CLODHANNA NUA.
Is mór an buille ar aghaidh i gcúis na Sean-
Ghaedhilge OLD-IRISH PARADIGMS, an leabhar is
déidheannaighe ó láimh an Strachánaigh. Ní gábhadh acht
ainm an ughdair a luadh is beidh fhios againn ná fagh-
far ann acht cnó mhullaigh an chirt is an léighinn.
Nuair a chímíd ainm an duine uasail úd ar leabhar
deirimíd linn féin: tá urradhas againn, pé scéal é,
ar chruinneas léighinn is ar chúram i dtaobh sean-
rudaí ár sean.
Gach duine gur mhian leis eólas a chur ar an tSean-
Ghaedhilg ní mór dó an leabhar so a bheith n-a sheilbh ó
thúis. Tá cláracha ann ar dhíochlaonadh (nó ar dhiall)
an Airtiogail ar dhiall Ainmneach, is ar gach atharr-
ughadh go ngabhann an Briathar tríd. Tá a fhios ag
gach éinne do thug fá'n tSean-Ghaedhilg d'fhoghluim
gurab é an Briathar an chuid is cruaidhe is is
acharannaighe dhi. Tá os cionn leath an leabhair so
fá'n mBriathar is fá gach soinseáil dá dtagann air.
Gheobhthar i bhfochair a chéile annso an t-eólus is
déidheannaighe fuaradh amach i dtaobh na Sean-Ghaedh-
ilge. Ní fuláir nó déanfaidh an leabhar so agus an
leabhar eile úd ón bhfear gcéadna .i. Selections from
the Old-Irish Glosses a lán chun daoine a threorughadh
ar bhóthar chruaidh chnapánach na Sean-Ghaedhilge. Leath-
coróinn fiacha an leabhair seo; is is féidir é fagháil
ó Scoil na Sean-Ghaedhilge, 28 Sr. an Chláir, Áth Cliath,
nó ó Hodges, Figgis & Co., Ltd., 104 Sr. Ghrafton.
Tá's ag an saoghal gur file ceart Gaedhilge Tórna
an Ghleanna, mar ní fada ó dh'airigheamar leóithne
filidheachta ag séideadh ón nGleann andeas. Tá a
shár-fhios ag a cháirdibh chomh maith go bhfuil Tadhg ar
fheabhas chum púnnca ghraiméir a mhíniughadh. Is minic
a réidhtigh sé na “Bearta Cruadha” dómh-sa go
háirithe; agus, má's áil leis an léightheóir a bhreith a
thabhairt ar mhodh mhúinte Thaidhg, níor bhfearra dhó
rud a dhéanfadh sé ná cóip den leabhar nuadh so
“Ceachta Graiméir” a cheannach, & é sgrúdughadh go
mion & go minic. Is fuirist fheicsint gur sean-
cheárduidhe ar mhúinteóireacht do scríobh an leabhar
so, & is dóigh liom-sa gur mó an tairbhe dhéanfaidh do
mhúinteóiribh na tíre ná ar dhéin éan-ghraiméir do
cuireadh amach go dtí so. Taisbeántar go soiléir
ins an leabhar so cionnus ba cheart an graiméar a
mhúineadh do leanbhaíbh san tríomhadh leabhar. B'í an
tslighe ba ghnáthaighe go dtí so ach iad do bhodhradh & do
mhúchadh le riaghlachaibh; agus ní túisge bhéadh riaghail
foghlumtha ag na créatúiríbh bochta ná go bpreabfadh
“exception” éicint chucha a bhuailfeadh buille idir an
dá shúil ortha agus a chuirfeadh meascán mearaidhe ar a
n-intinn go ceann seachtmhaine. Ní hí sin an tslighe
mhúinte a chuireann Tadhg ós ar gcomhar. Tosnuigh-
eann sé le habairt shimplidhe éicint mar “D'éirigh
an ghrian.” Annsoin, fiafruigheann de dhuine dá
bhuidhin, “Cad do dhein an ghrian?” Annsoin cuir-
eann an grabaire beag a lámh i n-áirde, & thugann an
freagra uaidh ar an dtoirt: “D'éirigh sí.” Annsoin
cuirtear i n-iúil don leanbh gurab é an focal so
“an gníomh-fhocal,” a thaisbeánann dúinn caidé an
“gníomh” a deineadh. Níl éan-amhras orainn ná gur
mór an feabhas atá ag teacht ar oideachas teangan
sa tír so ó thosnuigh Connradh na Gaedhilge ar obair,
agus d'oirfeadh do mhúinteoiríbh Béarla féin an módh
múnte so d'fhoghluim agus do chur i dtaithighe feasta.
