Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhealg agus Teanga na hÚngáire.

Title
An Ghaedhealg agus Teanga na hÚngáire.
Author(s)
Mac Seóidín, Pádraig Beag,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN GHAEDHEALG AGUS TEANGA NA
hÚNGÁIRE.



Ceann de na teangaíbh hInd-Eorpacha is
eadh an Ghaedhealg, agus má's eadh féin,
tá rudaí innti nár bhain riamh le hInd-
Eorpachas, do réir mar do baineadh
beachtaidheacht as an úsáid sin ag sanasaidh-
thibh móra na Roinne Eorpa, .i. ag Bopp,
ag Fick, ag Schleicher, ag Brugmann,
&rl. 'Sé rud is mí-Ind-Eorpaighe isna
teangaíbh Nua-Cheilteacha ná an cómhréamh-
shuidhiughadh — sin í an caint do chuir lucht
sanais nó filológaidhthe dhíobh. Tá duine
dhíobh so agus is deimhin nár fhéad sé a
shuaimhneas do cheapadh. Is mór le rádh é,
dar leis féin, acht, ar eagla go dtiocfadh
Gaedhil im' chochall mar gheall air, ní chuir-
fead síos a ainm. Seo mar do sgríobh sé
ar an rud so i gceist againn:—





“An méid de ghramadaigh na Gaedhilge go bhfuil
eolus againn uirthi, tá sé lán de gach aon rud is
iongantaighe agus is achrannaighe ná a chéile: cuir i
gcás, má féachtar ar an cómhréamhshuidhiughadh, mar
atá



lium, leat, leis, linn, libh, leó



buailtear i gcoinnibh ár gcos sinn i gceartlár
comhair eile de theangaíbh: badh dhóigh le duine ar na
cómhfhoclaibh seo gur de'n Eabhra nó de theangaidh na
hÚngáire, de theangaidh na Tíbéite nó de'n Táimíl
iad. Ní haon iongnadh, agus daoine i dtús na fogh-
lama so, gur chuir leithéid Uallencei nó Bhétam an
Ghaedhealg ársa i gcomhar le teangaíbh na Sorcha
agus fréamhracha Ceilteacha aca dá gcur i gcoimh-
meas le foclaibh Síneacha nó Phoeníceacha, de chroidhe
dáríribh. Acht má bhí lá an fhíor-aineolais ann tráth,
tá sé thorainn anois, cé go dtagann sanasaidhe
suaithte ar achrann foth-uair, thar a mhithidíbh, agus
“Eúréca” (.i. réidhteach na ceiste) mar liúgh maoidhte
as chum a chuid saoiltíní nó rámhaillí féin do
nochtadh do'n phobal.”



Ní dóigh liom gur “Eúréca” (.i. fághal-
tas nó éadáil) a nochtaim-se anois. Ní'l
ann acht ruidín beag an-shuarach, b'fhéidir.
Mar sin féin, ó's rud é go raibh an Úngáir
go mion minic os ár gcomhair le déidhean-
aighe, b'fhéidir nár bh'fhearr dam rud do
dhéanfainn ná déidheanaigh phearsanta na
gcomhréamhshuidhighthe fá mar atáid i
dteangaidh na hÚngáire do chur i
gcomparáid nó i gcomórtas le n-a bhfuil
againne agus ag muinntir na Breataine
dhíobh. Seo ar aghaidh a chéile anois iad.
[Tuigtear, ámh, nach fuil luadh ná luadh-
thairt ar an gcéad chuid de'n bhfocal i
n-éan-chor]:—


