Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhealg agus Teanga na hÚngáire.
Title
An Ghaedhealg agus Teanga na hÚngáire.
Author(s)
Mac Seóidín, Pádraig Beag,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GHAEDHEALG AGUS TEANGA NA hÚNGÁIRE. Ceann de na teangaíbh hInd-Eorpacha is eadh an Ghaedhealg, agus má's eadh féin, tá rudaí innti nár bhain riamh le hInd- Eorpachas, do réir mar do baineadh beachtaidheacht as an úsáid sin ag sanasaidh- thibh móra na Roinne Eorpa, .i. ag Bopp, ag Fick, ag Schleicher, ag Brugmann, &rl. 'Sé rud is mí-Ind-Eorpaighe isna teangaíbh Nua-Cheilteacha ná an cómhréamh- shuidhiughadh — sin í an caint do chuir lucht sanais nó filológaidhthe dhíobh. Tá duine dhíobh so agus is deimhin nár fhéad sé a shuaimhneas do cheapadh. Is mór le rádh é, dar leis féin, acht, ar eagla go dtiocfadh Gaedhil im' chochall mar gheall air, ní chuir- fead síos a ainm. Seo mar do sgríobh sé ar an rud so i gceist againn:— … “An méid de ghramadaigh na Gaedhilge go bhfuil eolus againn uirthi, tá sé lán de gach aon rud is iongantaighe agus is achrannaighe ná a chéile: cuir i gcás, má féachtar ar an cómhréamhshuidhiughadh, mar atá lium, leat, leis, linn, libh, leó buailtear i gcoinnibh ár gcos sinn i gceartlár comhair eile de theangaíbh: badh dhóigh le duine ar na cómhfhoclaibh seo gur de'n Eabhra nó de theangaidh na hÚngáire, de theangaidh na Tíbéite nó de'n Táimíl iad. Ní haon iongnadh, agus daoine i dtús na fogh- lama so, gur chuir leithéid Uallencei nó Bhétam an Ghaedhealg ársa i gcomhar le teangaíbh na Sorcha agus fréamhracha Ceilteacha aca dá gcur i gcoimh- meas le foclaibh Síneacha nó Phoeníceacha, de chroidhe dáríribh. Acht má bhí lá an fhíor-aineolais ann tráth, tá sé thorainn anois, cé go dtagann sanasaidhe suaithte ar achrann foth-uair, thar a mhithidíbh, agus “Eúréca” (.i. réidhteach na ceiste) mar liúgh maoidhte as chum a chuid saoiltíní nó rámhaillí féin do nochtadh do'n phobal.” Ní dóigh liom gur “Eúréca” (.i. fághal- tas nó éadáil) a nochtaim-se anois. Ní'l ann acht ruidín beag an-shuarach, b'fhéidir. Mar sin féin, ó's rud é go raibh an Úngáir go mion minic os ár gcomhair le déidhean- aighe, b'fhéidir nár bh'fhearr dam rud do dhéanfainn ná déidheanaigh phearsanta na gcomhréamhshuidhighthe fá mar atáid i dteangaidh na hÚngáire do chur i gcomparáid nó i gcomórtas le n-a bhfuil againne agus ag muinntir na Breataine dhíobh. Seo ar aghaidh a chéile anois iad. [Tuigtear, ámh, nach fuil luadh ná luadh- thairt ar an gcéad chuid de'n bhfocal i n-éan-chor]:—
… Cé shamhlóchadh a leithéid le dhá theangaidh, ceachtar díobh de chomhar éagsamhail? Nach fíor-chosamhail le chéile iad sa sgéal so? Tuigthear an méid seo lei: (1) Ní'l sa -k atá ag teangaidh na hÚngáire isna pear- sanaibh iolraidh acht comhartha coitcheann na huimhre iolraidh a chrochtar ar dheireadh an fhocail, toisg gan a ndóithin éagcosmhail- eachta a bheith idir -m, -d, -a (e) agus -n-, -t-, -o—(-e-) fá seach — dar ndóigh, muna mbeadh an -k deiridh seo, bheadh vele (aige) agus velek (aca) ar aon nós amháin ar fad, agus iad tré n-a chéile dá dheasgaibh, i gcaint an Úngáraigh! (2) Ní'l sa chuid is mó de na gothaíbh, agus go háirithe san -o- i hozzátok, reátok, nálatok, agus san -e- déidheanach isna fuirmeachaibh caola bennetek agus veletek acht gléas ceangail, go mór- mhór ó's rud é, a ndéin an Rúsach gan duadh gan docamhail, .i. an chómhlitir -tk do thabhairt leis, nach féadann an tÚngárach é dhéanamh gan guth do sgaoileadh i n-a lár isteach! (3) Ní fheadar cadé an rud an -j- i hozzájok agus reájok, acht 'sé fuaim a buaintear as ná i—i Iúdaidhe, iúistis, nó dh- i “mo dhíon,” &rl.: b'fhéidir nach fuil ann acht gléas cumtha, dálta mar do-gheibhtear an -th—atá sa Ghaedhilg ins an phearsain chéadna, m. sh., ortha, chugtha, &rl., rud a bhíos i bhfolach orainne ar uairibh, mh. sh., aca (ó ag + tha), chuca (ó chug + tha), &rl., acht ar uairibh eile os ár gcomhair go leathan láidir, m. sh., ionnta (ó i n—+ tha), &rl.; agus uaireanta eile ní'l a leithéid le feicsint ins an bhfocal i n-éan-chor, ní hé amháin ag Úngárachaibh acht ag Gaedhealaibh féin, m. sh., bennök, nálok aca súd, agus “leó” so againne! Sin teacht le chéile aca dáríribh. Ní'l acht aon mhír amháin Úngárach nach tagann leis an bhfuirm Ghaedhealaigh. 'Sé mír é sin an -t—san dara pearsain de'n uimhir iolraidh. Acht muna dtagaidh féin, tá an rud céadna — an rud ceanann céadna — againne féin ins na briathraibh! Infhiúch thig-Th-í (.i. tuigeann sibh), tá-Th-aoi fuil-T-í (go bhfuiltí, &rl.), deir-Th-í, &rl. Tá sé ins na briathraibh ag na hÚngárachaibh leis. …
Féachtar ar fhorainmneachaibh na dtrí dteangadh anois, mar is iad is cúis do dhéidheanachaibh na reamhshuidhiughadh réamh- ráidhte. 'Siad so iad: … Chífear deifridheacht déantúis annso: mi, ti, agus ök de theangaidh na hÚngáire, is amhlaidh do cumadh iad sain acht an uimhir uathaidh d'iolrughadh, .i., déanamh na huimhre iolraidh do chur ar fuirmeachaibh na huimhre uathaidh, .i., díreach mar atá “fir” déanta againne as ‘fear,’ is amhlaidh atá ti déanta ag Úngárachaibh as te, agus, gan amhras, is cuma ök déanta as ö nó ‘coillte’ againne déanta as ‘coill.’ Sin é, nuair do hiolruigheadh én (ó *me-ne(?)), cmh. minä na bhFinneach), te agus ö, rinne dhíobh fá seach mi, ti, agus ök (= ö + k) .i. comhartha coitcheann na huimhre iolraidh, mar adubhramar romhainn). Sin é gnás coitcheann gramadaighe na dteangadh nÚgar-Fhinneach. Anois, is léir as sain go bhfuil iosgad éigin gaoil ag forainmneachaibh na Gaedhilge le forainmneachaibh theangadh na hÚngáire. Deir an tOllamh Hannraoi Suueet an rud céadna, agus, go deimhin féin, deir sé níos mó ná sain, .i. tá sé tabhartha fá n-a láimh aige gurab é an bun céadna atá fá theangaíbh na nTgar-Fhinneach agus na nInd-Eorpach, ní hé amháin isna forainm- neachaibh, acht isna foclaibh agus sa ghramad- aigh ar fad! Cad déarfam anois? 