Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - VII.
Title
Seán Ó Gadhra, File - VII.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó GADHRA, FILE. —VII. IX. Seo amhrán caointe do scríbh Seán ar bhás Thoirdhealbhaigh Óig Mhic Dhonnchadha dlightheóir cliste agus cabhruightheóir tréan dáimhe is cléire le n-a linn féin. Tá an t-amhrán so ar fagháil ar leathanach 47 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmuda, is níor casadh liom i n-éan-áit eile é. “Amhrán” do réir mhéidreachta is eadh an aiste bheag so. Amhrán ceolmhar is eadh é leis — go deimhin tá ceól fé leith i ngach líne dhe. Gluaiseann go céim-mhaordha gan ró-ghlór is gan ró-scáth, féibh mar d'im- theóghadh uiscí doimhne n-a lán-tsruth réidh. Gach uair a léighim féin é, cuireann i gcuimhne dham “Mo bhrón! mo cheó-tuirse cléibh is croidhe!” an Chéitinnigh. Ní mí- chosmhail leis é. Seo mar do ghabhann méidreacht Sheáin: Ní imthigheann aon atharrughadh air, acht leanann sé dhon nós gcéadna tríd síos. Leantar don amus ann leis ar chuma do- chítar go ró-annamh i bhfilidheacht. Tabhar- faidh an léightheóir fé ndeara trí focail go bhfuil dá shiolla ionnta i bhfurmhór na línte. Tagann an chéad shiolla de gach fhocal díobh so leis na trí áitibh ar a luightar an guth i dtosach is i lár buill gach líne. Tá “Fódla”, “brónach,” is “osna” againn san gcéad líne, agus “mór-shruth,” “Bóinne”, agus “Toraidh” san trímhadh líne, agus mar sin dóibh. Tá focal éin-tsiolla i ndeireadh gach líne. Tá Fódla go Brónach. Tá Fódla brónac is osna n-a lár, Ó leonadh a cóghnach tá a fuireann gan áird Ó mhór-shruth na Bóinne go Toraidh na gceárd, 'S ó bhórd Inse hEoghain go Corcaigh na mBárc. Tá na slóighte cois Feóire gan codladh go sámh, Is ceó-bhrat ar do chomhfhogus ón gCor- ann go tráigh; Gach cóigeadh gan chomhairle, mar tor- cradh a mbláth, Toirdhealbhach Óg, mo bhrón-sa, Mac Donnchadha ar lár. Ba heólgach an mhór-fhlaith i siolla na bhfáidh, Ba comhairleach i gcóraigh, ba hOscar i spáirnn; Do bhí Hómer is Scótus n-a chogur de ghnáth, An pól theas 's an trópic bheir solus do chách. Do b'eol damh do nóis mhaith mar thosach ar lá: Cóip bheannuighth i gcló Laidne, ag moladh na dtráth; Beóir Sieic is feóil mháirt dá scoradh ar clár, Is ceólta na nódh-chrot dhá sporadh le dán. Cia gheóbhas an chóir feasta a chosnamh do chách? Biaidh deóraidh is geócaigh is bochta gan áird; Daoine óga gan pósadh, dá mbronnadh a lán — Ór-chiste an Óird, file, is cobhair na ndámh.
