Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dún Másc.

Title
Dún Másc.
Author(s)
Mac Mathghamhna, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÚN MÁSC.



Is iomdha sean-chaisleán & sean-dún i
Laoighis gur fiú go mór trácht & cur síos
air, ní hé amháin mar gheall ar a ársacht, a
áilleacht, nó an áit 'na bhfuil sé suidhte,
acht mar gheall, freisin, ar a léighmíd 'na
thaoibh i stair ár dtíre. Thiar, thoir, thuaidh
nó theas, i ngac paróiste, beagnach ar fud
an chonndae chífidh tu sean-túr no mainistir
go bhfuil a chlú i mbéal na ndaoine.



B'fhiú dhom, gan amhras, cur síos ar
Achadh Bhó, Magh Riada, Tigh Mochua agus a
lán eile nachiad, acht ar son gur b'é Dún
Másc príomh-fhothrach Laoighise, Osruidhe, &,
b'fhéidir, Laighean, sílim gur cóir slighe do
thabhairt dó-san thar gach eile agus iarracht a
dhéanamh ar a stair-se do scríobhadh.



Ins an am fad ó, bhí cogadh ar siubhal
idir rí Laighean agus rí Mumhan. Bhí an
Muimhneach ag iarraidh a chomhursa do chur
fé chois agus Osruidhe a bhaint dá ríoghacht.



I n-arm an ríogh Laighnigh bhí flaith go
raibh muinighin mhór ag an rígh as, mar


L. 25


do b'é an curadh ba mhó calmacht agus
cródhacht 'sa' Chúige ar fad an uair sin.
Laoighseach do b'ainm do'n fhear so. Rinne
an rí ceannphort dé agus thug sé dó a arm
le bheith faoi n-a ordughadh. Ghluais Laoigh-
seach ar lorg na Muimhneach agus d'éirigh
cath eatorra 'san áit úd go nglaodhtar air
anois Cnocán na Mactíre. Briseadh ar
arm ríogh Mhumhan agus ruaigeadh agus
scaipeadh iad. D'fhill Laoighseach a bhaile
agus mar gheall ar a raibh déanta aige ar
son a ríogh, bhronn seisean críoch mhór air le
bheith aige agus le n-a dtiochfadh'na dhiaidh
go bruinn na bhrátha. As soin tugadh
Laoighis ar an gcrích sin tá timcheall ar
Dún Másc .i., Barúntacht, Phort-Laoighise,
Shráidbhaile, Bhaile Mhic Ádaim, Chuileannaigh
agus thíos go dtí Conndae Chille Chainnig
agus Ceithearlach; agus as soin 'seadh do
shíolruigh Síol Mórdha.



Níl fios cruinn ag na seanchaidhthibh cia
hé thóg Dún Másc ar dtúis. B'é Másc
Mac Urgnuidhe, mac Shéadna Síothbhaic, Rí
Laighean. B'fhéidir gur b'é sin a thóg cuid
de ar dtúis agus b'fhéidir gur Laoighseach.
Is cuma soin ar aon tslighe. Acht buille
beag amach ó'n dún tá ráth agus, do réir
cosamhlachta is i n-aimsir na bPágánac a
chuireadh é ar bun.



I n-Annálaibh na gCeithre Maighistir,
léighmid gur scrios na Lochlannaigh Dún
Másc san mbliadhain 843 agus gur thóg-
adar leo Aodh Mac Duibhdháchríoch, árd-ab
Thíre Dhá Ghlas agus Chluana Eidhnigh. Ní
léightear mórán 'na thaoibh dá éis sin go
dtí gur tháinig na Sacsanaigh. Thuit Dún
Másc i seilbh Dhiarmuda na nGall agus
fuair Strangbó é, nuair phós sé Éabha. Ní
raibh acht aon inghean aca agus phós sí Liam,
Iarla Marasgal. Tháinig Dún Másc 'na
sheilbh-sean annsoin.



