Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Scéal eile ó Thómas Ó Concheanainn, ag trácht ar Stair na hÉireann. “Mac-Ghníomhartha Bhriain” ainm an leabhair. Is dócha gur airigh cuid mhaith d'ár léightheóiribh an aithriseóireacht bhreagh úd “Brian of Banba” ag Cathal Mac Garbhaigh so againne dá tabhairt uaidh. 'Sé an scéal céadna atá ag Tomás dá innsint anois, 'na shlighe féin agus ní bréag a rádh ná gur deas an tslighe í. Ba mhaith an leabhar é seo i gcóir buidheanta de Chonnradh na Gaedhilge atá ag tosnughadh ar Ghaedhilig do léigheamh; níl éan-chruadhas cainte ann agus dá leighfidís é, chuirfidís breis suime i seanchas na tíre. Ta súil againn nach fada go dtabharfaidh Tomás ceann eile dá shórt dúinn. Do cuireadh cóip dhen “Philosophy of Irish Ireland” chughainn. Sraith d'aistíbh Béarla é so dos críobh Dáithí Ó Móráin san New Ireland Review timcheall chúig bhliadhana ó shoin. Tá talamh maith déanta againn ó shoin, acht mar sin féin de tá cuid mhaith de'n tír so fós fa chuing an Ghalldachais agus an Gaedheal a théidheann anu níor mhisde dhó “réasún” nó dhó a thabhairt leis as an leabhar so, & iad a chaitheamh leis na Seóinínibh a bhuailfidh uime, nó má tá duine dá cháirdibh 'na Sheoinín go dtí so (nár léigidh Dia sin) cóip de'n leabhar a thabhairt do chun é chur ag machtnamh. Is mór an obair atá dá dhéanamh ag an County Louth Archaeological Society. Tá an darna uimhir dá nIRISLEABHAR i gcló anois & tá sé lán d'eólus ar shean-dhúntaibh & ar shean-áitreachaibh na laoch gcródha a chaith a dtéarma ar an saoghal so roimh theacht ár Slánuightheóra. Is doiligh linn a chlos go bhfuil raic agus díoghbhail dá dhéanamh ar chuid des na sean- áitreachaibh so & is baoghalach gur mar sin atá an scéal ar fuid na hÉireann. An fhaid a bhí Éire Gaedhealach ní leigtí d'éinne lámh a leagaint ar na seana-liosannaibh, acht anois faraoir táthar dá gcartadh go tiugh as a n-ionad — chun trínsí a líonadh! Tá súil againn go n-éireóghaidh leis an gCounty Louth Archaeological Society cosc a chur leis an droch-obair seo i gCondae Lughmhaidhe. Gach éinne do léigh na scéalta greannmhara so, ANNÁLA NA TUATHA (cuid a h-aon) ins an IRIS- LEABHAR timcheall dhá bhliadhain ó shoin, cuirfidh sé fáilte & fiche rómpa nuair chífidh i bhfuirm leabhair iad. Ní dóigh linn go bhfuil éinne beó is fearr a chuireann síos an spórt agus ar chaitheamh aisire na tuaithe 'ná “An Gruagach,” agus is iad leabhra don tsaghas so is fearr a theasbánfaidh do Ghaedhealaibh na cathrach cionnus a chaitheann muinntir na tuaithe a saoghal. Cuireann siad i gcuimhne dhúinn fhéin oidhcheanta fada geimhridh sa bhaile nuair a bhailigheadh na comhursain isteach ag scoruidheacht tar éis obair an lae a chur ar leath-taobh. Is minic d'airigheamar an ghearr-chaint chéadna ar siubhal, agus samhliughtear dúinn go bhfuil sean-aithne again ar Shéamus Cháit & ar a scéaltaibh, agus ar a phiseóga, & gan amhras ar Dhiarmaid Óg agus a chuid Bhéarla bhriste. Tá cortha deasa cainte ins na scéaltaibh so a thaithneochaidh le lucht foghlumtha na Gaedhilge, & má's ceart i n-aon chor do mhuinntir Connartha na Gaedhilge cártaí d'imirt, ní ar an nGruagach atá an locht muna imrighid i nGaedhilg as so amach iad. Tá pictúirí deasa ins a leabhar so do dhéin Seóirse Ó Fágáin, agus níor mhisde déanamh na bpictúirí do leabhraibh Chonnartha na Gaedhilge d'fhághaint fá n-a lámhaibh ar fad. Tá “an sean- chiúta” ceart aige, fé mar adeireadh an Gruagach féin. Do b'fhearrde na pictúirí amhthach gan iad a dhéanamh comh beag. Bhíodar i bhfad níos soilléire ins an IRISLEABHAR. Tuistiún atá ar an leabhar so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services