'Sé mo thuairim gur ceachtar de dhá rud is ionráidhte dhúinn, .i. (1) go labhairthí teanga éigin Úgar-Fhinneach i nÉirinn sul a dtáinig na Gaedhil innti, agus go raibh canamhaint de'n chinéal chéadna i bhfeidhm sa Bhreatain leis, agus gur fhág sí siúd a rian ar an bhfíor-shean-Ghaedhilg ghlan-Ind-Eorpaigh thug Gaedhil leó go hÉirinn, — cá bhfios dúinn nach ag Fearaibh Bolg a bhí an teanga fhíor- ársa Úgar-Fhinneach úd, má bhí riamh ann? — nó (2) tuairim an Ollaimh Suueet, nach í a n-úrlabhra féin atá ag Ind-Eorpachaibh indiu i n-éan-chor agus nach raibh a leithéid riamh aca ó tháinig na hÚgar-Fhinnigh isteach san Eoraip i nEoraip ná i nÁsia indiu, acht sadhas éigin úrlabhra Úgar-Fhinnigh aca go léir dá spreagadh go blasta! Cibé cúis é, 'sé mheasaim féin gur ró- mhór an teacht le chéile na forainmneacha agus na cómhréamhshuidhighthe úd. Ní féidir go mbeidís amhlaidh tré thionóisg nó chinn- eamhaint amháin. An dtiocfadh le cuid de iarsuidhighthibh na nÚngárach — i ndiaidh an fhocail a chuirid siad súd iad — agus de réamhshuidhighthibh na nGaedheal a bheith i ngaol dá chéile leis? Ní héagcosmhail le ‘co’ (go, chug-) hoz (hozzám chugam), agus bíonn h ag Úngárachaibh i gcomhnuidhe i n-aghaidh na bunfhuama k (c), cmh. három (trí) kolm (l i n-aghaidh r), mar adeirtear an focal i dteangaíbh na bhFinneach, ház
(teach), ó'n Laidin casa, ruha, (casóg) ó rock na Gearmáinse, &rl. Tagra. Ind-Eorpach, Indo-European. Ind-Eorpachas, Indo- European grammar or usage. Do baineadh beachtaidh- eacht as, was arrived at by means of comparative philology. Sanasaidhe, a philologist. Mí-Ind-Eorpach, un-Indo-European, non-Aryan. Nua-Cheilteach, Neo- Celtic. Cómhréamhshuidhiughadh, compound preposition, prepositional pronoun. Lucht sanais, philologists. Gramadach, f., grammar. Comhar, m., class, field, family. Comhfhocal, compound word. Cur i gcomhar le, to connect, to place in one class or family with. Coimhmeas, comparison; cur i gc. le, to compare with. Déidheanaigh, endings, terminations. Pearsanta, personal. Comparáid, comórtas, com- parison. Breathnaisg, also Breathnais, Welsh, but the former is the only form now in spoken use, at any rate in Munster. Comhfhuirm, compounded form. Cé shamhlóchadh a leithéid le, who would expect the like of? Pearsa, f., person. Iolradh, m., plural, plurality. An uimhir iolraidh, the plural number. Fá seach, respectively. Cómhlitir, combination of letters. Gléas cumtha, a means of formation, a formative element. Mír, particle, element. Briathar, verb. Uimhir uathaidh deimhne, singular number, definite form. Uimhir iolraidh neimhdheimhne, plural number indefinite form. Forainm, pronoun. Réamh- shuidhiughadh, preposition — this is the actual Old Irish grammatical term. An uimhir uathaidh d'iolrughadh, to pluralize the singular number. An cás gearánach, the accusative case. Úgar-Fhinneach, Ugro-Finnic, Pádraig Beag Mhac Seóidín. Chailleamar Máire Ní Chuirrín, i mbláth a saoghail is i lár a maitheasa. Beannacht Dé le n-a hanam. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services