L. 53




Cé shamhlóchadh a leithéid le dhá theangaidh,
ceachtar díobh de chomhar éagsamhail? Nach
fíor-chosamhail le chéile iad sa sgéal so?
Tuigthear an méid seo lei: (1) Ní'l sa -k
atá ag teangaidh na hÚngáire isna pear-
sanaibh iolraidh acht comhartha coitcheann na
huimhre iolraidh a chrochtar ar dheireadh an
fhocail, toisg gan a ndóithin éagcosmhail-
eachta a bheith idir -m, -d, -a (e) agus -n-,
-t-, -o—(-e-) fá seach — dar ndóigh, muna
mbeadh an -k deiridh seo, bheadh vele (aige)
agus velek (aca) ar aon nós amháin ar fad,
agus iad tré n-a chéile dá dheasgaibh, i
gcaint an Úngáraigh! (2) Ní'l sa chuid is
mó de na gothaíbh, agus go háirithe san -o-
i hozzátok, reátok, nálatok, agus san -e-
déidheanach isna fuirmeachaibh caola bennetek
agus veletek acht gléas ceangail, go mór-
mhór ó's rud é, a ndéin an Rúsach gan duadh
gan docamhail, .i. an chómhlitir -tk do
thabhairt leis, nach féadann an tÚngárach é
dhéanamh gan guth do sgaoileadh i n-a lár
isteach! (3) Ní fheadar cadé an rud an -j-
i hozzájok agus reájok, acht 'sé fuaim a
buaintear as ná i—i Iúdaidhe, iúistis, nó dh-
i “mo dhíon,” &rl.: b'fhéidir nach fuil ann
acht gléas cumtha, dálta mar do-gheibhtear
an -th—atá sa Ghaedhilg ins an phearsain
chéadna, m. sh., ortha, chugtha, &rl., rud a
bhíos i bhfolach orainne ar uairibh, mh. sh., aca
(ó ag + tha), chuca (ó chug + tha), &rl., acht
ar uairibh eile os ár gcomhair go leathan
láidir, m. sh., ionnta (ó i n—+ tha), &rl.;
agus uaireanta eile ní'l a leithéid le
feicsint ins an bhfocal i n-éan-chor, ní hé
amháin ag Úngárachaibh acht ag Gaedhealaibh
féin, m. sh., bennök, nálok aca súd, agus
“leó” so againne! Sin teacht le chéile
aca dáríribh.



Ní'l acht aon mhír amháin Úngárach nach
tagann leis an bhfuirm Ghaedhealaigh. 'Sé
mír é sin an -t—san dara pearsain de'n
uimhir iolraidh. Acht muna dtagaidh féin,
tá an rud céadna — an rud ceanann
céadna — againne féin ins na briathraibh!
Infhiúch thig-Th-í (.i. tuigeann sibh), tá-Th-aoi
fuil-T-í (go bhfuiltí, &rl.), deir-Th-í, &rl.
Tá sé ins na briathraibh ag na hÚngárachaibh
leis.





L. 54


Féachtar ar fhorainmneachaibh na dtrí
dteangadh anois, mar is iad is cúis do
dhéidheanachaibh na reamhshuidhiughadh réamh-
ráidhte. 'Siad so iad:





Chífear deifridheacht déantúis annso:
mi, ti, agus ök de theangaidh na hÚngáire,
is amhlaidh do cumadh iad sain acht an
uimhir uathaidh d'iolrughadh, .i., déanamh na
huimhre iolraidh do chur ar fuirmeachaibh na
huimhre uathaidh, .i., díreach mar atá “fir”
déanta againne as ‘fear,’ is amhlaidh atá
ti déanta ag Úngárachaibh as te, agus,
gan amhras, is cuma ök déanta as ö nó
‘coillte’ againne déanta as ‘coill.’ Sin
é, nuair do hiolruigheadh én (ó *me-ne(?)),
cmh. minä na bhFinneach), te agus ö, rinne
dhíobh fá seach mi, ti, agus ök (= ö + k) .i.
comhartha coitcheann na huimhre iolraidh,
mar adubhramar romhainn). Sin é gnás
coitcheann gramadaighe na dteangadh
nÚgar-Fhinneach.



Anois, is léir as sain go bhfuil iosgad
éigin gaoil ag forainmneachaibh na Gaedhilge
le forainmneachaibh theangadh na hÚngáire.
Deir an tOllamh Hannraoi Suueet an
rud céadna, agus, go deimhin féin, deir
sé níos mó ná sain, .i. tá sé tabhartha fá
n-a láimh aige gurab é an bun céadna atá
fá theangaíbh na nTgar-Fhinneach agus na
nInd-Eorpach, ní hé amháin isna forainm-
neachaibh, acht isna foclaibh agus sa ghramad-
aigh ar fad!



