Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cathal Buidhe.
Title
Cathal Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Laoide, Seosamh
Contributor
Uí Mhearáin, Bean Phaidí Pheadair. Mach
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATHAL BUIDHE. Bhí sé 'na dhroch-fhear. Dheanfad se gach a'n seort droch-bhriathra agus bhí se chomh holc sin nach dtiubhradh na sagairt cead dó a dhul isteach i n-i dtéa'pall ar bith (nó i n-i seipeál) nó cha rabh cead aige duine ar bith lóisdin oidhche a thabhairt dó. Fá dheireadh bhí se ag dul thart agus fuaidh isteach oidhche amháin go toigh sgolóige agus d'iarr se lóisdin go maidin. “Cha chuinnighim-sa thú,” ars' an sgológ. “Nach bhfuil 'fhios agat nach bhfuil cead aige duine ar bith do choinneált?” “Tá sé mall ins an oidhche,” arsa Cathal, “agus cha n-fhacaidh a'n dhuine mé a'
teacht nó cha n-fhaiceann a'n dhuine mé ag imtheacht, agus coinnigh mé anocht ar ghrádh Dé.” Choinnigh sé é. Goidé bhí Cathal bocht acht tinn, agus char leig se air gá hacú bhí nó nach rabh, agus, nuair a luigh se, d'éirigh se go dona. Sgairt se ar fhear a' toighe agus d'iarr se air a dhul fá'n tsagart dó. “Cha dtéidhim!” arsa fear a' toighe; “cha dtiocfad se liom.” “Féadfaidh go dtiocfadh,” arsa Cathal. Fuaidh a' sgológ fá'n tsagart. Má tá, cha dtiocfadh an sagart leis. Thainic an sgológ ar ais agus d'ársuigh se do Chathal goidé dubhairt a' sagart. “Téid 'na choinne aríst,” arsa Cathal. Fuaidh a' sgológ an darna bomhta. Má tá, cha dtiocfadh an sagart leis, agus nuair a thainic se ar ais chuige Cathal: “Téidh ar ais aríst an treas bomhta,” arsa Cathal, “agus féadfaidhe go gcuir- feadh Dia i n-a chroidhe a theacht leat. Abair leis go bhfuil mé dócrach dona agus nach mbím-sa beó ar maidin; agus, sol mur fhágfa tú an toigh, fógh dhá slat saileoige agus cuir bárr a' dá chionn ins a' teinidh.” Fuaidh a' sgológ an treas bomhta fá'n tsagart agus thainic a' sagart leis. Má tá, eadra an sgológ a dhul fá'n tsagart agus é theacht ar ais, bhain Cathal bárr cinn de na slait as a' teinidh, agus thoisigh se a sgríobhadh ar a' mballa os a chionn, agus, nuair a chaithfead se méad agus bhéidheadh dóighte nó dubh ar bhárr a'n tslat amháin, chuirfead se an tslat sin ins a' teinidh agus bheireadh se amach a' tslat eile. Fuaidh se ar aghaidh mar sin leis a' dá slat go dtí nach rabh a'n droch- bhréathra a rinn se riamh nach rabh sgríobhthaí ar a' mballa os a chionn. Bhí se annsin le haghaidh a' saoghal uilig é léigheadh, agus, nuair a' thainic a' sagart agus a' sgológ ar ais, bhí se marbh. Bhí se nighte agus leagthaí amach agus a lán solus thart air. Deiread se, nuair a bhí se sgríobhtha: “Och! a Dhé mhoirnigh! nach dána mé amharc suas ort?” MÁIRE NÍ MHATHGHAMHNA (bhean an Dálaigh), d'innis i Leacht an Albanaigh, i ngar do Charraig Mhachaire Rois. “D'imthigh se leis mar bheadh fear aerach, an duine bocht. Thug sgológ cead dó dhul isteach sa sgioból. Chuir se duine i gcoinne an tsagairt. Cha dtainic an sagart leis a' chead teachtaire. A' duine bocht, sgríobh se a fhaosaide ar a' mballa. Thainic a' sagart annsin leis a' dara teachtaire. Nuair a thainic se 'un a' doruis, bhí solus mór istoigh. Nuair a