Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cathal Buidhe.

Title
Cathal Buidhe.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Laoide, Seosamh
Contributor
Uí Mhearáin, Bean Phaidí Pheadair. Mach
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CATHAL BUIDHE.



Bhí sé 'na dhroch-fhear. Dheanfad se gach
a'n seort droch-bhriathra agus bhí se chomh
holc sin nach dtiubhradh na sagairt cead
dó a dhul isteach i n-i dtéa'pall ar bith
(nó i n-i seipeál) nó cha rabh cead aige
duine ar bith lóisdin oidhche a thabhairt dó.
Fá dheireadh bhí se ag dul thart agus fuaidh
isteach oidhche amháin go toigh sgolóige agus
d'iarr se lóisdin go maidin.



“Cha chuinnighim-sa thú,” ars' an sgológ.
“Nach bhfuil 'fhios agat nach bhfuil cead aige
duine ar bith do choinneált?”



“Tá sé mall ins an oidhche,” arsa
Cathal, “agus cha n-fhacaidh a'n dhuine mé a'


L. 39


teacht nó cha n-fhaiceann a'n dhuine mé ag
imtheacht, agus coinnigh mé anocht ar ghrádh
Dé.”



Choinnigh sé é. Goidé bhí Cathal bocht acht
tinn, agus char leig se air gá hacú bhí nó
nach rabh, agus, nuair a luigh se, d'éirigh se
go dona. Sgairt se ar fhear a' toighe agus
d'iarr se air a dhul fá'n tsagart dó.



“Cha dtéidhim!” arsa fear a' toighe;
“cha dtiocfad se liom.”



“Féadfaidh go dtiocfadh,” arsa Cathal.



Fuaidh a' sgológ fá'n tsagart. Má tá,
cha dtiocfadh an sagart leis. Thainic an
sgológ ar ais agus d'ársuigh se do Chathal
goidé dubhairt a' sagart.



“Téid 'na choinne aríst,” arsa Cathal.



Fuaidh a' sgológ an darna bomhta. Má
tá, cha dtiocfadh an sagart leis, agus nuair
a thainic se ar ais chuige Cathal:



“Téidh ar ais aríst an treas bomhta,”
arsa Cathal, “agus féadfaidhe go gcuir-
feadh Dia i n-a chroidhe a theacht leat.
Abair leis go bhfuil mé dócrach dona agus
nach mbím-sa beó ar maidin; agus, sol
mur fhágfa tú an toigh, fógh dhá slat
saileoige agus cuir bárr a' dá chionn ins a'
teinidh.”



Fuaidh a' sgológ an treas bomhta fá'n
tsagart agus thainic a' sagart leis. Má
tá, eadra an sgológ a dhul fá'n tsagart
agus é theacht ar ais, bhain Cathal bárr cinn
de na slait as a' teinidh, agus thoisigh se a
sgríobhadh ar a' mballa os a chionn, agus,
nuair a chaithfead se méad agus bhéidheadh
dóighte nó dubh ar bhárr a'n tslat
amháin, chuirfead se an tslat sin
ins a' teinidh agus bheireadh se amach a'
tslat eile. Fuaidh se ar aghaidh mar sin
leis a' dá slat go dtí nach rabh a'n droch-
bhréathra a rinn se riamh nach rabh sgríobhthaí
ar a' mballa os a chionn. Bhí se annsin le
haghaidh a' saoghal uilig é léigheadh, agus,
nuair a' thainic a' sagart agus a' sgológ
ar ais, bhí se marbh. Bhí se nighte agus
leagthaí amach agus a lán solus thart air.



Deiread se, nuair a bhí se sgríobhtha:
“Och! a Dhé mhoirnigh! nach dána mé amharc
suas ort?”



MÁIRE NÍ MHATHGHAMHNA
(bhean an Dálaigh), d'innis
i Leacht an Albanaigh, i
ngar do Charraig Mhachaire
Rois.



“D'imthigh se leis mar bheadh fear aerach,
an duine bocht. Thug sgológ cead dó dhul
isteach sa sgioból. Chuir se duine i
gcoinne an tsagairt. Cha dtainic an
sagart leis a' chead teachtaire. A' duine
bocht, sgríobh se a fhaosaide ar a' mballa.
Thainic a' sagart annsin leis a' dara
teachtaire. Nuair a thainic se 'un a'
doruis, bhí solus mór istoigh. Nuair a
thainic se isteach, fuaidh a' solus amach.
Nuair a thainic solus a' lae annsin, fuaidh
se isteach agus léigh se an faosaide ar a'
mballa.”



