Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dún Másc.
Title
Dún Másc.
Author(s)
Mac Mathghamhna, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÚN MÁSC. Is iomdha sean-chaisleán & sean-dún i Laoighis gur fiú go mór trácht & cur síos air, ní hé amháin mar gheall ar a ársacht, a áilleacht, nó an áit 'na bhfuil sé suidhte, acht mar gheall, freisin, ar a léighmíd 'na thaoibh i stair ár dtíre. Thiar, thoir, thuaidh nó theas, i ngac paróiste, beagnach ar fud an chonndae chífidh tu sean-túr no mainistir go bhfuil a chlú i mbéal na ndaoine. B'fhiú dhom, gan amhras, cur síos ar Achadh Bhó, Magh Riada, Tigh Mochua agus a lán eile nachiad, acht ar son gur b'é Dún Másc príomh-fhothrach Laoighise, Osruidhe, &, b'fhéidir, Laighean, sílim gur cóir slighe do thabhairt dó-san thar gach eile agus iarracht a dhéanamh ar a stair-se do scríobhadh. Ins an am fad ó, bhí cogadh ar siubhal idir rí Laighean agus rí Mumhan. Bhí an Muimhneach ag iarraidh a chomhursa do chur fé chois agus Osruidhe a bhaint dá ríoghacht. I n-arm an ríogh Laighnigh bhí flaith go raibh muinighin mhór ag an rígh as, mar
do b'é an curadh ba mhó calmacht agus cródhacht 'sa' Chúige ar fad an uair sin. Laoighseach do b'ainm do'n fhear so. Rinne an rí ceannphort dé agus thug sé dó a arm le bheith faoi n-a ordughadh. Ghluais Laoigh- seach ar lorg na Muimhneach agus d'éirigh cath eatorra 'san áit úd go nglaodhtar air anois Cnocán na Mactíre. Briseadh ar arm ríogh Mhumhan agus ruaigeadh agus scaipeadh iad. D'fhill Laoighseach a bhaile agus mar gheall ar a raibh déanta aige ar son a ríogh, bhronn seisean críoch mhór air le bheith aige agus le n-a dtiochfadh'na dhiaidh go bruinn na bhrátha. As soin tugadh Laoighis ar an gcrích sin tá timcheall ar Dún Másc .i., Barúntacht, Phort-Laoighise, Shráidbhaile, Bhaile Mhic Ádaim, Chuileannaigh agus thíos go dtí Conndae Chille Chainnig agus Ceithearlach; agus as soin 'seadh do shíolruigh Síol Mórdha. Níl fios cruinn ag na seanchaidhthibh cia hé thóg Dún Másc ar dtúis. B'é Másc Mac Urgnuidhe, mac Shéadna Síothbhaic, Rí Laighean. B'fhéidir gur b'é sin a thóg cuid de ar dtúis agus b'fhéidir gur Laoighseach. Is cuma soin ar aon tslighe. Acht buille beag amach ó'n dún tá ráth agus, do réir cosamhlachta is i n-aimsir na bPágánac a chuireadh é ar bun. I n-Annálaibh na gCeithre Maighistir, léighmid gur scrios na Lochlannaigh Dún Másc san mbliadhain 843 agus gur thóg- adar leo Aodh Mac Duibhdháchríoch, árd-ab Thíre Dhá Ghlas agus Chluana Eidhnigh. Ní léightear mórán 'na thaoibh dá éis sin go dtí gur tháinig na Sacsanaigh. Thuit Dún Másc i seilbh Dhiarmuda na nGall agus fuair Strangbó é, nuair phós sé Éabha. Ní raibh acht aon inghean aca agus phós sí Liam, Iarla Marasgal. Tháinig Dún Másc 'na sheilbh-sean annsoin. Tamall 'na dhiaidh sin (1250) gabhadh an caisleán le Liam De Braos, tighearna eile a bhí air. 