thainic se isteach, fuaidh a' solus amach. Nuair a thainic solus a' lae annsin, fuaidh se isteach agus léigh se an faosaide ar a' mballa.” BEAN PHAIDÍ PHEADAIR UÍ MHEARÁIN d'innis i Mach- aire Cluana. Deir sise fós gur chuir Cathal Buidhe na focail seo i ndeireadh gach líne dá dhán deireannach: “'S a Mhaidhdean Mhuire, goidé mar sgarfa mé leat?” IAR-CHOMHARTHUGHADH. Tugtar súil-féachaint ar “Dhán Deireannach Chathail Bhuidhe” do chuir Seaghán Ó hAnnabháin as Crois Mhig Fhloinn i gcló i n-uimhir an Mheithimh d'IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. Thárla go rabhas-sa ag Feis na Cairrge (.i. Carraig Mhachaire Rois) i mí na Lughnasa. Bhí toradh beag ar mo chuairt go dtí an dúthaigh sin, .i., trácht ar bhás Chathail Bhuidhe ó bheirt bhan de mhuintir Mhachaire Cluana. 'sé an Béarla atá aca annsúd ar “Chathal Buidhe” acht “Charley Dunne”!
B'fhéidir gurab ionann “Mac Giolla Ghunna (Ghunnaibh?)” agus “Dunne”, acht b'fhéidir eile gur “dun” .i. Béarla ar “Buidhe”, atá ann. “Faosaide Chathail Bhuidhe” a bheirid ar an dán. File éigin eile bhí ag cur síos ar Chathal Buidhe, dubhairt sé go mbíodh sé “ag imtheacht le gach olc.” Deirtear gur i bhfreagra ar Chathal féin adubhairt sé sin, agus na focail seo mar an gcéadna: “Bíonn sé amuigh ar shiubhal oidhche is tá'n donas ar a sheort.” Badh mhaith an rud gur maitheadh dó i ndeireadh thiar. Soluis na bhflaitheas thart thimcheall air i n-éis a bháis a thaisbeán sin. Tagra. Droch-bhriathra is evidently for droch-ghníomhartha which is pronounced dro-ghriartha (U.). The gh has changed into the easier bh. A further change to droch- bhréathra also appears. Chuinnighim-sa, choinnigh: An alternation between u and o is noticeable here. Má tá = but, however is very usual in the Farney dialect. Dócrach = dócamhlach. Dócrach dona, “terrible bad.” Nach mbím-sa for nach mbéad-sa = ná bead-sa (M.). Fógh = fágh, faigh, get. Dhá slat = dhá shlait. The best usage of the dialect prefers the latter. It is curious to find a masc.pl. na slait = na slata lower down, although an tslat, sing.fem. occurs also. “Óch! A Dhé mhoirnigh, &rl.”: Mr. Hannon gives the line as - “A Rígh na ngrásta, nach náireach damh amharc ort suas?” Faosaide = faoisidin, confession. File éigin eile, &c.: The following were given me as the opening words of the quatrain, but I can make no sense of them: “Bhí se shuidhiughadh (?) Cathal Buidhe, 'gá ruimheadh (?) is 'gá rádadh (?).” They were ex- plained as “that he didn't know what he was doing” or “what to do,” an interpretation that does not help us in the least. It should be added that Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunna was a native of Co. Cavan. That is the Donegal tradition. The mention of “Loch Mhic an Éin = Lough Macnean, in Donegal versions of an Bunnán Buidhe, shows that he must have belonged to the barony of Tullyhaw, i.e., the western part of the county. Seosamh Laoide. Na ríghthe cé díomsach gach curadh mear táisc. Na saoithe le críonnacht ó thuile go tráigh. 'S gach buidhean le haoibhneas 's gach fuireann cé táir Lem shaighdaibh'se claoidhfar gan fhuireach chun báis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services