Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Is mór an buille ar aghaidh i gcúis na Sean- Ghaedhilge OLD-IRISH PARADIGMS, an leabhar is déidheannaighe ó láimh an Strachánaigh. Ní gábhadh acht ainm an ughdair a luadh is beidh fhios againn ná fagh- far ann acht cnó mhullaigh an chirt is an léighinn. Nuair a chímíd ainm an duine uasail úd ar leabhar deirimíd linn féin: tá urradhas againn, pé scéal é, ar chruinneas léighinn is ar chúram i dtaobh sean- rudaí ár sean. Gach duine gur mhian leis eólas a chur ar an tSean- Ghaedhilg ní mór dó an leabhar so a bheith n-a sheilbh ó thúis. Tá cláracha ann ar dhíochlaonadh (nó ar dhiall) an Airtiogail ar dhiall Ainmneach, is ar gach atharr- ughadh go ngabhann an Briathar tríd. Tá a fhios ag gach éinne do thug fá'n tSean-Ghaedhilg d'fhoghluim gurab é an Briathar an chuid is cruaidhe is is acharannaighe dhi. Tá os cionn leath an leabhair so fá'n mBriathar is fá gach soinseáil dá dtagann air. Gheobhthar i bhfochair a chéile annso an t-eólus is déidheannaighe fuaradh amach i dtaobh na Sean-Ghaedh- ilge. Ní fuláir nó déanfaidh an leabhar so agus an leabhar eile úd ón bhfear gcéadna .i. Selections from the Old-Irish Glosses a lán chun daoine a threorughadh ar bhóthar chruaidh chnapánach na Sean-Ghaedhilge. Leath- coróinn fiacha an leabhair seo; is is féidir é fagháil ó Scoil na Sean-Ghaedhilge, 28 Sr. an Chláir, Áth Cliath, nó ó Hodges, Figgis & Co., Ltd., 104 Sr. Ghrafton. Tá's ag an saoghal gur file ceart Gaedhilge Tórna an Ghleanna, mar ní fada ó dh'airigheamar leóithne filidheachta ag séideadh ón nGleann andeas. Tá a shár-fhios ag a cháirdibh chomh maith go bhfuil Tadhg ar fheabhas chum púnnca ghraiméir a mhíniughadh. Is minic a réidhtigh sé na “Bearta Cruadha” dómh-sa go háirithe; agus, má's áil leis an léightheóir a bhreith a thabhairt ar mhodh mhúinte Thaidhg, níor bhfearra dhó rud a dhéanfadh sé ná cóip den leabhar nuadh so “Ceachta Graiméir” a cheannach, & é sgrúdughadh go mion & go minic. Is fuirist fheicsint gur sean- cheárduidhe ar mhúinteóireacht do scríobh an leabhar so, & is dóigh liom-sa gur mó an tairbhe dhéanfaidh do mhúinteóiribh na tíre ná ar dhéin éan-ghraiméir do cuireadh amach go dtí so. Taisbeántar go soiléir ins an leabhar so cionnus ba cheart an graiméar a mhúineadh do leanbhaíbh san tríomhadh leabhar. B'í an tslighe ba ghnáthaighe go dtí so ach iad do bhodhradh & do mhúchadh le riaghlachaibh; agus ní túisge bhéadh riaghail foghlumtha ag na créatúiríbh bochta ná go bpreabfadh “exception” éicint chucha a bhuailfeadh buille idir an dá shúil ortha agus a chuirfeadh meascán mearaidhe ar a n-intinn go ceann seachtmhaine. Ní hí sin an tslighe mhúinte a chuireann Tadhg ós ar gcomhar. Tosnuigh- eann sé le habairt shimplidhe éicint mar “D'éirigh an ghrian.” Annsoin, fiafruigheann de dhuine dá bhuidhin, “Cad do dhein an ghrian?” Annsoin cuir- eann an grabaire beag a lámh i n-áirde, & thugann an freagra uaidh ar an dtoirt: “D'éirigh sí.” Annsoin cuirtear i n-iúil don leanbh gurab é an focal so “an gníomh-fhocal,” a thaisbeánann dúinn caidé an “gníomh” a deineadh. Níl éan-amhras orainn ná gur mór an feabhas atá ag teacht ar oideachas teangan sa tír so ó thosnuigh Connradh na Gaedhilge ar obair, agus d'oirfeadh do mhúinteoiríbh Béarla féin an módh múnte so d'fhoghluim agus do chur i dtaithighe feasta. SÉAMUS A' DÚNA. Ba mhaith an mhaise