SÉAMUS A' DÚNA.
Ba mhaith an mhaise don Athair Seaghán Ó Raghallaigh
an scéal breagh so “CURADH GLAS AN EOLAIS” a
sciobadh ón mbás. An fear bocht d'innis dó é
“Tommuny Bhid” — tá sé ar thaobh na fírinne anois,
agus muna mbéadh an sagart dílis so, bhí scéal
maith eile imthighthe gan chúnntus air. I gConndae
Mhuigheó do chomnuigheadh Tommuny bocht, agus is
aige bhí an Ghaedhilig go líomhtha. Tá gach aon fhocal
den scéal scríobhta díreach mar d'innis an sean-
duine é, agus is maith an rud é sin, mar beidh caoi
anois ag muinntir na gcúig cúigí a meas a thabhairt
ar Ghaedhilig Chondae Mhuigheó. Chuirfeadh sé áthas ar
dhuine na cuir chainte breaghtha atá san leabhar a
thabhairt fé ndeara agus a chur i gcóimh-mheas leis an
módh cainte d'airigh sé 'na chomhursanacht féin. Tá
cuid den scéal so ana-chosamhail le “Rígh an
Fhásaigh Dhuibh,” acht amháin gur doimhne an chaint atá
ann, agus cuid eile dhe cuireann sé i gcuimne dhúinn
ceann des na “Trí Sgéalta” do scríobh Conchobhar
Ó Deasmhuna, acht amháin nár mharbh Mac Ríogh na
hÉireann an triúr athach. Is dóigh linn fós gur
airigheamar cheana mar gheall ar an lachain 'sa chrann,
acht níor chualamar deireadh an scéil riamh roimhe
seo. Tá foclóir maith agus gluais i ndeireadh an
leabhair, agus sin mar is ceart é. Tá gach aon chor
cruaidh cainnte mínighthe go soiléir ann. Ba mhaith
linn focal a rádh i dtaobh an fhocail sin “aghaidh
fidil.” Sin é rud a glaodhaid na páistí sa mbaile
ar “mask” nó “srón bréige”. Is dóigh liom gurab
“oirfide” an focal ceart annso, “ag déanamh
ceóil agus oirfide.” Ní théidheann “ceól agus
aghaidh-fidil” le chéile, — acht amháin ar lá 'le
Stiopháin b'fhéidir, nuair bhíonn na Wren boys ag
gabháilt timcheall. Is sár-mhaith an díol leath-raolach
an leabhar so.
Is maith linn an leabhrín taithneamhach so, GORM-
FHLAITH; Inghean Árd-Ríogh Éireann, d'fheicsint ó lámh
Thomáis Uí Chonceanainn. Tá sé ag cur síos ar
bheathaidh na bainríoghna ba mhaiseamhla & do bh'fhearr
a bhí i nÉirinn ó aimsir Phádraig. Cé go raibh sí n-a
bainríoghan féin, ba chruaidh an saoghal a bhí i
ndán di, agus an mí-fhortún a tháinig uirthi i
ndeireadh a laetheanta. Tugann an leabhar so
radharc dúinn ag shean-stair na hÉireann, agus
taisbeánann dúinn cionnus mar do chaith sean-righthe
na hÉireann a saoghal abhfad sar ar dtáinig na Sasan-
aigh i dtír annso. Níor mhisde d'éinne gur mhaith leis
stair na sean-aimsire so a thuigsint 'na cheart, an
leabhar so do léigheamh, mar ní har Ghormfhlaith amháin
a thráchtann sé acht ar Chormac mac Cuillionáin, an
rí clúmhail agus an tEasbog naomhtha do chuir ar
bun i gCaiseal na Ríogh an seipéal is áilne dár
deineadh riamh i nÉirinn. Tá trácht ann leis ar Niall
Glún-dubh, a bhí tamall dá shaoghal 'na rígh ar Chúige,
Uladh, agus a fuair coróin na hÉireann 'na dhiaidh sin,
agus ar cionnus mar do throid sé i gcoinnibh na
Lochlannach. Tá trácht ann ar an tslighe 'na dtoghthaí
Árd-Righthe na hÉireann agus ar mórán nidhthe eile
d'oirfeadh go maith don té chuirfeadh suim i stair na
tíre seo. Tá caint deas shimpllidhe ann, agus tá súil
againn go léighfidh cuid mhór d'aos óg na hÉireann é.
Trí pingne a fhiacha.
Do mhaireas-sa gur gearradh me le tuagh i gcoill,
'S im bheathaidh dham níor haithriseadh mo shuairceas
puinn;
Ó's marbh dam do labhraim go buadhach binn,
'S gan teanga agam ní balbh an fhuaim do-ghním.