Tamall 'na dhiaidh sin (1250) gabhadh an
caisleán le Liam De Braos, tighearna eile
a bhí air. 'San mbliadhain 1325, tháinig Ua
Mórdha is a chlann dh'á ionnsaighe arís
agus ghnóthuigh siad. Acht níor chongbhuigh
siad greim air go ceann i bhfad, mar
cuireadh amach iad-san 'san mbliadhain
1329. Fuaireadar seilbh ath-uair agus
theip ortha ath-uair a choiméad. I 1346
fearadh cath eile idir Iarla Chille Dara
agus Síol Mórdha ag Baile Átha hÍ agus
b'éigean do'n Mórdhach síothcháin do
dhéanamh le n-a naimhdibh.



Is iomdha máighistir a bhí air ó shoin agus
is iomdha cath fuilteach a tugadh 'san
ngleann mór atá fé scáth an dúin. Bhíodh
sé i seilbh na nGall uair agus i seilbh
Uí Mórdha uair eile agus mar sin de ar
feadh dá chéad bliadhain 'na dhiaidh sin.



Fé dheireadh cuir Síol Mórdha fútha ann
i n-aimhdheóin na Sacsanach timcheall 1530.
Rinneadar port agus daingean ann, agus
ní hé amháin gur chosain siad ar a namhaid
é, acht do dhíbir amach ar Laoighis ar fad
iad. 'San am úd 'seadh do mhair Uaithne
mac Ruaidhrí Óig, an fear is mó a chuir
imnidhe ar mhuinntir Shasana le n-a linn.
B'in é an fear a bhain treascairt ar Essex
i mBearna na gCleití agus a chuidigh le
hUa Néill agus Ua Broin i n-aimsir a
ngábhtair. Láidrigh seisean Dún Másc,
agus a chaisleáin agus a dhúin ar fud
Laoighise ar fad agus níor fhág sé Sacsanach
'na thimcheall nár umhluigh agus nár ghéill dó.
'San mbliadhain 1596, theangmhuigh Uaithne
agus a dhearg-namha Cosbi le chéile ar
droichead Shráidbhaile Laoighise agus thuit
Cosbi agus a mhac. Deich mbliadhain 'na
dhiaidh sin d'éirigh bruighean eile agus
thuit Ua Mórdha i nAchadh na hAille.
Rinneadh síothcháin annsoin ag Muilionn


L. 26


Ua Leathlobhair, Lá Fhéile Phádraig, 1607,
agus d'fhan gan briseadh go ceann i bhfad.



Ní chluinimid a thuilleadh 'na thaoibh go
dtí gur éirigh na Gaedhil i 1641 faoi
Ua Néill Mac Mathghamhna, Mag Uidhir
agus Ruaidhrí Ua Mórdha. Ghabh Priostón,
ceann-urraidhe na nGaedeal, longphort
ann, acht b'éigean dó imtheacht as. Fuair
an t-arm Sacsanach seilbh air arís & d'fhan
sé aca anuas go dtí an bhliadain 1646.



B'é Eoghan Ruadh Ua Néill an chéad fhear
eile a fuair seilbh air arís agus is leis-
sean do b'eadh é nuair tháinig an t-árd-
scriosadóir Cromuil i dtír i mBaile Átha
Cliath. Bhris an lasair mhillteach cogaidh
amach as an nuadh anois ar fud na tíre.
Tugadh árd-cheannas na hÉireann do
Chromuil — rud do chuir sceón agus
uathbhás i ngach croidhe. Toghadh Eoghan
Ruadh mar threóruidhe ar arm na hÉireann.
Bhí Cromuil i nDroichead Átha & ghluais
Eoghan 'na choinne; acht ní raibh sé i ndán
dó teacht suas leis. Bhuail taom breoidhte
nó galar é agus fuair sé bás i gCloich
Uachtair, Mí na Samhna, 1649 — an t-am a
raibh géar-ghábhadh ag na Gaedhil leis.



Bhí an tslighe réidh ag Cromuil anois & ní
miste a thuilleadh a rádh'na thaoibh.



