Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Scéal eile ó Thómas Ó Concheanainn, ag trácht ar
Stair na hÉireann. “Mac-Ghníomhartha Bhriain” ainm
an leabhair. Is dócha gur airigh cuid mhaith d'ár
léightheóiribh an aithriseóireacht bhreagh úd “Brian of
Banba” ag Cathal Mac Garbhaigh so againne dá
tabhairt uaidh. 'Sé an scéal céadna atá ag Tomás
dá innsint anois, 'na shlighe féin agus ní bréag a rádh ná
gur deas an tslighe í. Ba mhaith an leabhar é seo i
gcóir buidheanta de Chonnradh na Gaedhilge atá ag
tosnughadh ar Ghaedhilig do léigheamh; níl éan-chruadhas
cainte ann agus dá leighfidís é, chuirfidís breis
suime i seanchas na tíre. Ta súil againn nach fada
go dtabharfaidh Tomás ceann eile dá shórt dúinn.



Do cuireadh cóip dhen “Philosophy of Irish Ireland”
chughainn. Sraith d'aistíbh Béarla é so dos críobh Dáithí
Ó Móráin san New Ireland Review timcheall chúig
bhliadhana ó shoin. Tá talamh maith déanta againn ó
shoin, acht mar sin féin de tá cuid mhaith de'n tír so
fós fa chuing an Ghalldachais agus an Gaedheal a
théidheann anu níor mhisde dhó “réasún” nó dhó a
thabhairt leis as an leabhar so, & iad a chaitheamh leis
na Seóinínibh a bhuailfidh uime, nó má tá duine dá
cháirdibh 'na Sheoinín go dtí so (nár léigidh Dia sin)
cóip de'n leabhar a thabhairt do chun é chur ag
machtnamh.



Is mór an obair atá dá dhéanamh ag an County
Louth Archaeological Society. Tá an darna uimhir dá
nIRISLEABHAR i gcló anois & tá sé lán d'eólus ar
shean-dhúntaibh & ar shean-áitreachaibh na laoch gcródha
a chaith a dtéarma ar an saoghal so roimh theacht ár
Slánuightheóra. Is doiligh linn a chlos go bhfuil raic
agus díoghbhail dá dhéanamh ar chuid des na sean-
áitreachaibh so & is baoghalach gur mar sin atá an
scéal ar fuid na hÉireann. An fhaid a bhí Éire
Gaedhealach ní leigtí d'éinne lámh a leagaint ar na
seana-liosannaibh, acht anois faraoir táthar dá
gcartadh go tiugh as a n-ionad — chun trínsí a líonadh!
Tá súil againn go n-éireóghaidh leis an gCounty Louth
Archaeological Society cosc a chur leis an droch-obair
seo i gCondae Lughmhaidhe.



Gach éinne do léigh na scéalta greannmhara so,
ANNÁLA NA TUATHA (cuid a h-aon) ins an IRIS-
LEABHAR timcheall dhá bhliadhain ó shoin, cuirfidh sé
fáilte & fiche rómpa nuair chífidh i bhfuirm leabhair
iad. Ní dóigh linn go bhfuil éinne beó is fearr a
chuireann síos an spórt agus ar chaitheamh aisire na
tuaithe 'ná “An Gruagach,” agus is iad leabhra don
tsaghas so is fearr a theasbánfaidh do Ghaedhealaibh
na cathrach cionnus a chaitheann muinntir na tuaithe a
saoghal. Cuireann siad i gcuimhne dhúinn fhéin
oidhcheanta fada geimhridh sa bhaile nuair a bhailigheadh
na comhursain isteach ag scoruidheacht tar éis obair
an lae a chur ar leath-taobh. Is minic d'airigheamar
an ghearr-chaint chéadna ar siubhal, agus samhliughtear
dúinn go bhfuil sean-aithne again ar Shéamus Cháit
& ar a scéaltaibh, agus ar a phiseóga, & gan amhras
ar Dhiarmaid Óg agus a chuid Bhéarla bhriste. Tá
cortha deasa cainte ins na scéaltaibh so a
thaithneochaidh le lucht foghlumtha na Gaedhilge, & má's
ceart i n-aon chor do mhuinntir Connartha na
Gaedhilge cártaí d'imirt, ní ar an nGruagach atá
an locht muna imrighid i nGaedhilg as so amach iad.



Tá pictúirí deasa ins a leabhar so do dhéin
Seóirse Ó Fágáin, agus níor mhisde déanamh na
bpictúirí do leabhraibh Chonnartha na Gaedhilge
d'fhághaint fá n-a lámhaibh ar fad. Tá “an sean-
chiúta” ceart aige, fé mar adeireadh an Gruagach
féin. Do b'fhearrde na pictúirí amhthach gan iad a
dhéanamh comh beag. Bhíodar i bhfad níos soilléire
ins an IRISLEABHAR. Tuistiún atá ar an leabhar
so.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services