Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Tá cineál daoine i nÉirinn adeir go mbeimís tógtha
go deo dá dtagadh na Sasanaigh ar cuairt chughainn
gach Samhradh agus beagán dá gcuid saidhbhris do sgai-
peadh 'nár measg. Budh chreideamhnaighe dhúinn go mór
leigint dóibh teacht agus imtheacht nuair ba mhaith leo
é, agus gan maidríní laithighe dhéanadh dhinn féin ag
rith na ndiaidh. Ní bhfuigheann cuid acu sa tír seo,
nuair thagaid siad, acht adhbhar suilt agus magaidh.



Thug gnó éigin fear ó Lúnduinn go h-iarthar na
h-Éireann le déidheanaighe agus níor bh'fhuláir leis tar
éis dul abhaile dho gan cúntas ar a imtheachta do chur
is na páipéaraibh. Shuidh sé aon mhaidean amháin, más
fíor, ar aghaidh doruis botháin amach go bhfaca sé trí
ainmhidhe dhéag agus dá fhichid ag teacht amach as tar
éis na h-oidhche. Bhí fir agus mná, óg agus críonna, agus
muca agus ba ar na h-ainmhidhthibh seo. Bhí cearca agus
cearcóga ann, géanna agus géóga, bhí capall ann agus
asal fá úim agus srathair. Is mór an iongnadh cionnus
fuaradar ar fad slighe i n-aon bhothán amháin, muna raibh
na muca sa leabhaidh agus an capall istigh sa chófra.
Is truagh ná deachaidh sé isteach go 'nneosadh sé dhúinn
cár chodail na h-ainmhidhthe daonna.



Dhein fear i mBeul Feirsde seift ar dheireadh chur
le na saoghal seachtmhain an luain seo. Dhún sé an
dorus agus an fhuinneog ar sheomra a leaptha, agus
dhaingnigh sé gach aon áth ar an ngaoith. Nuair bhí sin
deunta aige chuir sé i n-eug an solus, agus sgaoil sé
an gal-soluis a bhí sa tseomra na rith gan é bheith ar
lasadh. Phreab sé isteach na leabaidh annsin chun bás
d'fhághail. Bhí sé fuar marbh ar maidin. D'oídigh beirt
eile iad féin sa chathair cheudna an oidhche roimhe sin.



Tá freagra an Riaghaltais faghálta againn sa deireadh
mar gheall ar an cheist seo na hÁrd-sgoile Chatoilicigh
atá ós comhair an phobuil le fada. Tá lucht gach aon
chreidimh eile, adubhairt Balfour i dTigh na Feisean
tseachmhain seo ghabh tharainn, táid siad chomh dur chomh
dall sain ná féadfadh sé féin bogadh ná sáthadh bhaint
asta, agus dá bhárr sain go dtug an Riaghaltas druim
láimhe leis an gceist. Dubhairt Seaghán Díolún ag
tagairt do so gurab é rud atá uainn Árd-sgoil
náisiúntach a mhúinfeadh ár dteanga agus ár stáir agus ár
gcreideamh dúinn, agus go bhfuil muinntir na h-Éireann
lán-cheapaighthe ar í bhaint amach. Tá na h-easpuig sa
mhéin cheudna, agus iarraidh siad ar a dtréadaibh gan
guth na oifig a thabhairt d'aoinne i nÉirinn feasda ná
cuirfidh réidhtiughadh na ceiste seo roimhe mar phríomh-
rún.



Tháinig bodach righin reamhar ó Shasana go Teamhair na
Ríogh an lá eile agus chrom sé ar na sean-fhallaidhe do
thochailt an méid a bhí fágtha dhíobh ó chinneamhaint dhá
mhíle bliadhan. Is ag Bórd na nOibreacha Puiblidhe
atá coimeád na h-áite sin anois, agus chuireadar cosg
leis an allmhurach sul a raibh mórán díoghbhála deunta
aige.



Mhairbh beirt dearbhrathar fear aosda de mhuinntir
Bhroin i gCondae an Luaighe, comhgarach d'Ath Fhirdiaidh
an deicheamhadh lá fichead de Mheitheamh. Bhíodar a
dtriúr ar aonach an lá sain, agus d'éirigh focail éigin
eatortha ann. Ag filleadh abhaile dhóibh san oidhche
chuaidh na buachaillí isteach i dtigh Mhic Uí Bhroin, tar-
raingeadar amach ar an mbóthar an seanduine agus
ghabhadar air nó go raibh sé ag dul chum báis. Tá an
bheirt acu i mbraighdeanas ó shoin.



Bhí duine uasal ó'n bhFrainnc ar stuidéar i dtigh
ósda i mBaile Ath' Cliath, an Hotel Metropole a thugann
siad air, agus baineadh tuisle as le faillighe na ngiolla.
Briseadh agus bargadh a chos ar chuma go mb'éigean í
ghearradh dhe. Chuaidh sé chum dlighe le lucht an tighe
agus bhain sé cheithre mhíle púnt díobh.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services