Um an dtaca so ghluais Hewson as
Baile Átha Cliath chum cabhair do thabhairt
do Chromuil ag Cill Chainnigh. Thug Hewson
faoi Dhún Másc agus gidh gur dána a throid-
eadar a raibh innte 'na aghaidh, níor bh' aon
mhaitheas dóibh é. Chonnactas dóibh go raibh
na Gaill ró-láidir agus b'éigin dóibh iad féin
a thabhairt suas. Chuir Hewson claisín
phúdair faoi na ballaibh mór-dtimcheall an
chaisleáin & rinne sé brúscar díobh. Nuair
a bhí a obair déanta aige, bhailigh sé leis
féin as an áit. Níor fhág 'na sheasamh acht
fothrach mór go bhfuil furmhór de le feic-
sint ann indiu.



B'é sin deireadh staire Dhúin Másc.
Thuit an dún i bhfaillighe ó shoin amach & gidh
gur thóg Sir John Parnell cuid mhór de
arís, a' dhéanamh aithrise ar an sean-nós,
níl ann anois acht balla mór annso agus
annsúd, doras mór nó dhó, trínsí &
claidheacha foluighthe faoi dhriseógaibh &
neantógaibh.



Is beag áit i nÉirinn fé láthair is iar-
gcúlta ná Dún Másc. Chomh huaigneach
leis an uaigh féin, seasann sé 'na aonar
imeasc na gcnocán gcairrgeach a éirigheann
ar gach taoibh dhe. Leagadh ar lár fad ó
na coillte bláthmhara a chlúduigh ar an
dtaoibh ó thuaidh é. Fásann an féar &
feochadán anois mar a raibh brúgh ríoghamhail
'sa tsean-aimsir & is brónach a shéideann
an guairdeán fuar treasna na bpáirc-
eanna loma 'na thimcheall, ag caoineadh,
mar shílfeadh duine, na laochraidhe dtréan-
mhar neamh-scáthach a thuit ann fad ó.



Tá Ruaidhrí & a fhuireann imthighthe anois
le tuilleadh & dhá chéad bliadhain. Níl tásc
ná tuairisc le fághail ortha anois acht amháin
i measc na leabhar. Acht mar sin féin tá
a spioraid linn fós. Tá sé annso 'nár
measc fós chomh bríogmhar is bhí sé riamh le
n-ár ngríosughadh chum oibre & troda ar son
ár máthar Éire.



Tá; agus beidh go deo! chomh fhad is tá
an dún mór soin ag amharc amach ar
phlánaibh Laoisighe agus Osruighe — an dún fíor -
uasal fíor-áluinn so go bhfuil a cháil
leathta ó cheann ceann na tíre — Dún Másc
oirdhearc Uí Mhórdha.



RUAIDHRÍ ÓG
Tomás Mac Mathghamhna.


L. 27


TAGRA.



Dún Másc, Dunamase, about four miles east of
Maryborough. "The celebrated rock of Duna-
mase, in Queen's County, is now covered by
ruins of the O'More's castle, but it must have
been previously occupied by a dun or caher"
(recte cathair), Joyce I., 279.



Achadh Bhó, Aghavoe or Aghaboe, in Upper Ossory.



Magh Riada, the older name of Fraoch Mór Laoighise,
the Great Heath of Maryborough.



Tigh Mochua, Timahoe, in the barony of Cullen-
agh, Leix.



Cnocán na Mactíre, Wolfhill, in the south of Leix.



Baile Mhic Ádaimh, the barony of Ballyadams, in Leix.



Cuileannach, the barony of Cullenagh, in Leix.



Tír dhá Ghlas, Teryglass, on the brink of Lough
Derg, in Co. Tipperay.



Cluain Eidhneach, Clonenagh, a parish in the west of
Leix.



Baile Átha hÍ, Athy, in Co. Kildare.



Bearna na gCleití, the Pass of Plumes, in Leix.



Achadh na hAille, Aghnahily, in the Parish of Dysart-
enos, Leix.



Muilionn Ua Leathlobhar, Lawlor's Mills.



Rug an aiste seo ar "Dún Másc" an chraobh léi
ag Feis Osruidhe agus Laoighise do cruinnigheadh i
bPort Laoighise ar an gcúigeadh lá de Mheitheamh an
Fhoghmhair, 1905.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services