don Athair Seaghán Ó Raghallaigh an scéal breagh so “CURADH GLAS AN EOLAIS” a sciobadh ón mbás. An fear bocht d'innis dó é “Tommuny Bhid” — tá sé ar thaobh na fírinne anois, agus muna mbéadh an sagart dílis so, bhí scéal maith eile imthighthe gan chúnntus air. I gConndae Mhuigheó do chomnuigheadh Tommuny bocht, agus is aige bhí an Ghaedhilig go líomhtha. Tá gach aon fhocal den scéal scríobhta díreach mar d'innis an sean- duine é, agus is maith an rud é sin, mar beidh caoi anois ag muinntir na gcúig cúigí a meas a thabhairt ar Ghaedhilig Chondae Mhuigheó. Chuirfeadh sé áthas ar dhuine na cuir chainte breaghtha atá san leabhar a thabhairt fé ndeara agus a chur i gcóimh-mheas leis an módh cainte d'airigh sé 'na chomhursanacht féin. Tá cuid den scéal so ana-chosamhail le “Rígh an Fhásaigh Dhuibh,” acht amháin gur doimhne an chaint atá ann, agus cuid eile dhe cuireann sé i gcuimne dhúinn
ceann des na “Trí Sgéalta” do scríobh Conchobhar Ó Deasmhuna, acht amháin nár mharbh Mac Ríogh na hÉireann an triúr athach. Is dóigh linn fós gur airigheamar cheana mar gheall ar an lachain 'sa chrann, acht níor chualamar deireadh an scéil riamh roimhe seo. Tá foclóir maith agus gluais i ndeireadh an leabhair, agus sin mar is ceart é. Tá gach aon chor cruaidh cainnte mínighthe go soiléir ann. Ba mhaith linn focal a rádh i dtaobh an fhocail sin “aghaidh fidil.” Sin é rud a glaodhaid na páistí sa mbaile ar “mask” nó “srón bréige”. Is dóigh liom gurab “oirfide” an focal ceart annso, “ag déanamh ceóil agus oirfide.” Ní théidheann “ceól agus aghaidh-fidil” le chéile, — acht amháin ar lá 'le Stiopháin b'fhéidir, nuair bhíonn na Wren boys ag gabháilt timcheall. Is sár-mhaith an díol leath-raolach an leabhar so. Is maith linn an leabhrín taithneamhach so, GORM- FHLAITH; Inghean Árd-Ríogh Éireann, d'fheicsint ó lámh Thomáis Uí Chonceanainn. Tá sé ag cur síos ar bheathaidh na bainríoghna ba mhaiseamhla & do bh'fhearr a bhí i nÉirinn ó aimsir Phádraig. Cé go raibh sí n-a bainríoghan féin, ba chruaidh an saoghal a bhí i ndán di, agus an mí-fhortún a tháinig uirthi i ndeireadh a laetheanta. Tugann an leabhar so radharc dúinn ag shean-stair na hÉireann, agus taisbeánann dúinn cionnus mar do chaith sean-righthe na hÉireann a saoghal abhfad sar ar dtáinig na Sasan- aigh i dtír annso. Níor mhisde d'éinne gur mhaith leis stair na sean-aimsire so a thuigsint 'na cheart, an leabhar so do léigheamh, mar ní har Ghormfhlaith amháin a thráchtann sé acht ar Chormac mac Cuillionáin, an rí clúmhail agus an tEasbog naomhtha do chuir ar bun i gCaiseal na Ríogh an seipéal is áilne dár deineadh riamh i nÉirinn. Tá trácht ann leis ar Niall Glún-dubh, a bhí tamall dá shaoghal 'na rígh ar Chúige, Uladh, agus a fuair coróin na hÉireann 'na dhiaidh sin, agus ar cionnus mar do throid sé i gcoinnibh na Lochlannach. Tá trácht ann ar an tslighe 'na dtoghthaí Árd-Righthe na hÉireann agus ar mórán nidhthe eile d'oirfeadh go maith don té chuirfeadh suim i stair na tíre seo. Tá caint deas shimpllidhe ann, agus tá súil againn go léighfidh cuid mhór d'aos óg na hÉireann é. Trí pingne a fhiacha. Do mhaireas-sa gur gearradh me le tuagh i gcoill, 'S im bheathaidh dham níor haithriseadh mo shuairceas puinn; Ó's marbh dam do labhraim go buadhach binn, 'S gan teanga agam ní balbh an fhuaim do-ghním.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services