'San mbliadhain 1325, tháinig Ua Mórdha is a chlann dh'á ionnsaighe arís agus ghnóthuigh siad. Acht níor chongbhuigh siad greim air go ceann i bhfad, mar cuireadh amach iad-san 'san mbliadhain 1329. Fuaireadar seilbh ath-uair agus theip ortha ath-uair a choiméad. I 1346 fearadh cath eile idir Iarla Chille Dara agus Síol Mórdha ag Baile Átha hÍ agus b'éigean do'n Mórdhach síothcháin do dhéanamh le n-a naimhdibh. Is iomdha máighistir a bhí air ó shoin agus is iomdha cath fuilteach a tugadh 'san ngleann mór atá fé scáth an dúin. Bhíodh sé i seilbh na nGall uair agus i seilbh Uí Mórdha uair eile agus mar sin de ar feadh dá chéad bliadhain 'na dhiaidh sin. Fé dheireadh cuir Síol Mórdha fútha ann i n-aimhdheóin na Sacsanach timcheall 1530. Rinneadar port agus daingean ann, agus ní hé amháin gur chosain siad ar a namhaid é, acht do dhíbir amach ar Laoighis ar fad iad. 'San am úd 'seadh do mhair Uaithne mac Ruaidhrí Óig, an fear is mó a chuir imnidhe ar mhuinntir Shasana le n-a linn. B'in é an fear a bhain treascairt ar Essex i mBearna na gCleití agus a chuidigh le hUa Néill agus Ua Broin i n-aimsir a ngábhtair. Láidrigh seisean Dún Másc, agus a chaisleáin agus a dhúin ar fud Laoighise ar fad agus níor fhág sé Sacsanach 'na thimcheall nár umhluigh agus nár ghéill dó. 'San mbliadhain 1596, theangmhuigh Uaithne agus a dhearg-namha Cosbi le chéile ar droichead Shráidbhaile Laoighise agus thuit Cosbi agus a mhac. Deich mbliadhain 'na dhiaidh sin d'éirigh bruighean eile agus thuit Ua Mórdha i nAchadh na hAille. Rinneadh síothcháin annsoin ag Muilionn
Ua Leathlobhair, Lá Fhéile Phádraig, 1607, agus d'fhan gan briseadh go ceann i bhfad. Ní chluinimid a thuilleadh 'na thaoibh go dtí gur éirigh na Gaedhil i 1641 faoi Ua Néill Mac Mathghamhna, Mag Uidhir agus Ruaidhrí Ua Mórdha. Ghabh Priostón, ceann-urraidhe na nGaedeal, longphort ann, acht b'éigean dó imtheacht as. Fuair an t-arm Sacsanach seilbh air arís & d'fhan sé aca anuas go dtí an bhliadain 1646. B'é Eoghan Ruadh Ua Néill an chéad fhear eile a fuair seilbh air arís agus is leis- sean do b'eadh é nuair tháinig an t-árd- scriosadóir Cromuil i dtír i mBaile Átha Cliath. Bhris an lasair mhillteach cogaidh amach as an nuadh anois ar fud na tíre. Tugadh árd-cheannas na hÉireann do Chromuil — rud do chuir sceón agus uathbhás i ngach croidhe. Toghadh Eoghan Ruadh mar threóruidhe ar arm na hÉireann. Bhí Cromuil i nDroichead Átha & ghluais Eoghan 'na choinne; acht ní raibh sé i ndán dó teacht suas leis. Bhuail taom breoidhte nó galar é agus fuair sé bás i gCloich Uachtair, Mí na Samhna, 1649 — an t-am a raibh géar-ghábhadh ag na Gaedhil leis. Bhí an tslighe réidh ag Cromuil anois & ní miste a thuilleadh a rádh'na thaoibh. Um an dtaca so ghluais Hewson as Baile Átha Cliath chum cabhair do thabhairt do Chromuil ag Cill Chainnigh. Thug Hewson faoi Dhún Másc agus gidh gur dána a throid- eadar a raibh innte 'na aghaidh, níor bh' aon mhaitheas dóibh é. Chonnactas