ar Hodges, Figgis and
Co., Ltd., 104 Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath.
sinne fé bhanna ná beidh cathughadh ort 'n-a thaobh.
Tá AMHRÁIN PHIARAIS MHIC GEARAILT againn i
ndeireadh na treidhse, agus má's maith é is mithid é,
mar b'fhada dhóibh ag teacht. Bhí léir-mheas ceapaithe
againn dóibh le breis agus bliadhain, acht is éigin é
chur i leath-taoibh anois, de bhrígh go sáruigheann an
leabhar féin an méid a bhí ar aigne againn a rádh n-a
thaobh. De nouo linn mar sin:
A leabhair bhig an Ghearaltaigh, ba dhíon d'Éigse
Do chanadh sult go pratainneach le brígh bhréithre
Tráth theangmhadh n-a ngasraidh n-a suidhe taobh leis,
Mo dhafhichid luis ar gheala-theinidh dhíbh léighim.
Ar fhada-chion do Bhanbain na mín-mbéithe
Ar raideadh suilt ar bhlastacht ghuib ar aoir ghéire,
Ar charthannacht, ar aigeantacht, ar ghaois léiginn
Samhail chirt an Ghearaltaigh seo ní léir dam.
Mo dheacair-bhroid na cailm-fhir le laoidh ghléasta
Do thagadh truis ar Bhaile dhil Uí Chíonnfhaélaidh,
Fá bhata chirt na Bachaille agá rí-phoénix,
I ndearmad, is fleascaigh bhrille i slighe réimneach.
Bagarthach na Bachaille ó fríth d'Éirinn
'S a thagarthacht ar cairt againn, a bhuidhe 'on Éilgeach,
Castar ar na draganaibh do phrímh-ghéill dó,
Agus breacathas i leabharaibh a dtuínn téxa.
B'é Fiachra Éilgeach a bhí i mbun an leabhair seo ar
a theacht i gcló. Ní baoghal ná go bhfuighfar gach nídh
ann go cruinn ceart. Tá cunntas ann ar bheathaidh
an fhile, agus i ndeireadh an leabhair foclóir oir-
eamhnach. Is iad Connradh na Gaedhilge atá gá chur
amach, agus scilling is réal a fhiacha. Is fiú an méid
sin go maith é.
Tá an tríomhadh cuid de AMHRÁIN DIADHA CHÚIGE
CHONNACHT tar éis teacht amach. Is cuimhin le n-a
lán de léightheóiríbh an Irisleabhair na hAmhráin seo
do theacht i gcló san New Ireland Review. Tá an
Craoibhín Aoibhinn dá gcur amach anois i bhfuirm
leabhair. Líonfaid ocht gcinn de leabhraibh. Tiocfaidh
leabhar amach i n-aghaidh an mhí, ar scilling, go dtí
go mbeidh deireadh leó. Tá trí cinn díobh i gcló
anois, agus súil leis an gceathramhadh leabhar. Muinntir
Ghill, Sr. Uí Chonaill, Áth Cliath, atá gá gcur amach,
agus éinne gur mian leis cuidiughad leis an obair
fhiúntaigh seo, is go háirithe daoine ó Chúige Chonnacht,
níor mhiste dhóibh na leabhair seo Árd-uachtaráin
Chonnradh na Gaedhilge do bheith n-a seilbh.
Is é nós a lean an Craoibhín insna leabhraibh seo,
an Ghaedhilg ar thaobh den leabhar agus an Béarla ar
a haghaidh anonn ar an dtaobh eile, díreach féibh mar
dhein sé le hAmhráin Ghrádha Chúige Chonnacht. Ar an
gcuma so taithneoghaidh a leabhair le daoinibh ná fuil an
Ghaehilg aca. Gheobhthar ins na leabhraibh seo cunntas
cruinn, i nGaedhilg shimplidhe an Chraoibhín, ar amhrán-
aibh dhiadha Chúige Chonnacht ó aimsir Dhonnchadh Mhóir
Uí Dhálaigh, Ab Mhainistreach na Búille, anuas go dtí
an aimsir seo féin. Is fada dhon gCraoibhín ag bail-
ughadh adhbhar na leabhar so, gá gcur i n-eagar a chéile
is ag scríobhadh cunntais ortha. Tá súil againn go
mbeidh ceannach oireamhnach ortha.
Ba mhór an caráiste age Máire Ní Chinnéide
“Clíodhna” a thabhairt ar an árdán i radharc daoine
neamh-mharthannacha an tsaoghail seo. Dá ndeintí a
leithéid san tseann-ré, badh ró-bhaoghal don té fé
ndeárr é. Acht ó bhí sé de mhisneach i Máire agus an
dubhshlán a chur fé bharrfhinn bhláth-shúiligh na Cairrge,
tá súil againn go n-éireóghaidh go geal le GLEANN
NA SÍDHEOG. Dráma beag i gcóir leanbhaí scoile is
eadh é. Muinntear na Leabhar Gaedhilge atá ghá chur
amach, agus leath-thuistiún a fhiacha.