BEAN PHAIDÍ PHEADAIR UÍ
MHEARÁIN d'innis i Mach-
aire Cluana.



Deir sise fós gur chuir Cathal Buidhe na
focail seo i ndeireadh gach líne dá dhán
deireannach:



“'S a Mhaidhdean Mhuire, goidé mar
sgarfa mé leat?”



IAR-CHOMHARTHUGHADH.



Tugtar súil-féachaint ar “Dhán Deireannach Chathail
Bhuidhe” do chuir Seaghán Ó hAnnabháin as Crois Mhig
Fhloinn i gcló i n-uimhir an Mheithimh d'IRISLEABHAR
NA GAEDHILGE. Thárla go rabhas-sa ag Feis na
Cairrge (.i. Carraig Mhachaire Rois) i mí na Lughnasa.
Bhí toradh beag ar mo chuairt go dtí an dúthaigh sin,
.i., trácht ar bhás Chathail Bhuidhe ó bheirt bhan de
mhuintir Mhachaire Cluana. 'sé an Béarla atá aca
annsúd ar “Chathal Buidhe” acht “Charley Dunne”!


L. 40


B'fhéidir gurab ionann “Mac Giolla Ghunna
(Ghunnaibh?)” agus “Dunne”, acht b'fhéidir eile gur
“dun” .i. Béarla ar “Buidhe”, atá ann. “Faosaide
Chathail Bhuidhe” a bheirid ar an dán.



File éigin eile bhí ag cur síos ar Chathal Buidhe,
dubhairt sé go mbíodh sé “ag imtheacht le gach olc.”
Deirtear gur i bhfreagra ar Chathal féin adubhairt
sé sin, agus na focail seo mar an gcéadna:



“Bíonn sé amuigh ar shiubhal oidhche is tá'n donas ar
a sheort.”



Badh mhaith an rud gur maitheadh dó i ndeireadh
thiar. Soluis na bhflaitheas thart thimcheall air i
n-éis a bháis a thaisbeán sin.



Tagra.



Droch-bhriathra is evidently for droch-ghníomhartha
which is pronounced dro-ghriartha (U.). The gh has
changed into the easier bh. A further change to droch-
bhréathra also appears.



Chuinnighim-sa, choinnigh: An alternation between u
and o is noticeable here.



Má tá = but, however is very usual in the Farney
dialect.



Dócrach = dócamhlach. Dócrach dona, “terrible
bad.”



Nach mbím-sa for nach mbéad-sa = ná bead-sa (M.).



Fógh = fágh, faigh, get.



Dhá slat = dhá shlait. The best usage of the dialect
prefers the latter. It is curious to find a masc.pl. na
slait = na slata lower down, although an tslat,
sing.fem. occurs also.



“Óch! A Dhé mhoirnigh, &rl.”: Mr. Hannon gives the
line as -



“A Rígh na ngrásta, nach náireach damh amharc ort
suas?”



Faosaide = faoisidin, confession.



File éigin eile, &c.: The following were given me
as the opening words of the quatrain, but I can make
no sense of them: “Bhí se shuidhiughadh (?) Cathal Buidhe,
'gá ruimheadh (?) is 'gá rádadh (?).” They were ex-
plained as “that he didn't know what he was doing”
or “what to do,” an interpretation that does not help
us in the least.



It should be added that Cathal Buidhe Mac Giolla
Ghunna was a native of Co. Cavan. That is the
Donegal tradition. The mention of “Loch Mhic an
Éin = Lough Macnean, in Donegal versions of an
Bunnán Buidhe, shows that he must have belonged to
the barony of Tullyhaw, i.e., the western part of the
county.



Seosamh Laoide.



Na ríghthe cé díomsach gach curadh mear táisc.
Na saoithe le críonnacht ó thuile go tráigh.
'S gach buidhean le haoibhneas 's gach fuireann cé táir
Lem shaighdaibh'se claoidhfar gan fhuireach chun báis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services