Dá madh deóra rosc bóchna, ní choisc- fadh ár gcrádh, Is córa dhúinn órnaighe, is obair gan smál; Tá Toirdhealbhach Óg fá ghlóir ag Tobar na nGrás; Deán treóir, a Eilionóra, 'gur cosain an áit. X. Thárlaidh, uair, gur ghoirtigh duine éigin cos Sheáin. Ní fios cionnus ar thuit so amach; acht ní fuláir nó leónadh go maith í, mar bhí, do réir a chainnte féin, “loitthe go cnámh isteach.” Seo thíos giota a chuir file eile, dar bh'ainm Brian Ó hEadhra, ag triall air, ag comh-bhuaidhreamh leis i dtaobh a luit, is níor dhearmhaid gan cúrsa beag grinn a tharraing chuige ar mhaithe le Seán. Dubhairt Brian, mara gcneasóghadh an lot gan mhoill, go raghadh sé féin ag giollaidh- eacht do Sheán, ag iomchur málaí dhó, is go siubhlóidís Éire n-a mbacaigh. D'fhreagair Seán é, agus dubhairt, ar shon go raibh an cás go dona aige, go raibh sé socruighthe ar dhul san tsiubhal le cois Bhriain, agus go gcuirfadh fothrom na n-úirlisí a bhéadh ar iomchur ag Brian a leithéid d'eagla ar mhnáibh tighe nár bhaoghal ná go bhfuighidís a gceart. Tá an dá ghiota so ar fagháil ar leath- anach 48 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiar- mada. Is maith an sompla iad ar an ngreann a bhíodh ar siubhal i measc na bhfilidhe céad go leith nó dhá chéad bliadhain ó shoin. B'in í an uair n-a raibh an greann go flúirseach san nGaedhilg. Nach é an chreach é a bhfuil caillte againn de! Dálta méidreachta an dá ghiota so, gabh- ann chuid Bhriain Uí Eadhra mar seo: … agus freagra Sheáin mar seo: … Ní dhearnaidh éinne aca atharrughadh ar a mhéidireacht. Ní fuláir, amh, blas Chúige Chonnacht a chur ortha an uair bhítea gá léigheamh nó gá rádh, nó caillfar a lán dá milseacht. GLUAIS. IX. Amhrán caointe, an elegy; Ruaidhrí Mac Diarmada's title over this poem in his book runs: “For Councilr. Mac Donogh a Lamentation.” It is certainly one of the finest pieces that Seán wrote. Perhaps some reader would give us information concerning Mac Donogh. Dlightheóir cliste, an expert lawyer. Dáimhe is cléire, of the poets and clergy. “Amhrán” de réir mhéidreachta, an amhrán according to metre. Go céim-mhaordha, stately, of majestic bearing. Gan ró-scáth, without excessive fear, reserve. Ní mí-chosmhail leis é, they are much alike. Ní imthigheann, there is no change in it. Amus in modern metres is a good deal broken up. In perfect amus the words bearing the stressed syllables should have the same number of syl- lables. Tabharfaidh an léightheóir fé ndeara, the reader will notice. Dhá shiolla, two syllables. I lár buill gach líne, in the entre of each line. Tagann le, fits, agrees with. Focal éin-tsiolla, a monosyllabic word. Líne 2. — leónadh, past, auton., was wounded. Cóghnach, for congnach (?), a helper, protector. Líne 3. — Toraidh, Tory Island. Líne 4. — Ó bhord Inse hEoghain, from the border of Inishowen. Líne 5. — Cois Feóire, beside the Nore. Líne 6. — Ceó-bhrat, a mist-pall, darkness. Corann, a bar. in Co. Sligo. Líne 7. — Mar torcradh a mbláth, their flower, chief, has been laid low. Líne 9. — Eólgach, a mean of learning. I rolla na bhfáidh, in the list of prophets (poets). Líne 10. — Comhairleach, an adviser. I gcóraigh, in council. I spáirnn, in conflict. Líne 11. — N-a chogur, in his whisper, advice.
Líne 12. — An pól theas (deas san L.Scr.), the south pole. Bheir solus, which gives light to everybody. Líne 13. — Do nóis mhaith, your good custom. O'Reilly gives nóis as a head-word as well as nós, the more usual form. The word is pro- bably also fem. Mar thosach ar lá, as a beginning for the day. Líne 14. — Cóip bheannuidh, san L.Scr., a holy company. Ag moladh na dtráth, reciting the canonical hours. Líne 15. — Beóir Sieic, (?) sack. Dá scoradh, being carved. Líne 16. — Dá sporadh, being provoked, excited. Líne 17. — Cia gheobhas, “who will be able to defend the right for everybody henceforth?” Líne 19. — Dá mbronnadh, on whom (he) used to be- stow much. In MS literature, bronn is followed by do. Líne 20. — Ór-chiste an Óird, the gold-treasure of the order (clergy); ór-chiste is nom. to mbronn- adh in preceding line. Líne 21. — Dá madh deóra rosc, “if an ocean were tears of eyes,” if we wept an ocean of tears. Ní choiscfadh ár gcrádh, it would not stop our sorrow. Líne 22. — Órnaighe for urnaighe, a prayer. Líne 23. — Ag Tobar na nGrás, at the Fount of Grace, i.e., in Heaven. Líne 24. — Déan treóir, guide, verb. A Eilionóra, Eleanor, a woman's name. She was probably his wife.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services