SEÁN Ó GADHRA, FILE. —VII.
IX.
Seo amhrán caointe do scríbh Seán ar
bhás Thoirdhealbhaigh Óig Mhic Dhonnchadha
dlightheóir cliste agus cabhruightheóir tréan
dáimhe is cléire le n-a linn féin. Tá an
t-amhrán so ar fagháil ar leathanach 47 de
leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmuda, is níor
casadh liom i n-éan-áit eile é.
“Amhrán” do réir mhéidreachta is eadh
an aiste bheag so. Amhrán ceolmhar is eadh
é leis — go deimhin tá ceól fé leith i ngach
líne dhe. Gluaiseann go céim-mhaordha gan
ró-ghlór is gan ró-scáth, féibh mar d'im-
theóghadh uiscí doimhne n-a lán-tsruth réidh.
Gach uair a léighim féin é, cuireann i
gcuimhne dham “Mo bhrón! mo cheó-tuirse
cléibh is croidhe!” an Chéitinnigh. Ní mí-
chosmhail leis é. Seo mar do ghabhann
méidreacht Sheáin:
Ní imthigheann aon atharrughadh air, acht
leanann sé dhon nós gcéadna tríd síos.
Leantar don amus ann leis ar chuma do-
chítar go ró-annamh i bhfilidheacht. Tabhar-
faidh an léightheóir fé ndeara trí focail go
bhfuil dá shiolla ionnta i bhfurmhór na línte.
Tagann an chéad shiolla de gach fhocal díobh
so leis na trí áitibh ar a luightar an guth i
dtosach is i lár buill gach líne. Tá
“Fódla”, “brónach,” is “osna” againn
san gcéad líne, agus “mór-shruth,” “Bóinne”,
agus “Toraidh” san trímhadh líne, agus mar
sin dóibh. Tá focal éin-tsiolla i ndeireadh
gach líne.
Tá Fódla go Brónach.
Tá Fódla brónac is osna n-a lár,
Ó leonadh a cóghnach tá a fuireann gan
áird
Ó mhór-shruth na Bóinne go Toraidh na
gceárd,
'S ó bhórd Inse hEoghain go Corcaigh na
mBárc.
Tá na slóighte cois Feóire gan codladh
go sámh,
Is ceó-bhrat ar do chomhfhogus ón gCor-
ann go tráigh;
Gach cóigeadh gan chomhairle, mar tor-
cradh a mbláth,
Toirdhealbhach Óg, mo bhrón-sa, Mac
Donnchadha ar lár.
Ba heólgach an mhór-fhlaith i siolla na
bhfáidh,
Ba comhairleach i gcóraigh, ba hOscar i
spáirnn;
Do bhí Hómer is Scótus n-a chogur de
ghnáth,
An pól theas 's an trópic bheir solus
do chách.
Do b'eol damh do nóis mhaith mar thosach
ar lá:
Cóip bheannuighth i gcló Laidne, ag
moladh na dtráth;
Beóir Sieic is feóil mháirt dá scoradh
ar clár,
Is ceólta na nódh-chrot dhá sporadh le
dán.
Cia gheóbhas an chóir feasta a chosnamh
do chách?
Biaidh deóraidh is geócaigh is bochta gan
áird;
Daoine óga gan pósadh, dá mbronnadh
a lán —
Ór-chiste an Óird, file, is cobhair na
ndámh.
Dá madh deóra rosc bóchna, ní choisc-
fadh ár gcrádh,
Is córa dhúinn órnaighe, is obair gan
smál;
Tá Toirdhealbhach Óg fá ghlóir ag Tobar
na nGrás;
Deán treóir, a Eilionóra, 'gur cosain
an áit.
X.
Thárlaidh, uair, gur ghoirtigh duine éigin
cos Sheáin. Ní fios cionnus ar thuit so
amach; acht ní fuláir nó leónadh go maith í,
mar bhí, do réir a chainnte féin, “loitthe
go cnámh isteach.” Seo thíos giota a chuir
file eile, dar bh'ainm Brian Ó hEadhra, ag
triall air, ag comh-bhuaidhreamh leis i dtaobh
a luit, is níor dhearmhaid gan cúrsa beag
grinn a tharraing chuige ar mhaithe le Seán.