dóibh go raibh na Gaill ró-láidir agus b'éigin dóibh iad féin a thabhairt suas. Chuir Hewson claisín phúdair faoi na ballaibh mór-dtimcheall an chaisleáin & rinne sé brúscar díobh. Nuair a bhí a obair déanta aige, bhailigh sé leis féin as an áit. Níor fhág 'na sheasamh acht fothrach mór go bhfuil furmhór de le feic- sint ann indiu. B'é sin deireadh staire Dhúin Másc. Thuit an dún i bhfaillighe ó shoin amach & gidh gur thóg Sir John Parnell cuid mhór de arís, a' dhéanamh aithrise ar an sean-nós, níl ann anois acht balla mór annso agus annsúd, doras mór nó dhó, trínsí & claidheacha foluighthe faoi dhriseógaibh & neantógaibh. Is beag áit i nÉirinn fé láthair is iar- gcúlta ná Dún Másc. Chomh huaigneach leis an uaigh féin, seasann sé 'na aonar imeasc na gcnocán gcairrgeach a éirigheann ar gach taoibh dhe. Leagadh ar lár fad ó na coillte bláthmhara a chlúduigh ar an dtaoibh ó thuaidh é. Fásann an féar & feochadán anois mar a raibh brúgh ríoghamhail 'sa tsean-aimsir & is brónach a shéideann an guairdeán fuar treasna na bpáirc- eanna loma 'na thimcheall, ag caoineadh, mar shílfeadh duine, na laochraidhe dtréan- mhar neamh-scáthach a thuit ann fad ó. Tá Ruaidhrí & a fhuireann imthighthe anois le tuilleadh & dhá chéad bliadhain. Níl tásc ná tuairisc le fághail ortha anois acht amháin i measc na leabhar. Acht mar sin féin tá a spioraid linn fós. Tá sé annso 'nár measc fós chomh bríogmhar is bhí sé riamh le n-ár ngríosughadh chum oibre & troda ar son ár máthar Éire. Tá; agus beidh go deo! chomh fhad is tá an dún mór soin ag amharc amach ar phlánaibh Laoisighe agus Osruighe — an dún fíor - uasal fíor-áluinn so go bhfuil a cháil leathta ó cheann ceann na tíre — Dún Másc oirdhearc Uí Mhórdha. RUAIDHRÍ ÓG Tomás Mac Mathghamhna.
TAGRA. Dún Másc, Dunamase, about four miles east of Maryborough. "The celebrated rock of Duna- mase, in Queen's County, is now covered by ruins of the O'More's castle, but it must have been previously occupied by a dun or caher" (recte cathair), Joyce I., 279. Achadh Bhó, Aghavoe or Aghaboe, in Upper Ossory. Magh Riada, the older name of Fraoch Mór Laoighise, the Great Heath of Maryborough. Tigh Mochua, Timahoe, in the barony of Cullen- agh, Leix. Cnocán na Mactíre, Wolfhill, in the south of Leix. Baile Mhic Ádaimh, the barony of Ballyadams, in Leix. Cuileannach, the barony of Cullenagh, in Leix. Tír dhá Ghlas, Teryglass, on the brink of Lough Derg, in Co. Tipperay. Cluain Eidhneach, Clonenagh, a parish in the west of Leix. Baile Átha hÍ, Athy, in Co. Kildare. Bearna na gCleití, the Pass of Plumes, in Leix. Achadh na hAille, Aghnahily, in the Parish of Dysart- enos, Leix. Muilionn Ua Leathlobhar, Lawlor's Mills. Rug an aiste seo ar "Dún Másc" an chraobh léi ag Feis Osruidhe agus Laoighise do cruinnigheadh i bPort Laoighise ar an gcúigeadh lá de Mheitheamh an Fhoghmhair, 1905.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services