Cad déarfam anois? 'Sé mo thuairim
gur ceachtar de dhá rud is ionráidhte
dhúinn, .i. (1) go labhairthí teanga éigin
Úgar-Fhinneach i nÉirinn sul a dtáinig na
Gaedhil innti, agus go raibh canamhaint
de'n chinéal chéadna i bhfeidhm sa Bhreatain
leis, agus gur fhág sí siúd a rian ar an
bhfíor-shean-Ghaedhilg ghlan-Ind-Eorpaigh thug
Gaedhil leó go hÉirinn, — cá bhfios dúinn
nach ag Fearaibh Bolg a bhí an teanga fhíor-
ársa Úgar-Fhinneach úd, má bhí riamh ann? —
nó (2) tuairim an Ollaimh Suueet, nach í a
n-úrlabhra féin atá ag Ind-Eorpachaibh
indiu i n-éan-chor agus nach raibh a leithéid
riamh aca ó tháinig na hÚgar-Fhinnigh isteach
san Eoraip i nEoraip ná i nÁsia indiu, acht
sadhas éigin úrlabhra Úgar-Fhinnigh aca go
léir dá spreagadh go blasta!



Cibé cúis é, 'sé mheasaim féin gur ró-
mhór an teacht le chéile na forainmneacha
agus na cómhréamhshuidhighthe úd. Ní féidir
go mbeidís amhlaidh tré thionóisg nó chinn-
eamhaint amháin. An dtiocfadh le cuid de
iarsuidhighthibh na nÚngárach — i ndiaidh an
fhocail a chuirid siad súd iad — agus de
réamhshuidhighthibh na nGaedheal a bheith i ngaol
dá chéile leis? Ní héagcosmhail le ‘co’
(go, chug-) hoz (hozzám chugam), agus
bíonn h ag Úngárachaibh i gcomhnuidhe i
n-aghaidh na bunfhuama k (c), cmh. három
(trí) kolm (l i n-aghaidh r), mar adeirtear
an focal i dteangaíbh na bhFinneach, ház


L. 55


(teach), ó'n Laidin casa, ruha, (casóg) ó
rock na Gearmáinse, &rl.



Tagra.



Ind-Eorpach, Indo-European. Ind-Eorpachas, Indo-
European grammar or usage. Do baineadh beachtaidh-
eacht as, was arrived at by means of comparative
philology. Sanasaidhe, a philologist. Mí-Ind-Eorpach,
un-Indo-European, non-Aryan. Nua-Cheilteach, Neo-
Celtic. Cómhréamhshuidhiughadh, compound preposition,
prepositional pronoun. Lucht sanais, philologists.
Gramadach, f., grammar. Comhar, m., class, field,
family. Comhfhocal, compound word. Cur i gcomhar
le, to connect, to place in one class or family
with. Coimhmeas, comparison; cur i gc. le, to
compare with. Déidheanaigh, endings, terminations.
Pearsanta, personal. Comparáid, comórtas, com-
parison. Breathnaisg, also Breathnais, Welsh, but
the former is the only form now in spoken use,
at any rate in Munster. Comhfhuirm, compounded
form. Cé shamhlóchadh a leithéid le, who would expect
the like of? Pearsa, f., person. Iolradh, m., plural,
plurality. An uimhir iolraidh, the plural number.
Fá seach, respectively. Cómhlitir, combination of
letters. Gléas cumtha, a means of formation, a
formative element. Mír, particle, element. Briathar,
verb. Uimhir uathaidh deimhne, singular number,
definite form. Uimhir iolraidh neimhdheimhne, plural
number indefinite form. Forainm, pronoun. Réamh-
shuidhiughadh, preposition — this is the actual Old Irish
grammatical term. An uimhir uathaidh d'iolrughadh, to
pluralize the singular number. An cás gearánach, the
accusative case. Úgar-Fhinneach, Ugro-Finnic,



Pádraig Beag Mhac Seóidín.



Chailleamar Máire Ní Chuirrín, i mbláth a saoghail
is i lár a maitheasa. Beannacht Dé le n-a hanam.
Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services