Dubhairt Brian, mara gcneasóghadh an lot
gan mhoill, go raghadh sé féin ag giollaidh-
eacht do Sheán, ag iomchur málaí dhó, is go
siubhlóidís Éire n-a mbacaigh. D'fhreagair
Seán é, agus dubhairt, ar shon go raibh an
cás go dona aige, go raibh sé socruighthe
ar dhul san tsiubhal le cois Bhriain, agus go
gcuirfadh fothrom na n-úirlisí a bhéadh ar
iomchur ag Brian a leithéid d'eagla ar
mhnáibh tighe nár bhaoghal ná go bhfuighidís a
gceart.
Tá an dá ghiota so ar fagháil ar leath-
anach 48 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiar-
mada. Is maith an sompla iad ar an
ngreann a bhíodh ar siubhal i measc na
bhfilidhe céad go leith nó dhá chéad bliadhain
ó shoin. B'in í an uair n-a raibh an greann
go flúirseach san nGaedhilg. Nach é an
chreach é a bhfuil caillte againn de!
Dálta méidreachta an dá ghiota so, gabh-
ann chuid Bhriain Uí Eadhra mar seo:
…
agus freagra Sheáin mar seo:
…
Ní dhearnaidh éinne aca atharrughadh ar a
mhéidireacht. Ní fuláir, amh, blas Chúige
Chonnacht a chur ortha an uair bhítea gá
léigheamh nó gá rádh, nó caillfar a lán dá
milseacht.
GLUAIS.
IX.
Amhrán caointe, an elegy; Ruaidhrí Mac Diarmada's
title over this poem in his book runs: “For
Councilr. Mac Donogh a Lamentation.” It is
certainly one of the finest pieces that Seán wrote.
Perhaps some reader would give us information
concerning Mac Donogh.
Dlightheóir cliste, an expert lawyer.
Dáimhe is cléire, of the poets and clergy.
“Amhrán” de réir mhéidreachta, an amhrán according
to metre.
Go céim-mhaordha, stately, of majestic bearing.
Gan ró-scáth, without excessive fear, reserve.
Ní mí-chosmhail leis é, they are much alike.
Ní imthigheann, there is no change in it.
Amus in modern metres is a good deal broken up. In
perfect amus the words bearing the stressed
syllables should have the same number of syl-
lables.
Tabharfaidh an léightheóir fé ndeara, the reader will
notice.
Dhá shiolla, two syllables.
I lár buill gach líne, in the entre of each line.
Tagann le, fits, agrees with.
Focal éin-tsiolla, a monosyllabic word.
Líne 2. — leónadh, past, auton., was wounded.
Cóghnach, for congnach (?), a helper, protector.
Líne 3. — Toraidh, Tory Island.
Líne 4. — Ó bhord Inse hEoghain, from the border of
Inishowen.
Líne 5. — Cois Feóire, beside the Nore.
Líne 6. — Ceó-bhrat, a mist-pall, darkness.
Corann, a bar. in Co. Sligo.
Líne 7. — Mar torcradh a mbláth, their flower, chief,
has been laid low.
Líne 9. — Eólgach, a mean of learning.
I rolla na bhfáidh, in the list of prophets
(poets).
Líne 10. — Comhairleach, an adviser.
I gcóraigh, in council.
I spáirnn, in conflict.
Líne 11. — N-a chogur, in his whisper, advice.
Líne 12. — An pól theas (deas san L.Scr.), the south
pole.
Bheir solus, which gives light to everybody.
Líne 13. — Do nóis mhaith, your good custom. O'Reilly
gives nóis as a head-word as well as nós,
the more usual form. The word is pro-
bably also fem.
Mar thosach ar lá, as a beginning for the day.
Líne 14. — Cóip bheannuidh, san L.Scr., a holy company.
Ag moladh na dtráth, reciting the canonical
hours.
Líne 15. — Beóir Sieic, (?) sack.
Dá scoradh, being carved.
Líne 16. — Dá sporadh, being provoked, excited.
Líne 17. — Cia gheobhas, “who will be able to defend the
right for everybody henceforth?”
Líne 19. — Dá mbronnadh, on whom (he) used to be-
stow much. In MS literature, bronn is
followed by do.
Líne 20. — Ór-chiste an Óird, the gold-treasure of the
order (clergy); ór-chiste is nom. to mbronn-
adh in preceding line.
Líne 21. — Dá madh deóra rosc, “if an ocean were
tears of eyes,” if we wept an ocean of
tears.
Ní choiscfadh ár gcrádh, it would not stop our
sorrow.
Líne 22. — Órnaighe for urnaighe, a prayer.
Líne 23. — Ag Tobar na nGrás, at the Fount of Grace,
i.e., in Heaven.
Líne 24. — Déan treóir, guide, verb.
A Eilionóra, Eleanor, a woman's name. She
was probably his wife.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11