Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tá cineál daoine i nÉirinn adeir go mbeimís tógtha go deo dá dtagadh na Sasanaigh ar cuairt chughainn gach Samhradh agus beagán dá gcuid saidhbhris do sgai- peadh 'nár measg. Budh chreideamhnaighe dhúinn go mór leigint dóibh teacht agus imtheacht nuair ba mhaith leo é, agus gan maidríní laithighe dhéanadh dhinn féin ag rith na ndiaidh. Ní bhfuigheann cuid acu sa tír seo, nuair thagaid siad, acht adhbhar suilt agus magaidh. Thug gnó éigin fear ó Lúnduinn go h-iarthar na h-Éireann le déidheanaighe agus níor bh'fhuláir leis tar éis dul abhaile dho gan cúntas ar a imtheachta do chur is na páipéaraibh. Shuidh sé aon mhaidean amháin, más fíor, ar aghaidh doruis botháin amach go bhfaca sé trí ainmhidhe dhéag agus dá fhichid ag teacht amach as tar éis na h-oidhche. Bhí fir agus mná, óg agus críonna, agus muca agus ba ar na h-ainmhidhthibh seo. Bhí cearca agus cearcóga ann, géanna agus géóga, bhí capall ann agus asal fá úim agus srathair. Is mór an iongnadh cionnus fuaradar ar fad slighe i n-aon bhothán amháin, muna raibh na muca sa leabhaidh agus an capall istigh sa chófra. Is truagh ná deachaidh sé isteach go 'nneosadh sé dhúinn cár chodail na h-ainmhidhthe daonna. Dhein fear i mBeul Feirsde seift ar dheireadh chur le na saoghal seachtmhain an luain seo. Dhún sé an dorus agus an fhuinneog ar sheomra a leaptha, agus dhaingnigh sé gach aon áth ar an ngaoith. Nuair bhí sin deunta aige chuir sé i n-eug an solus, agus sgaoil sé an gal-soluis a bhí sa tseomra na rith gan é bheith ar lasadh. Phreab sé isteach na leabaidh annsin chun bás d'fhághail. Bhí sé fuar marbh ar maidin. D'oídigh beirt eile iad féin sa chathair cheudna an oidhche roimhe sin. Tá freagra an Riaghaltais faghálta againn sa deireadh mar gheall ar an cheist seo na hÁrd-sgoile Chatoilicigh atá ós comhair an phobuil le fada. Tá lucht gach aon chreidimh eile, adubhairt Balfour i dTigh na Feisean tseachmhain seo ghabh tharainn, táid siad chomh dur chomh dall sain ná féadfadh sé féin bogadh ná sáthadh bhaint asta, agus dá bhárr sain go dtug an Riaghaltas druim láimhe leis an gceist. Dubhairt Seaghán Díolún ag tagairt do so gurab é rud atá uainn Árd-sgoil náisiúntach a mhúinfeadh ár dteanga agus ár stáir agus ár gcreideamh dúinn, agus go bhfuil muinntir na h-Éireann lán-cheapaighthe ar í bhaint amach. Tá na h-easpuig sa mhéin cheudna, agus iarraidh siad ar a dtréadaibh gan guth na oifig a thabhairt d'aoinne i nÉirinn feasda ná cuirfidh réidhtiughadh na ceiste seo roimhe mar phríomh- rún. Tháinig bodach righin reamhar ó Shasana go Teamhair na Ríogh an lá eile agus chrom sé ar na sean-fhallaidhe do thochailt an méid a bhí fágtha dhíobh ó chinneamhaint dhá mhíle bliadhan. Is ag Bórd na nOibreacha Puiblidhe atá coimeád na h-áite sin anois, agus chuireadar cosg leis an allmhurach sul a raibh mórán díoghbhála deunta aige. Mhairbh beirt dearbhrathar fear aosda de mhuinntir Bhroin i gCondae an Luaighe, comhgarach d'Ath Fhirdiaidh an deicheamhadh lá fichead de Mheitheamh. Bhíodar a dtriúr ar aonach an lá sain, agus d'éirigh focail éigin eatortha ann. Ag filleadh abhaile dhóibh san oidhche chuaidh na buachaillí isteach i dtigh Mhic Uí Bhroin, tar- raingeadar amach ar an mbóthar an seanduine agus ghabhadar air nó go raibh sé ag dul chum báis. Tá an bheirt acu i mbraighdeanas ó shoin. Bhí duine uasal ó'n bhFrainnc ar stuidéar i dtigh ósda i mBaile Ath' Cliath, an Hotel Metropole a thugann siad air, agus baineadh tuisle as le faillighe na ngiolla. Briseadh agus bargadh a chos ar chuma go mb'éigean í ghearradh dhe. Chuaidh sé chum dlighe le lucht an tighe agus bhain sé cheithre mhíle púnt díobh. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services