Tá a bpaipéar féin fé dheóidh age Comunn Gaidh-
ealach na hAlban. AN DEO-GHRÉINE .i. An Gath
Gréine is ainm dó. Cuireadh an chéad uimhir ag
triall orainn, agus do thaitn sé linn go mór. Guidh-
míd saoghal fada fé shéan do. Is é Calum Mac
Phárlain atá n-a fhear eagair air. Tá aithne mhaith ar
Chalum abhfus. Is fada ag dian-obair ar son na
Gaidhilge é. Leath-réal i n-aghaidh an mhí fiacha an
Deo-ghréine, agus is féidir é fhagháil ó mhuinntir
Hodges, Figgis and Co. i mBaile Átha Cliath.
Do cuireadh ag triall orainn PAGAN IRELAND
agus EARLY CHRISTIAN IRELAND, dhá leabhar
i mBéarla ar Stair na hÉireann do scríobh Miss
Eleanor Hull. Sa chéad leabhar tá an t-ughdar ag cur
síos ar Stair na hÉireann sular tháinig Pádraig
go hÉirinn. San dtarna leabhar tá trácht ar chúrs-
aíbh na hÉireann anuas go deireadh réimheas Dhonn-
chadh mhic Dhomhnaill san mbliadhain 794. San mbliadh-
ain seo is eadh thosnuigh na Lochlannaigh ar theacht i
nÉirinn. Dá leabhar thaithneamhacha iad so, agus go
deimhin ní bheimís ag braith ar a mhalairt ó Eléan Níc
Chuill. Má thosnuightar ar na leabhraibh seo ní féidir
stad díobh go deireadh, agus sin rud nach gnáthach i
leabhraibh ag cur síos ar Éirinn. Leath-choróinn an
leabhar a bhfiacha, agus David Nutt, Long Acre, i
Lunndain atá gá gcur amach.
Leabhar eile atá amuigh ag David Nutt is eadh an
chéad leabhar de HEROIC ROMANCES OR IRE-
LAND, ó láimh A. H. Leahy. Aistriughadh i mBéarla
ar roinnt de shean-scéaltaibh na nGaedheal atá ann.
Sid iad na scéalta: Tochmarc Etain, Torc Mhic
Datho, Seirg-lighe Chuchullainn, Clann Uisneach, Comh-
rac Chuchullainn is Fhirdia. Coróinn a fhiacha, acht
árdóghthar é nuair thiocfaidh an tarna leabhar amach.
Ní fuláir nó beidh glaodhach ar an aistriughadh so i
measc daoine ná fuil cumasach ar na scéaltaibh a
léigheamh san teangain i n-ar chéad-cheapadh iad. Tug-
ann Mac Uí Laochaigh iarracht fhoghanta ar na seana-
starthaibh a thabhairt amach san mBéarla, acht ní
féidir iad a thuigsint n-a gceart i n-éin-teangain
acht san nGaedhilg.
Leabhar an-usáideach is eadh “List of Books, Pamph-
lets, etc., Printed Wholly, or Partly, in Irish, from the
Earliest Period to 1820.” Compiled by E. R. McC. Dix
and Séamus a Casaide. Níor shíleamair gur cuireadh
riamh i gcló an oiread-san de leabhraibh Gaedhilge is
tá ainmnighthe annso. Tá os cionn céad go leith díobh
ann. Éinne go bhfuilsean-leabhair Gaedhilge aige
badh cheart dó fios a chur ar an leabhar so nó scríobh-
adh ag triall ar an nDísceach nó ar Shéamus Ó Cas-
aide, Tigh Chluana, Glas Caonóg, Áth Cliath. Gheobhthar
an leabhar ón gCló-Chumann.
Tá aiste ag cur síos ar Árd-oideachus i nÉirinn
san University Review i gcóir mhí dheiridh an Fhóghmhair ó
láimh Miss Sophie Bryant.
San Independent Review i gcóir mhí na Samhna, tá alt
fóghnta ó láimh Rev. J. O. Hannay, ag cur síos ar
Chonnradh na Gaedhilge agus ar an obair atá gá
dhéanamh aige ar son na hÉireann. Tuigeann an
t-ughdar urramach cúrsaí na Gaedhilge go maith agus
ní haon díoghbháil fios fátha ár scéil do leathadh i
dtíorthaibh iasachta. Ní baoghal ná go ndéanfaidh an
t-alt so maitheas ar an gcuma úd.
Cuireann The Lepracaun ag gáiridhe sinn i gcomh-
nuidhe. Faid saoghail dó.